Le Breandán Feiritéar
Eibhlín Phatsy Flint Ní Ghuithín – Neilí Pheig Sayers – Helen Copley -1911-1999.
Ní fuirist cur síos a dhéanamh ar Neilí Pheig Sayers. Ba dheacair aon chur síos uirthi féin a tharrac aisti, faid a bhí aon aithne agamsa uirthi, agus is minic a dheineas mo mhíle dícheall í chur ag eachtraí ar a saol féin. "That’s all gone now!" an freagra coitianta aici ar cheisteanna faoin a hóige ar an stocán cáiliúil mara úd mar a rugadh í. Ní fonnmhar a bhíodh sí, ach oiread, aon éachtaint a thabhairt uaithi ar mar a chonaic sí an saol i Springfield ó lár na bhficheadaí amach, nó fiú conas go rángaigh i Torrington, Conn. í. Agus do cheann lán de thuairiscí ar léaspairtaíocht agus ar líofacht cainte Pheig Sayers, ‘sé an chéad rud a rithfeadh leat nuair a bhuailfeadh Neilí leat ar dtúis ná nár thug sí léi aon chuid de bhuanna inste ná eachtraithe a máthar.
Bhíodh tráthanna ann ina comhluadar, mar sin féin, nuair a osclaíodh cómhla na cainte a bhí coinnithe faoi bholta aici ina h-aigne, lasadh a cuntanós agus thagadh aoibh an gháire uirthi agus ‘shiúd uaithi sruthanna glana de ráite suairce ón Oileán tSiar amach Bhíodh, an uair sin, a súile ag rinnce ina ceann agus a cosa ag steipeadaíl ar an úrlár, cé gur ina suí a bhíodh sí. Ach ba gheárr go dtagadh an mhóid a ghlac sí suas léi agus shleamhnaíodh an bolta thar nais ar an gcómhla agus bhíodh bua na muintire faoi ghlas. Ní thagadh ansan uaithi ach – "That’s all gone now!"
Ní bhíodh, ach oiread lena lán dá comhaoistí a chuaigh ar imirce, aon fhonn uirthi teanga na muintire a labhairt. Rud é seo a chuir iontas agus alltacht ormsa ina measc go minic ar dtúis. Ba léir go raibh an teanga acu, ba léir óna gcuid Béarla go raibh an teanga acu, ach dá gcuirfeá do thóin ar an dtine, ní labharfaidís dhá abairt di as a chéile leat. Is é mo thuiscint ar deireadh ná gur bhain teanga seo na muintire ina n-aigne leis an libhré a bhí orthu agus iad dall, ciotach, maolghualainneach ag teacht aniar dóibh imeasc an ghustail, an ard-fhaisin agus an bhinnebéil a bhí rompu mar ba léir dóibh fhéin . Ba mhara chéile í dóibh le gúna lom an bhóthair sall a dhein meaintín an bhaile, nó leis na bróga tútacha leathair a fhuaigh gréasaí an tsráidbhaile. Ní raibh le déanamh leo ar leacacha fhaiseanta, púncánacha ach iad a raide go dtí cúil na dramhíola ar eagla go gceapfaí gur Greenhorn go deo duine. Is mó réadóir líofa a bhalbhaigh pota leáite an Oileáin Úir. An mbeadh Peig fhéin amhlaidh dá rángódh le costas an róid a theacht chuichi ó Cháit Jim?
Ach ba pheata riamh í Neilí Pheig Sayers. Níorbh aon iontas san, mar ba í deireadh áil Pheig í, agus bhí ceathrar dá hál curtha in úir ag Peig sul ar saolaíodh an bunóc seo di. Bheadh sí, dá réir sin, de shíor faoin a sciathán. Bhí a deirfiúr Cáit ins na déaga luatha cheana féin, gan deartháiracha a áireamh, agus eatarthu ar fad bhí sí ina siotalach acu. Fuair sí cead a cinn ag aois a cúig bliana déag, fiú amháin, agus í ina bruinnillín chórach cheana féin, dul in aimsir le Seán P. Ó Sé agus a chlann iníon, a chonnaigh i nDún Droma Bhleá Cliath. ( Phósfadh iníon críonna an tí seo úncail dom fhéin, ar a dtugtaí Eisirt, blianta beag ina dhiaidh sin. )
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Ach nuair a tháinig a deartháir Peats ar gheábh abhaile ón Oileán Úr sa bhliain 1928, ní shásódh faic é, mar a deir Peig, ach go mbéarfadh sé leis sall í. D’imeodh Eibhlín nó Neilí fairis sall agus ba Helen go deo arís í.
Mar seo atá cuntas uirthi thall ag Tom Biuso, in aiste a scrígh sé san Irish American Magazine, Mí na Nollag 1988: "In a little over a year with her brother Pats as her tutor, Helen was transformed. She came to feel she had lived in America always; the current here was young and exciting and she was young enough to feel it pulling her along. Pats had been her squire and her escort and saw to it she tasted all the amenities of Springfield which Ireland lacked. He never tired of reminding her she would not see things like these if she stayed in the Blasket Island. He showed her the homes of the well-to-do; gabled and turreted, with deep shaded lawns. He showed her Forest Park with its boating lake and zoo. He took her to the fabulous department stores she had only dreamed about and he saw she was fitted out with the finest dresses in the latest fashions. He insisted she have her hair cut short in the American style. When she was complete, he arranged to have a portrait photograph of them taken together at a fancy downtown studio. He sent copies back to the Island to show how well he and Helen were getting along."
D’éirigh go maith le Helen Copley i saol só Mheirice. Phós sí fear gustail go raibh leath-pharóiste de stráice talún aige láimh le Torrington, i gConnecticut. Ach a gcuireas-sa aithne cheart uirthi, bhí a céile agus a haon-mhac ar shlí na fírinne, agus a seomra féin aici i dtigh banaltrais ar an mbaile. Bhí gach aon ní ina áit féin aici ina seomra; pictiúir dá céile ar an bhfalla; deilbh a mic ar an mboirdín beag le cois na telefíse agus a thuilleadh pictiúirí de chlann a mic lena gclann fhéin ar bhoirdín beag eile Duilleoga an chrainn mailp ag corraí lasmuigh den bhfuineoigín. Nuair a shleamhnódh an bolta siúd a shaoradh a h-aigne agus í ina suí i só-chathaoir anseo, chuireadh sí síos ar mar a chonaic sí a h-athair, Patsy Flint, ag teacht isteach ina seomra i mbarr an staighre an oíche áirithe seo sa Bhlascaod agus í sa leaba, rud a chuir iontas uirthi mar nár fhéad sé an staighre céanna a chur dó de dheasca a bhreoiteachta le blianta roimhe sin. Ar éirí anuas ar maidin lá arna mhárach di, fuair sí amach go bhfuair a h-athair bás le linn na h-oíche.
B’shiúd í, leis, á rá leat gur chaith sí an oíche aréir roimis sin ar an leabaidh dea-chóirithe i lár an tseomra anseo ag comhaireamh na dtithe ar fad a bhí i mBarra an Bhaile agus ag áireamh na ndaoine a bhí iontu nó ag eachtraí dhuit ar mar ar aithnigh a máthair, agus í ina dall in óispidéal an Daingin, glór a cos ag teacht faoi dhéin na leapan nuair a thug sí sciúird gan choinne uirthi sa bhlain 1954. "Sin í Neilí," a dúirt sí. Bhíodh meangadh gáire uirthi ag cur síos ar an lá céanna gur thug sí a mac léi i ngluaisteán mór-thimpeall Chinn Sléibhe. Ní raibh i gceist aici ach an ceantar a thaispeáint dó agus gan labhairt le h-éinne. Bhí fir oibre ag deisiú an bhóthair ag Barra Chuas na gColúr. D’athain sí duine díobh agus gheit a croí. Seán Mhaidhc Léann Ó Guithín, a bhí in aon rang léi ar scoil, a bhí ann agus sluasaid ina láimh. B’éigean di stad agus labhairt leis. Ansan arís bhuaileadh sí a dhá bos ar a chéile agus thagadh cuma truamhéalach uirthi agus thagadh na focail úd óna beola: "That’s all gone now!"
(Sheol Breandán an t-alt seo chugam le déanaí. Foillsíodh é in eagrán na Nollag den gCaomhnóir freisin —Barra)