OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Naomhsheanchas Cholm Cille

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Na l’thanta seo tá an-mheas ar an naomhsheanchas. Suas go dtí caoga bliain ó shin, lasmuigh de scoláire nó beirt, níor tugadh aon cheann do. Tuigtear anois go bhfuil carn mór staire faoi cheilt ann. Deir Pádraig Ó Riain, duine desna mór-scoláirí a bhíonn ag plé leis an ábhar, go bhfuil a lán eolais faighte cheana féin ag na staraithe, "go háirithe i gcás na gceall ar scríobhadh na naomhscríbhinní iontu."

"Na héifeachtaí is mó a théadh i bhfeidhm ar an naomh scríbhinn," deir sé, "pé acu beatha nó cnúsach ginealach nó an féilire féin í, is iad leis a bhíodh ag cur isteach ar mhuintir na cille ar scríobhadh inti í, ag am a cumtha. É seo, ar ndóigh, faoi deara cló na bolscaireachta a bheith chomh minic sin ar an naomhscríbhinn." Sé sin le rá go mbíonn polaitíocht na haimsire le sonrú iontu. Scríobh Pádraigh Ó Riain an leabhar údarásach "Beatha Bharra."

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar na naomhscríbhinní chun é sin a thuiscint. Tá bolscaireacht ar son eaglais Ard Mhaca le feiscint go soiléir sna tuairiscí ar bheatha Phádraig le Muirchú agus Tíreachán san seachtú haois, mar shampla. Ag deireadh na haoise sin, isea scríobh Adomnán, Vita Columb’, an cur síos is sine atá againn ar Cholm Cille. Is ar Oileán Í a scríobhadh an Vita agus tá cúrsaí comhaimsireachta le léamh uirthi ach beagán den chúlra a bheith agat. "Is léir uirthi ( Vita) go raibh Adomnán ag scríobh mar ab na mainstreach, agus cuspóir aige a chomhluadar manach a aontú in ómós dá bpátrún" — Máire Herbert Léachtaí Cholm Cille XV. Déanann Máire doimhin staidéar ar Cholm Cille agus na naomhscríbhinní a bhaineann leis ina leabhar tábhachtach "Iona Kells and Derry, The History and Hagiography of the Monastic Familia of Columba."

Bhí an "Vita Columb’" mar fhoinse ag gach insint eile ar shaol an naoimh as san amach agus bhí go leor díobh ann. Bhí Adomnán féin faoi thionchar traidisiúin naomhsheanchais na tréimhse agus dá bharr sin tá an Vita roinnte ina trí chuid. Baineann an chéad chuid le tairngireachtaí, an tarna cuid le miorúiltí agus an triú cuid le físeanna an naoimh. Tá tuairiscí beathaisnéise scaipthe tríd síos. Taréis an Vita, is í Beatha Choluim Chille a luaitear le Mánas Ó Dónaill an Bheatha is mó cáil díobh. Baineann an lámhscríbhinn seo le deireadh an seú haois déag agus tá an bheatha seo ar na téacsanna is faide dá bhfuil againn. Ach bhí beatha Mheán-Gh’ilge eile roimis sin ann gur fiú trácht uirthi.

Ó fhianaise na teangan deir Máire Herbert go mbaineann an bheatha so leis an tréimhse idir an naoú agus tús an dara haois déag. "Ba mhór idir an tréimhse sin agus tréimhse chumtha an Vita Columb’." "I ngeall ar ionsaithe na Lochlannach ar Oileán Í, bunaíodh mainistir Cheanannais mar dhídean agus mar áit shábháilte do thaisí luachmhara an oileáin," Máire Herbert, i mBeatha Mheán-Gh’ilge Cholm Cille. Faoin deichiú haois ba í Ceanannas príomh-mhainistir an Naoimh; ab Cheanannais a bhí mar Chomharba Cholm Cille.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Ach ní i gCeanannas ach i nDoire a scríobhadh an lámhscríbhinn seo, de réir dealraimh. Sé rud a rinne an t-údar ná na tuairiscí beathaisnéise as an Vita a chur le chéile go croineolaíocht. Murab ionann is an Vita, leagann sé an bhéim ar an tréimhse a chaith Colm Cille in Éirinn agus ar na mainstreacha a bhunaigh sé le linn an ama sin. Ar ndóigh, agus is rud tábhachtach é seo, tá eolas sa Bheatha faoi bhunú mainistreacha nách bhfuil sa Vita. Mar shampla, níl fianaise ar bith sa Vita gur bhunaigh Colm Cille aon mhainistir seachas Durmhagh, sul ar fhág sé Éire. Ach luann an Bheatha slua díobh, cuid acu siúd nár bunaíodh go dtí i bhfad taréis aimsir Cholm Cille. Doire an chéad mhainistir a bhunaigh sé, de réir na Beatha so. An raibh cuspóir rúnda ag an údar?

Bhí na deoisí á mbunú, i nÉirinn, ag am cumtha na beatha. Smaoinigh go mbeadh cathaoir easpaig agus cumhacht nách beag ag dul do chomharba Cholm Cille. Timpeall an ama seo freisin, thosnuigh gluaiseacht ar son leasú na heaglaise. Bhí Doire páirteach sa ghluaiseacht so. De dheasca achrainn agus cogaí, laghdaíodh ar chumhacht Cheanannais sa dara haois déag nuair a bhí cáil Dhoire ag méadú.

Sa bhliain 1137 toghadh ab Dhoire, Giolla Mac Liag, ina cheann ar phríomheaglais na hÉireann, mar chomharba Phádraig in Ard Mhacha. Ghlac Doire áit Cheanannais mar cheann ar an paruchia sa bhliain 1150 de réir na n-annála, nuair a toghadh Flaithbheartach Ua Brolcháin ina chomharba Cholm Cille, cé go raibh an teideal san fós ag ab Cheanannais. "Is cosúil gurb é an phríomh-aidhm a bhí laistiar den ghabháil cumhachta seo ná aidhm na leasaíochta" — Máire Herbert.

Thuigeadar go raibh traidisiún á bhriseadh acu ar shlí, ach chreideadar go raibh leathnú na leasaíochta níos tábhachtaí ná aon rud eile. Ansan uair éigin taréis 1150 chuadar i mbun na bolscairteachta ionas go nglacfaí leis an mbeart a bhí curtha chun críche acu. Chun údarás breise a thabhairt don scríbhinn cuireadh rann isteach inti, rann ag cur síos ar an ngrá mór a bhí ag Colm Cille do Dhoire. Cuireadh na focail i mbéal an naoimh.

Is aire caraim Dairi

Ara reidhi, ara ghlaini,

Ar is iomlán aingeal bhfinn

On chinn co ric araile.

(Sé fáth go bhfuil grá agam do Dhoire, de bharr a réidhe agus a ghlaine, Agus de bharr go bhfuil sé lomlán de aingil ó thaobh amháin go dtí an taobh eile.)

Tiomnaím an píosa seo do Molly agus Soisear McCionnaith. Is as Doire do Shóisear agus tá grá mór aige dá chathair dhúchais. Ádh mór!

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese