OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Nollaig 1591

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Go dtí 1587, bhí Fear Ionaid an rí, Sir John Perrot, lán sásta le hAodh Dubh Ó Domhnaill, Taoiseach Thír Chonaill. Sa bhliain sin thárla eachtra a chuir dílseacht Aoidh i gceist. Chuir sé an ruaigh ar dhream oifigeach a tháinig ar cuairt oifigiúil chuige ó Bhaile Átha Cliath. Chuir an gníomh seo imní ar Sir John toisc a dheacracht a bhí sé smacht a choimeád ar Thír Chonaill; bhí an ceantar chomh fada sin ón bpríomh-chathair. Shocraigh sé ar scéim chun Aodh Dubh a choimeád faoi smacht.

Bhí mac ag Aodh Dubh, a bhí in aois a chúig bliana déag an uair sin agus bhí meas an domhain ag a athair air. Aodh Rua ab ainm dó agus mar dúirt Lughaidh Ó Cléirigh faoi; " Do ghabh sé, ámhach, ar fhás agus ar fhorbairt ar aoibh chrotha agus chaoimhdhéanmha, ealadha agus urlabhra, eagna agus éargna, ionnfháis agus oirbheartais gur leath a ainm agus a alladh fá chúig cúigibh Éireann idir Ghallaibh agus Gh’laibh fiú amháin sul a ráinig sé tar aois macdachta agus do chóimhlíon chúig bliana déag." Ansan nuair a chuala Perrot go raibh lámh agus focal idir Aodh Rua agus iníon le Aodh Ó Néill féin mhéadaigh go mór ar an imní a bhí air cheana féin. Cheap sé seift chun é a ghabháil.

Bhí Aodh, ag an am, ar altramas ag Eoin Mac Suibhne, tiarna Fhánada. Lá amháin, i Mí Meán Fomhair, 1587, tháinig long mhór fá sheol isteach i Loch Súilí agus tháinig sí chun ancaire ós comhair Rath Maoláin amach. Bhí bairillí fíona le feiscint ar bord. Thug an capt’n cuireadh do Mhac Suibhne, dá lucht leanúna agus dá mhac altrama teacht ar bord chun an fhíon a bhlaiseadh. Níor ghá an tarna cuireadh. Bhí féasta mór acu. I lár an fhéasta tháinig buíon fear armtha aníos as íochtar na loinge agus gabhadh na hÉireannaigh. Scaoileadh saor go léir iad ach amháin Aodh. Ardaíodh ancaire agus cuireadh amach fén bhfarraige agus ní dhearnadh stad ná staonadh gur shroiseadar Baile Atha Cliath.

Cuireadh Aodh fé ghlas sa Chaisleán. Thug sé ceithre bliana ann. I 1590 rinne sé iarracht ar éaló ach theip air. Tráthnóna L’ Nollag, 1591, d’éirigh le Aodh agus Éinrí agus Art Ó Néill na slabhraí a bhí á gceangal a bhaint díobh le líomhán. Ligeadar iad féin anuas le fallaí an Chaisleáin le bráillíní ceangailte dá chéile. Bhí an aimsir fuar agus bhí sé ag cáitheadh sneachta. Bhí giolla ag feitheamh leo agus bhí bróga aige dóibh mar bhíodar cosnochta. Bhí capaill le bheith aige freisin ach theip air iad a fháil. Mar bharr ar an mí-ádh chuaigh Éinrí ar str’ uathu sa doircheacht ach mar sin féin d’éalaigh sé amach as an gcathair agus ar ais go Cúige Uladh.

Ghluais an triúr eile go haireach amach as an gcathair i dtreo Shléibhte Chill Mhantáin. Bhí Art tuirseach lag ón bhfuacht agus ón bpriosún agus ní raibh sé in ann coimeád suas leis an mbeirt eile. B’éigin dóibh ar deireadh é d’ iompar. Chuireadar an sliabh díobh ar an gcuma san ach bhíodar sáruithe faoi mhaidin. Ní raibh iontu siúl níos sia. Cuireadh an giolla ar aghaidh go dtí Gleann Maoiliúra le cabhair a fháil ó Fhiach Mac Aodha Ó Broin, agus d’fhan an bheirt agus a ndrom le carraig gan fothain gan dídean. Chaitheadar dhá oíche mar sin amuigh ar an sliabh lom gan bia ná teas. Bhí an sneachta ag titim go tiubh ar feadh an ama.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bhí brat sneachta anuas orthu nuair a tháinig tarrthálaithe Fhiaich faoi dheireadh. D’fhilleadar i bpluideann iad agus thugadar bia agus deoch dóibh. Ba shaothar in aisce dóibh é i gcás Airt. Fuair sé bás agus cuireadh ar thaobh an tsléibhe é. Agus cé gur thánaig Aodh slán as, d’fhág an dá oíche úd a rian air. Bhí a dhá chois siocdhóite agus bhí coiscéim bacaí ann go lá a bháis. Taréis tamaillín a chaitheamh ag téarnamh i nGleann Maoiliúra thug sé a aghaidh ó thuaidh ar Thír Chonaill.

Ar an mbealach abhaile dó, thug sé cuairt ar Aodha Ó Néill i gCaisleán Dún Gheanainn. Ba chúis áthais d’ Ó Néill a theacht agus d’fhás cáirdeas dlúth agus conradh idir an bheirt. D’fhág sé Ó Néill agus ó thuaidh leis ag triall ar a cheantar féin, Tír Chonaill. Bhí Aodh Dubh ina shean-fhear lag faoin am seo. D’éirigh sé as ceannas Thír Chonaill agus toghadh Aodh Rua ina áit. Roimhe, bhí blianta fada crua crólinnteacha. Roimhe, bhí Cogadh na Naoi mBlian, Cath Bhéal an Atha Bhuí agus Cath Chionn tSáile. Taréis Chionn tSáile, 1601, d’imigh Aodh Rua go dtí an Spáinn le súil go bhféadfadh sé taithint ar Philib Rí na Spáinne cabhair a chur go hÉirinn arís. Laistigh de dhá mhí bhí sé marbh, ámh. Chreid na G’il riamh ó shin gurbh amhlaidh a lean spiaire de chuid Carew é agus gur thug sé nimh dhó. Ní raibh sé ach naoi mbliana fichead. É mo scél.

Tá bliain nua chugainn. Ag seo síos cúpla véarsa as an amhrán a chum Mícheál Ó Sé fadó. Aistriúchán scaoilte é ar Old Lang Syne a fuaireas sa ‘Gaodhal.’ Athbhliain faoi mhaise dhaoibh. Bhur leas róimh agus go mbeire sibh air. Is dúbhach mo smaointe anocht a ghean,

Cia bhíodh san tráth so sóch

Agus mire im’ chroí i l’thibh sean,

San am do bhíodh fadó.

Curfá

San am do bhíodh fadó a ghean,

San am do bhíodh fadó,

Nuair mhair an bhuíon lem thaobh nár fhan,

Is tá sínte lag ar feo.

Ní suairc mo chuimhne ar bhuíon do mheath,

Is tán san úir ar feo,

Ba ghnáth ‘na n-óige spórtach seal,

San am do bhíodh fadó. Curfá.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese