OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Nollaig 177

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhí uasaicme Shasana ag ól sláinte Howe go caithréimeach an Nollaig úd. Cén fáth nach mbeadh? Bhí na coilínigh i Meiricea beagnach faoi smacht aige agus gach seans go mbeadh Washington agus a raibh fágtha dá arm gafa aige laistigh de mhí. Bhí Benjamin Franklin ar a dhícheall i bParis ag lorg cabhrach dá chomhthírigh. Bhí na Francaigh ag cabhrú leo go rúnda ar feadh tamaill cheanna féin ach bhí géar-ghá anois le airgead, lón cogaidh agus saighdiuirí. Ba léir do Franklin nách rabhadar chun tuilleadh cabhrach a chur go Meiricea muna n-athródh cúrsaí míleata thall. Bhí míorúilt uathu.

Bhí Washington i gcampa i bPennsylvania ar bhruach na Deleware. Bhí an namhaid agus an geimhreadh ag brú isteach air. Faoina cheannas bhí timpeall 2,400 saighdiúir ochrach lagspridiúil. Ghoill easpa éadaí troma geimhridh go mór orthu agus bhí leath díobh cosnochta. Bhí an t-arm ar tí titim as a chéile. Bhéadh téarma liostála formhór na saighdiuirí istigh ar an 31, Nollaig agus muna n-athliostáilfidís bheadh Washington gan arm. Cad a bhí le deanamh? Troid nó géilleadh? Dáiríre ní raibh ach rogha amháin aige.

Deich míle síos uaidh, ar an dtaobh eile den abhainn, bhí Trenton agus an namhaid. Bhí tuairim is 1500 Heiseán faoi Choirneál Rall sa bhaile mór san. Bhuail smaoineamh Washington. Ba ghnáth leis na Heiseáin an Nollaig a chéiliúradh agus b’fhéidir nách mbeidís ag súil le hionsaí agus an aimsir chomh dona. B’fhéidir –.

Sé a chlog um thráthnóna, Lá Nollag bhí an t-arm ar paráid. Taréis na paráide mháirseáil na hoifigigh na saighdiúirí síos go dtí an caladh. Caladh McKonkey a thugtaí ar an áit. Bhí sé thar a bheith fuar. Bhí gaoth mhór anoir aduaigh ann agus bhí flichshneachta san ‘r. Bhí sé mar deirtí fadó ag cur sceana greasaí. Bhí John Glover agus a chuid máirnéalach ó Marblehead ag feitheamh i mbáid san abhainn rompu chun iad a fharadh go dtí an taobh eile. Báid, dachad troigh ar fhaid, den déanamh go dtugaidís Durham orthu. Bhí an abhainn lán de leach oighir briste agus bhí ag dul dian ar na máirnéallaigh na báid a láimhseáil. Bhí 2,400 fear, roinnt capall agus ocht nguna dhéag mhóra le tabhairt go dtí an bruach eile. Bhí Washington i gceann desna báid is túisce a chuaigh treasna agus shuigh sé ar bhosca ag faire go foighneach ar an obair. Faoina trí a chlog ar maidin bhí na saighdiuirí treasna. Ach anois bhí naoi míle slí le taisteal acu agus bheadh an ghrian ag éirí timpeall 6.20. An mbeadh an t-am acu? An mbeadh seans acu teacht aniar aduaigh ar na Heiseáin nó a’ mbeidís ag feitheamh leo.

Ar aghaidh leo i dtreo Trenton ag bog-shodar gur shroiseadar an crosbhóthar ag baile beag, Birmingham. Rinne Washington dhá chuid dá arm anso. Chuir sé leath amháin faoi cheannas an Genearál John Sullivan ar bothar na habhann agus an dream eile faoi cheannas an Ginearál Nathan’l Greene ar an mbóthar uachtarach. Shioncrónaíodar a n-uaireadóirí — sea bhí a leithéidí acu – agus thug Washington an pasfhocal dóibh – Bás nó Beatha. Ní dóigh liom go raibh fear amháin ina measc nár thuig brí na bhfocal san. D’fhan Washington le Greene agus bhuaileadar chun bóthair arís agus gaoth nimhneach anoir aduaigh á réabadh. Bhí an bóthar ina chlár amháin oighir. Tháinig teachtaireacht ó Sullivan á rá go raibh cuid mhór dá gcuid púdair fliuch agus dúirt Washington – "Usáid na beaignití." . "Caithfear Trenton a ghabháil anocht!"

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Bhíodar i bhfoisceacht dhá mhíle den bhaile mór nuair a stad an colún go tobann. Nuair a tháinig Washington suas go ceann an tslua bhí Greene ag labhairt le Richard Anderson, Capt’n ón 5ú Reisimint Virginia. Dob amhlaidh a chuir Gen Adam Stephen, buíon faoi cheannas Anderson treasna na habhann, gan chead ó Washington, chun eolas a bhailiú. Bhí troid ghéar acu leis na Heiseáin níos luaithe san oíche agus bhí ana bhród ar Anderson dá bharr. Dhóbair do Washington pléascadh le neart feirge. Cheap sé cinnte go mbeadh na Gearmánaigh ag feitheamh leo anois toisc gur chuir Anderson ar a gcoimeád iad. Ar ámharaí an tsaoil, a mhalairt ab fhíor. Bhí na Heiseáin ag súil le hionsaí ceart go leor ach nuair a ruaigheadh Anderson agus a dhream beag cheapadar gurbh ‘in an t-ionsaí a bhí i gceist.

Bhí an spéir ag gealadh san oirthear nuair a shrois na Meiriceánaigh Trenton. Bhí an Coirnéal Rall fós ina luí. Chaith sé an oíche ag ól agus ag imirt cártaí. Fuair sé rábhadh lá Nollag ó Gen. Grant go raibh rud éigin ar siúl ag na Meiriceánaigh. Fara sin, timpeall an mheán oíche, tháinig dílseoir ó Bucks County ag lorg Rall ach dúirt giolla go raibh sé gnóthach. Scríobh an feirmeoir seo nóta á rá go bhfacathas na Meiriceánaigh ag trasnú na habhann ag Caladh McKonkey. Bhí Rall fós ag imirt cártaí agus chuir sé an nóta ina phóca gan féachaint air.

Tuairim is a hocht a chlog ar maidin tháinig an dá cholún Mheiriceánacha amach as an gcoill ar bog-shodar agus d’ionsaíodar dhá cheann an bhaile mhóir. Gabhadh na fairtheoiri ach scaoil duine acu a ghuna agus scread "Der Feind. Der Feind. Heraus." Thosaigh na Heisiáin ag teacht amach as na tithe chomh mear is a bhí ina gcorp. Rith buíonn acu i dtreo na ngunnaí móra ach scaip Alexander Hamilton le caor ordanáis deadhírithe iad. Ghlan Henry Knox na sráideanna lena ghunnaí féin. Ghabh na Meireacánaigh na tithe agus thosaíodar ag scaoileadh faoi na Gearmánaigh ó na fuinneóga. Mar a dúirt staraí amháin , ar feadh uaire ba gheall le círéib mhór é.

D’éirigh le cuid desna Heisiáin éalú trasna na habhann ach ghabh Sullivan an droichead agus níor fágadh aon pholl ealaithe acu ansan. Rinne Rall sáriarracht na saighdiuirí a athchrinniú ach ba shaothar in aisce dó é. Agus é ag iarraidh iad a threorú isteach in úllort bhuail urchar sa chliathán é. Ba ghoin bháis dó í. Fuarthas an rábadh ón bhfeirmeoir ina phoca. Ghéill na Gearmánaigh go gairid ina dhiaidh sin. Maraíodh 106 Gearmánach agus gabhadh 868 sa troid. D’éalaigh b’fhéidir 400 acu. Goineadh ceathrar Meiriceánach agus níor maraíodh fiú duine amháin acu. Bhí a mhíorúilt ag Washington.

Lá Nollag agus sinn inár suí cois teine ár ngoradh féin smaoinímís ar na laochra cosnochta san. Bí deimhin de freisin go raibh roinnt G’ilgeoirí ina measc. Ar mo shon féin agus thar ceann lucht an Echo guím Beannachtaí na Nollag oraibh go léir.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese