OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Na Mairbh a D’fhill

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Mharaigh ceithre phléascán 33 duine, i mBaile Átha Cliath agus i mbaile Mhuineacháin, ar an 17 Bealtaine 1974. Gortaíodh na céadta. Pléascáin shioncrónaithe ab ea iad. Phléasc na trí cinn i mBÁC ceann i ndiaidh a chéile laistigh de 90 soicind. Uair go leith ina dhiaidh sin phléasc an ceann i Muineachán; rud a dhírigh aird na bhfórsaí slándála ar an mbaile sin agus a thug caoi dona marfóirí éalú ó thuaidh. Thug mionchruinneas agus proifisiúntacht an ghnímh le fios dona heolaithe míleata nach rabhdar ag plé le hamaitéaraigh. Níor chreid éinne go raibh an sórt san sofaisticúlachta ag an UVF, ná ag aon dream paramíleatach eile. Dá mbeadh féin ní bheidís in ann gníomh chomh ilchasta a bheartú agus a chur chun críche i ngan fhios don RUC agus na fórsaí eile slándala ó thuaidh. Creideadh go forleathan go raibh lámh ag an SAS sa bheartaíocht ó thosach.

Coicís ó shin bhíos ag léacht a thug Don Mullan in Ó Lunny’s i Manhattan. Bhí sé ag seoladh a leabhar nua "The Dublin and Monaghan Bombings, The Truth the Questions, The Victims’ Stories." I 1997 d’fhoilsigh an tUasal Mullan an leabhar corraitheach "Eyewitness Bloody Sunday, The Truth." Bhí páirt nach beag ag an leabhar san in athoscailt an fhiosrúcháin ar Dhomhnach na Fola i nDoire tamall ó shin. Le cúnamh Dé cuirfidh an leabhar nua seo d’fhiachaibh ar Rialtas na hÉireann féachaint arís ar cad a tharla ar shráideanna Bhaile Átha Cliath an lá úd fadó agus, rud níos tábhachtaí fós, ar cad nár tharla ar feadh na mblianta taréis an áir. Dlitear an méid sin dona daoine bochta a maraíodh agus dóibh siúd a fágadh tromghonta i gcorp agus in aigne. Cúig bliana fichead taréis an uafáis is beag nach mithid don Rialtas cuntas cruinn a thabhairt don phobal ar an scéal mar is mór atá le freagairt acu.

Is iriseoir gairmiúil é Don Mullan a thugann freagraí tomhaiste ar cheisteanna casta. Tá sé dáiríre infhiúchach áititheach. Tá miontaighde déanta aige ar gach gné den scéal. Níl na freagraí go léir aige, mar a admhaíonn sé féin, ach cruthaíonn sé pictiúir sothuighte scanrúil dúinn agus ardaíonn sé ceisteanna suaiteacha. Mar shampla bhí ainmneacha na ndaoine a leag na pléascáin ag na gárdaí go luath. Dúirt Bertie Ahearn féin blianta ó sin go raibh madraí na sráideanna ag tafann ainmneacha na marfóirí. Dúirt foinse iontaofa liomsa go raibh fiú pictiúir ag na gardaí de chuid acu ag tiomáint aduaigh. Thug na Gárdaí na hainmneacha dona fórsaí slándála ó thuaidh mar aon le smiongar na bpléascán. Bhí saotharlann níos cumasaí acu ó thuaidh, dúirt siad. Tá go maith, ach cheapfá go labhróidís le Ceannsaí a saotharlainne féin, Dr. Séamus Ó Donnabháin, i mBÁC, sul a gcuirfidís na píosaí ó thuaidh. Níor labhair. Ansan, tuairim is trí mhí taréis na bpléascthaí tháinig maolú ar an bhfiosrú a bhí ar siúl ag na Gardaí agus i ndiaidh a chéile d’éiríodar as ar fad. Fágadh gaolta na marbh agus na cithréimigh i Liombó. Cen fáth? Dúmhal? Eagla? Is deacair a rá ach tá tuairimí láidir ag Mullan.

Taispeánann sé go raibh baill airithe dena Garda Síochána snaidhmthe faoi rún leis an RUC agus níos mó ná duine amháin acu ag tabhairt fáisnéis íogair don SAS i rith an ama. Bhí baint nach beag ag an gclaonphairteachas so le cad nár tharla, dar le Mullan. Rud eile a bhfuil tábhacht mór ag baint leis agus a thugann an t-údar chun solais, an ceangal láidir a bhí idir eagraíochtaí airithe paraimíleatacha, mar an UVF, agus arm Shasana. Creideann sé go raibh lámh ag an UVF gan dabht ar bith sa ghníomh agus go bhfuair siad cabhair. Ar ndóigh i 1993 d’admhuigh ceannairí an UVF gurbh iad féin amháin a bhí cionntach san ár.

Spéisiúil go leor níor tháinig an admháil seo uathu go dtí gur chraol Yorkshire Television an scannán fáisnéise "Hidden Hand: The Forgotton Massacre." De réir an chláir, bhí Lucht Faisnéise Míleata Shasana taobh thiar dena pléascanna. Thugadar cabhair don UVF. Fara sin thug an clár ainmneacha daoine a bhí páirteach sa ghníomh. Creideann go leor daoine gur chuir an SAS brú ar an UVF an admháil a dhéanamh chun an milleán a chur óna ndoras féin. Ag trácht ar an gclár agus na liomhaintí claonpháirteachais dúirt Conor Cruise Ó Brien: "There is nothing implausible about these allegations, which have been going around for years, but neither is there coercive evidence in their support." Nach aisteach na focail iad "nothing implausable." Ag trácht ar Conor, leagadh ceann desna pléascáin lasmuigh de dhoras na hoifige ina raibh sé ag obair. Cuireadh ceann eile gar don Dáil. Creideann Don Mullan go raibh na Sasanaigh ag tabhairt foláirimh dóibh.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Tógann an leabhar ceisteanna móra atá fós le freagairt ag iar-fheidhmeannaigh agus poiliteoirí airithe de chuid na hÉireann. Ní mór an gaol idir na Gardaí agus an RUC a scrudú go géar. Ó thaobh Shasana de, cé gur breá leo iad féin a thaispeáint ós comhair an domhain mar idirghabhálaithe macánta idir dhá dhrong spairneacha sna sé chont’, bréagnaíonn a ngníomhartha a mbriathar. Is minic cheanna a cuireadh líomhaintí claonpháirteachais ina leith ach sa chás seo tá carn mór fianaise imthoiscí bailithe ag an Uasal Mullan. Muna spreagann an leabhar seo Rialtas na hÉireann chun gníomhaíochta, ar a laghadh bíodh sé ina chloch i leacht na dtruán bochta dearmadta.

Ceannaigh cóip. Dúirt Owen Rodgers liom go raibh cóipeanna le fáil ó Emma, ag 212-334-8769. Tá na ríchíosanna go léir ón leabhar ag dul go dtí "Justice for the Forgotten Campaign."

Fogra ó Liam Guidre Daltaí na G’ilge: Tá an-áthas orainn faisnéis a thabhairt dhaoibh faoi CD nua ó chara mór Dhaltaí na G’ilge , Pádraig Mac A’ Ghoill. CD filíochta Gh’ilge atá ann, agus ceol le Bríd Ní Chostelloe. In éineacht leis an CD tá leabhar le téacs na ndánta agus aistriúchán Béarla. Tá gach eolas le fáil tríd an nasc thíos: http://www.daltai.com/siopa/siopa.html

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese