OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Múscail do Mhisneach a Bhanba!

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhí Pádraigín Haicéad beo san am gcéanna le Seathrún Céitinn — sa chéad leath den seachtú haois déag. Ó thaobh na filíochta de ní raibh sé ar aon chéim leis an gCéitinneach ach tá i bhfad níos mó den mhothú pearsanta le brath ar a shaothar. Tá cnúsach cuíosach mór filíochta againn uaidh. Bhí dúil mhór aige i gcainnt chasta agus is deacair é a thuiscint ar uairibh. Mar sin féin tá éifeacht agus uaisleacht agus géar-mhothú ina chuid dánta. Ón dán grá a cheap sé ag moladh Mháire Tóibín le linn a óige go dtí an aoir lán de ghangaid dá naimhde eaglasta a chum sé ag deireadh a shaoil chuir Pádraigín a chroí iontu uile. Ina shaothar, nochtann sé a mheón féin dúinn agus tá cur síos leanúnach aige ar chúrsaí a linne a chuireann go mór lenár dtuiscint ar stair na tíre.

Bhí ceangal rí-dhlúth riamh idir filíocht na G’ilge agus an córas polaitíochta agus soisialta in Éirinn. Oifigeach stáit, ar aon chéim lena thaoiseach, ab ea an file sa tsean aimsir. Ar ndóigh bhraitheadar ar a chéíle – an file ag brath ar thuarastal ón dtaoiseacht agus an taoiseach féin taobh leis an bhfile mar bholscaire. Tá na tubaistí móra polaitíochta i stair na hÉireann le sonrú sa litríocht. B’é Cath Chionn tSáile, sa bhliain 1601, an tubaiste ba mhó a bhuail Éire riamh. Chuir an cath san deireadh leis an seanord Gaelach. Díbríodh agus maraíodh na huaisle a raibh na filí ag brath orthu mar phátrúin. Dá dheasca san scaoileadh, den chéad uair, an greim daingean a bhí ag na ‘filí le hoidhreacht’ ar an litríocht. Ní gá ach féachaint ar shloinnte na bhfilí móra san aois chinniúnach san – Céitinn, Feiritéir, Mac Gearailt agus Haicéad, chun é sin a thuiscint. Seana Ghaill iad san ar fad. Cinnte bhí filí le sloinnte Gaelacha i measc na bhfilí aitheantúla ach taobh amuigh de Ó Brúdair níor bhaineadar siúd leis na seanshleachta fileata.

Thug na filí nua seo téamaí ura isteach sa bhfilíocht. Taobh istigh de achar gearr bhí ‘traidisiún nua’ faoi lán seoil, traidisiún a raibh a fhoirmeacha agus a choinbhinsiúin féín aige. Ach ní, de dhroim oíche, a eascraíonn cineálacha nua filíochta de ghnáth agus deir Seán Ó Tuama i dtaobh na bhfilí seo agus a gcuid filíochta: "Is é is dóichí go raibh filí dá leithéidí seo ag fónamh, chomh maith, i rith ré na mbard, ach nár bhain siad aitheantas amach dóibh féin sna duanairí oifigiúla. Is le titim an tseanoird, más ea, a thagaimíd den chéad uair ar fhlúirse den fhilíocht aiceanta i lámhscríbhinní."

San am gcéanna ní mór dúinn a mheabhrú go raibh eolas ag cuid desna filí seo ar litríocht tíortha eile. Chaith cuid acu, Céitinn agus Haicéad ina measc, tréimhsí fada ag déanamh staidéir ar an Mór-roinn. Thugadar téamaí nua isteach sa Gh’ilge agus tharraingíodar súile muintir na hÉireann i dtreo na hEorapa chomh maith. Téama nua tábhachtach a thugadar isteach, bhain sé le hÉirinn féin. Ag breathnú siar dóibh ar a dtír dhúchais ó ardán na Mór-roinne, shamhlaíodar Éire mar aonad amháin polaitíochta. Tá an téama seo le feiscint arís is arís eile i bhfilíocht Phádraigín Haicéad. Ceithre chéad bliain ó shoin thuig sé cad a bhí le déanamh. Chuir sé mar seo é in "Éirghe mo Dhúche le Dia:"

Caithfidh fir Éireann uile

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Ó aicme go haonduine

I dtír mbreic na mbinncheann slim

Gleic ‘na timpeall nó tuitim.

Má’s rochtain arís anall

Don druing úfásaigh eachtrann

A neart dá ria i ngléire grinn

Ní bhia Éire ina hÉirinn.

Rugadh Pádraigín Haicéad i gCaiseal na Mumhan timpeall na bliana 1600. Ceaptar gur cailleadh a thuismitheoirí go luath ina shaol agus gur comhartha de sin an -ín a ghabhann lena ainm baiste. Cibé ar bith faoi sin, bhí Eamonn Buitléir, Tiarna Dhún Búinne, ina chara buan agus níos déanaí ina phátrún dhó ó aimsir a óige. Bhí ard mheas aige ar Éamonn go lá a bháis. Chrom Pádraigín ar fhilíocht a chumadh go luath ina shaol agus tá dán againn uaidh faoin dáta 1622. Thosaigh sé ag freastal ar scoil d’ Ord San Dominic i gCaiseal sa bhliain 1625. Ina dhiaidh sin cuireadh go Cúil Rathain é chun tuilleadh staidéir a dhéanamh. Sa bhliain 1628 seoladh go dtí Louvain é mar ar oirníodh é timpeall na bliana 1632.

Is léir óna chuid dánta gur bhraith sé Éire go mór uaidh agus é thar lear -"Atáim uait i gcríochaibh ciana—- le seacht ngeimhribh marbha amuich." Agus arís "Isin bhFrainc im’ dhúiseacht dam In Éirinn Chuinn im’ chodladh." Séard atá á rá aige go mbíonn sé sa bhFrainc i rith an l’ ach nuair a thiteann a chodladh air téann sé ar ais go hÉirinn. Féach go bhfágann sé ‘Frainc’ lom ach go bhfuil ‘Éirinn Chuinn’ aige ag tabhairt le fios dúinn cá bhfuil a ghrá. Ba ghnáth leis na dánta a chur ag triall ar an mBuitléarach.

D’fhill sé ar Chaiseal i 1634 agus chuaigh sé chun cónaithe sa mhainistir. Nuair a d’éirigh na G’il amach i 1641, scríobh Haicéad "Éirghe mo Dhúche le Dia". Ag tagairt don dán seo deir Breandán Ó Buachalla: "Ní móide gurbh é an Haicéadach an chéad Éireannach a d’áitigh go raibh lámh Dé san obair ach is é is fearr ar éirigh leis an nath úd a ghléasadh le friotal chomh fileata, chomh reiligiúnda sin." Nuair a tháinig an scoilt sa ‘Confederation’ in 1646, idir na ‘Sean Gh’il, arbh fhonn leo troid ar son saoirse agus creidimh agus na Nua Ghaill ar mhaith leo réiteach leis an rí, ghabh Pádraigín leis na Sean-Gh’il — le hEoghan Rua Ó Néill agus Rinuccini. Sea, chuaigh sé i gcoinne na mBuitléarach ach bhí Éamonn fén bhfód fán am so. Scríobh sé "Múscail do Mhisneach a Bhanba" sa bhliain 1646, ag spreagadh na nGael chun troda agus ag ionsaí na bhfeallteoirí a thréigh an chúis. Is brea an píosa filíochta é.

Tháinig Cromuil go hÉirinn i 1649 and ruaigeadh Pádraigín ar ais go Louvain. Chaith sé na trí bliana deireannacha dá shaoil ag troid le Proibhinseal na mainistreach, an tAthair Liam de Búrca. Deirim-se leat nárbh aon dóichín Pádraigín. Pléifimíd a chuid filíochta níos doimhne lá éigin eile.

Fuaireas scéala nách fónta an tseachtain seo caite. Tá siopa leabhar Aingil Ní Chartair dúnta. Ba scrín againn é. Théimís ar oilithreach ann cúpla uair sa bhliain. Mothóimíd uainn go géar é. Táim fíor bhuíoch de Aingeal as an dtacaíocht a thug sí dom ar feadh na mblianta. Murach an tacaíocht san ní bheadh an píosa seo le léamh agaibh. Go raibh rath agus séan ort Aingeal.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese