OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Oidhe an Zenith

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Lá breá samhraidh, 27 Iúil, 1895, chuaidh triúr paisinéirí is fiche ar bord an Zenith, i gCuan Dor in Iarthar Chorcaí. Bhíodar chun turas l’ a thabhairt ar Bhaile an Tí Mhóir agus bhí fuadar chun na farraige fúthu. Bhí foireann seisir ar an mbád, fir a raibh taithí agus eolas acu ar chúrsaí farraige. Bád iascaigh, a raibh dhá chrann uirthi, ab ea an Zenith. Liúir, nó lugger i mBéalra, a thugtaí ar bhád den déanamh san. Tuairim is a dó a chlog um thráthnóna d’orduigh John Cambell, capt’n an bháid, na seolta a chrocadh. Bhí gaoth dheas seolta ann agus sheol sé an bád an cuan amach go haclaí. Ag béal an chuain chasadar siar. Taobh thiar díobh bhí tithe Chuan Dor ag lonrú faoi sholas na gréine. Bhí Micheál O Céileachair ag seinm ar a bhosca ceoil. Ba lá dá saol é. Ní fheicfeadh cuid acu Cuan Dor choíche arís.

Ghluaiseadar leo siar thart fá Stacaí na Tuaithe agus Oileán Dúnlaing mar a bhfuil leaba Dhiarmada agus Ghráinne agus na trí carraigeacha beaga idir an t-oileán agus an tír; na Trí Truslóga deir siad, a thug Diarmaid ón dtír amach, Gráinne ar a dhrom aige agus Fionn Mac Cumhail ar a dtóir. I bhfad siar uatha chonaiceadar an Charraig Aonair (Fastnet Rock) lena tigh solais. Deir Conchúr O Síocháin i ‘Seanchas Chléire,’ " go raibh an charraig sin faoi dhraíocht; agus go dtéadh sí uair sa bhliain, maidin L’ Bhealtaine, i bhfoirm loinge seoil, trí crainn uirthi clúdaithe le canfás, soir ag triall ar na Stacaí. Thugadh sí cogar dona Stacaí agus théadh sí thar n-ais ina háit féin arís. Bhíodh an turas san déanta roimh éirí gréine aici. Is é ainm a bhí an uair sin uirthi ná "Eala an Chairn Chiardhuibh." Ach ní ar an sean aimsir ná ar phiseóga a bhí lucht an bháid ag smaoineamh an lá breá úd ach ar an tráthnóna aoibhinn a bhí rompu.

Shroiseadar Cuan an Tí Mhóir gan dua tuairim is a sé iarnóin. Leagadar seolta, scaoileadar an bád calaithe agus chuadar i dtír ina ndreamanna beaga. Ní raibh slí sa bhád beag ach do sheisear. Daoine óga is mó a bhí ionta agus chaitheadar cúpla uair ag tógaint an aéir agus ag déanamh na rudaí gur mór le daoine óga a dhéanamh. Bhaineadar an-spórt as. Timpeall a naoi thosnaíodar ag druidim ar ais i dtreo an bháid. Bhí sé ag dul i ndoirceacht sul a rabhadar ar ais ar bord loinge. Chrochadar seolta agus thugadar a n-aghaidh ar an mbaile. Bhí Mícheál ag seinm agus daoine ag amhránaíocht. Bhí furmhór na bpaisnéirí ina suí timpeall faoin spéir ag éisteach leis an gceol. Cé go raibh an ghaoth ina cóir acu chun dul abhaile i dtosach, laghdaíodh uirthi i ndiaidh a chéile agus bhí an méan-oíche ann sul ar shroiseadar béal an chuain. Bhí dream, mná den chuid is mó, ag glacadh scíste thíos faoin deic. Thuigeadar go léir go raibh oíche fhada rómpu.

"Tabhair fiucadh don uisce agus déan braon t’ dona mnáibh," arsa duine éigin. Chuaigh an cócaire, John Walsh, síos chun an tine a lasadh ach tháinig sé ar ais gan é a dhéanamh mar nach raibh lasán aige. Fhaid a bhí seisean ar deic ag lorg lasán, las duine éigin an tine thíos. Go dtí an lá tá inniu ann níl fhios ag éinne cé las ach ar shlí éigin chuir sé an bád tré thine. Is amhlaidh a dh’usáidtí ola chun an tine d’adú agus ceaptar gur dhort an fear so ola ar an ndeic thíos. Chuaigh adhmad na deice tré thine. Na daoine thíos ba thúisce a thug faoi ndeara go raibh fadhb acu. Tháinig beirt acu aníos ag casachtaigh leis an ndeatach. Ach lean an ceol agus na hamhráin gur éirigh búirthé deataigh aníos. "Tá an bád tré thine" arsa duine éigin agus d’fhág Cambell an stiúr agus thug iarracht dul síos sa bhothán. B’fhánach an iarracht aige é mar bhí an bothán faoi bharr lasrach.

Chaith fear darbh ainm Jack Mac Cinnéide tamall ar a dhícheall le buicéad ag caitheamh uisce ar an dtine nó gur briseadh an buicéad. Bhí Cambell ag iarraidh scaoil na bpaisnéirí a chur ar gcúl agus iad a choimeád ciúin. D’ordaigh sé dhóibh fanúint socair agus gan dul san uisce. Chas sé an bád i dtreo na tíre. Ní rabhadar ach cúpla céad slat óna carraigeacha. Ghlaoigh sé arís is arís eile orthu gan dul san uisce ach níor thug dáiréag ón slua aon aird air agus chuireadar an bád beag san uisce. Bhíodar go léir ag iarraidh dul isteach inti agus ba ghearr gur iompaigh sí agus caitheadh isteach san uisce iad.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Níor tháinig ach triúr saor ón mbáidín. Rug daoine orthu agus tarraingíodh isteach sa bhád iad. Ach teimheal den naonúr ní raibh le feiscint. Chuaigh Mac Cinnéide isteach sa bhád beag agus thaosc í. D’éirigh leis roinnt daoine a thabhairt i dtír. Taréist tamaill chuir Cambell an bád mór suas ar na carraigeacha agus d’éirigh leis na daoine a bhí fós uirthi éalú ón dtine. Dá bhfanfadh na daoine bochta eile sa bhád seans go mbeidís go léir slán. Chonacthas na lasracha ó Inis Orcáin agus tháinig dhá bhád chun foirthint ortha. Tugadh isteach go Baile an Tí Mhóir iad. Ba mhór an difiríocht idir iad agus an dream aérach a d’fhág Cuan Dor an mhaidin roimis sin.

Cad é mar uafás an mhaidin dar gcionn. Thuit néal dubhróin ar an dtuaith mágcuairt. Cailleadh clann ar fad Uí Cheallacháin, Cáit a bhí le posadh an déardaoin dar gcionn, agus a trúir deartháir Mícheál, Seán agus Eoghan. Bhí iníon le Mac Cinnéide á rá liom féin gur tháinig a n-athair bocht chun cainnte lena hathair féin agus d’fhiafraigh sé de "Cad na thaobh nár thug tú fiú duine amháin acu slán chugainn?" Ag seo ainmneacha na ndaoine eile; Maighréad Ní Chéileachair 15, Liam De Búrca 17, Conchúr O hUrthuile, Tomás O Coileáin agus Donncha O Donnabháin a d’fhág bean agus ochtar clainne ina dhiaidh. Ó ghar-iníon Dhonncha, Cáit (Kitty) Ní Dhonnabháin, ó mo mháthair féin, ó Adrian Healy agus óna páipéir áitiúla a fuaireas na fírící seo thuas. Ar dheis lámh Dé go raibh siad uilig!

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese