OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Préachán Acla

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Tá an fiach dubh as Acaill ann

Tá an seabhac as Loch Erne ann

Tá an t-iolrach ón nGréig ann

Agus an eala ón Róimh.

Sin Raifteri ag trácht ar áit i gCo. Mhuigheo a bhí chomh halainn san gur thit na héin féin i ngrá leis. Ba mhaith liom inniu píosa beag a scríobh faoi an bhfiach dubh úd as Acaill a luann sé. Thugtaí Préachán Acla nó Préachán Aicle air freisin. Is iomaí scéal a mhaireann fós faoi sa bhéaloideas. Bíonn aois mhór aige i gcónaí sna scéalta san. Tá scéal ag an gCraoibhín faoi, ina bhfuil comórtas idir é agus Fiolar Leac na bhFaol agus Bradán Easa Rua féachaint cén ceann acu ab aosta. Bhuaigh an Chailleach Bhéara orthu go léir ar deireadh. Ag seo síos scéal a d’aithris fear dárbh ainm Conchubar Ó Deasmhumha ag Oireachtas na G’ilge in 1919. Fuaireas an scéal i sean leabhar a fuaireas ón mBr. Ó Cuinn. Táim fíor bhuíoch de as a fhlaithiúlacht.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bhí préachán ann fadó agus is é ainm a bhí air ná Préachán Acla. Mhair sé le bheith ar an ainmhí dob aosta dá raibh ar thalamh an domhain agus cladhaire éachtach ar fad ab ea é. Nuair a bhíodh gearrcaigh óga ag fiolar éigin de fhiolair na haimsire sin théadh an préachán seo agus mharaíodh sé iad agus théadh sé féin sa nead in ionad na ngearrcach. B’fhurasta an dubh a chur ina gheal ar an bhfiolar bocht mar mheasadh sé gur ghearrcach leis féin an bithiúnach dubh. Bhíodh an fiolar á chothú le feoil úr chomh maith is dá mba ghearrcach leis féin é. Ó bithiúnach críochnaithe ab ea é.

Bliain amháin bhí fiolar an chríona ann agus mharaigh an préachán a chuid gearrcach agus chuaigh sé féin ina n-ionad sa nead. Bhí an fiolar ag tabhairt bia chuige gach aon lá. D’fhan an préachán sa nead ag an bhfiolar i rith an fhomhair go léir. Lig sé air go raibh sé an lag agus nách bhféadfadh sé eitilt. Tháinig an geimhreadh agus d’fhan an préachán sa nead i mbun a shuaimhnis. Geimhreadh an fhuar go léir ab ea an geimhreadh céanna. Tháinig aon oíche amháin chomh fuar san go raibh an fiolar ag crith sa nead le fuacht. "Sidí an oíche is fuaire tháinig riamh," arsan fiolar. "Ní hí go deimhin ," arsan préachán. "Thugais t’éitheach," arsan fiolar.

"Ná bímis ag cur na séithe i mbéal a chéile," arsan préachán ach éirigh siar go dtí an Loch Dearg agus fiafraigh den Bhradán Faragheal an dtáinig oíche ní ba fhuaire ná an óíche seo. Má deir san leat nách dtáinig, cas mo bhréag liom." "An síofra thú?" arsan fiolar. Ní hea go deimhin, ach tá saghas feasa agam," arsan préachán. "Tá fhios agam gur bradán feasa an bradán faragheal."

Tháinig i bhfuirm faitís ar an bhfiolar roimh a ghearrcach. Dá mba síofra a bhí sa nead aige b’fhéidir gurbh fhearra dhó glacadh lena chomhairle agus dul ar lorg an bhradáin. Léim sé as an nead as as go bráth leis go Loch Dearg. Sheas sé ar thaobh an locha agus ghlaoigh sé ar an mbradán. "Teacht," arsan bradán ag éirí aníos ar bharra an uisce. "An í seo an oíche is fuaire tháinig riamh?" arsan fiolar.

"Mo léir ní hí mhuise," arsan bradán. "Ba chuimhin liomsa oíche ba sheacht bhfuaire déag ná í. Bhíos anso dom fhéin oíche fadó. Chonnac beach ós cionn an uisce. Thugas léim agus rugas uirthi, ach sar ar shrois liom mo cheann bheith faoi uisce agam bhí bró leac oighir tagaithe ar an loch, agus gabhadh sa leac oighir mé. Ba ghearr dom gafa ann nuair a tháinig Préachán Acla agus ghabh sé ag magadh fúm. Phioc sé an dá shúil amach as mo cheann agus d’ith sé iad. Shileas éacht fola. Bhí an t-ádh liom mar leáigh teas na fola an leac oighir timpeall orm agus d’éirigh liom dul faoi uisce arís sul ar maraíodh mé. Táim ó shoin im dhall, agus is é an préachán céanna san atá agatsa á chothú fan na bliana. Mhairigh sé do ghearrcaigh bheaga ort, agus tá sé ó shoin ag magadh fút."

"Ní bheidh de shaol aige ach go dté mé abhaile," arsan fiolar. "Am briathar nách mbeidh súd romhat," arsan bradán. B’fhíor don bhradán é. Nuair a chuaigh an fiolar abhaile ní raibh an préachán roimis.

Fuair beirt scoláire mhóra bás le déanaí, Seán Ó Lúing agus Adele Dalsimer. Bhí tionchar mór ag an mbeirt acu ar chúrsaí na G’ilge — Seán de bharr a chuid scríbhneoireachta agus Adele de bharr a cuid oibre chun cúrsaí léinn Gh’laigh a chur chun cinn sa tír seo. Scríobh Seán leabhair ar bheathaí agus ar shaothair leithéidí Ó Donnabháin Rosa, Art Ó Gríofa agus John Devoy. Thug Adele deich mbliana feichead ag teagasc i mBoston College agus ba í ba mhó ba chúis le bunú an Roinn Léinn Gh’laigh atá faoi lán seól ann faoi láthair. Dála an scéil tá mo iníon féin, Máire, ag foghlaim G’ilge ann. Ní mór dúinn go léir mar Gh’il bheith buíoch díobh araon. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh!

Ag trácht ar Boston College beidh an Fheis Mhór ar a dtugtar Gaelic Roots ar siúl ann Meitheamh 18-24. Tá slua dena ceoltóirí is na healaíontóirí is fearr ar domhan bailithe arís i mbliana ag Séamas Connolly, chun ceol, rince, agus teanga na hÉireann a theagasc. Má tá suim agat bheith páirteach cuir glaoch ar 617-552-0490. Brostaigh ort mar líontar na seomraí go luath gach bliain. Tá suíomh acu ar an idirlíon freisin — http//www.bc.edu/g’licroots

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese