OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Red Jim McDermott

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

I bhfómhar na bliana 1883 tharla Séamas Rua Mac Diarmuda lá ag ól ar a shuaimhneas i dteach tabhairne an Chapt’in Uí Riain i Sráid Chambers, i Nua Eabhrac. Osclaíodh an duras go tobann agus phreab ógánach isteach. Rinne sé lom díreach ar Shéamas Rua agus stad sé os a chomhair amach. Sciob sé piostal as a phóca agus dúirt: "A Mhic Dhiarmuda, a spiaire, táim tagtha trí mhíle míle thar farraige chun díoltas a bhaint amach ort." Le sin, scaoil sé urchar faoi. Tosach scannáin eachtraigh? Ní hea ach scéal fíor. Ag seo síos cúlra na heachtra seo.

Sa bhliain 1858 chuir Seán Ó Mathúna tús le Gluaiseacht na bhFíníní i Meiriceá. Seán féin, duine d’fhearaibh ’48 agus scolaire G’ilge, a bhronn an t-ainm Fíníní orthu. Ag an am, bhí na mílte Éireannach ag teacht go Meiriceá, ag teitheadh ón ocras agus ó thiarnas. Chuaigh an Ghluaiseacht ó neart go neart. Sa bhliain 1862 casadh fear darbh ainm Séamas Rua Mac Diarmuda ar Sheán agus ba ghearr go rabhadar an mhór lena chéile. Cheap Seán go raibh togha fir aige.

Ní meas ach gráin shaolta a bhí ag cuid des na ceannairí eile ar Shéamas Rua. Mhol John Ó Leary do Sheán, an bithiúnach a chaitheamh amach as an gcumann ach níor thug Seán aon cheann dó. Nuair a chuala James Stephens faoin scéal i 1864, scríobh sé litir chuig Seán á rá go raibh sean aithne aige féin ar Shéamas Rua agus nár cheart do Sheán aon iontaoibh a bheith aige as. Ba shaothar in aisce dó é. Go lá a bháis, bhí iontaoibh ag Seán Ó Mathúna as Séamas Rua. Dhíol na Fíníní go daor as an iontaoibh sin.

Rugadh Séamas i mBaile Atha Cliath. Ba mhac tabhartha le hIarla é, de réir a thuairisce féin. Throid sé i mBriogáid na hÉireann, ar son an Phápa i gcoinne Gharibaldi agus fuair sé ridireacht as. Sea, ba Ridire d’Ord Shan Sylvester é. Bhí scéalta ag gabháil timpeall sa chathair á rá nár shaothraigh sé an ridireacht le crógacht ach le seift. "Bhí Séamas bog ar na scéalaithe, áfach. Agus é lán suas de féin ag spaisteoireacht Shráid Ghrafton lena bhonn ridireachta, clóca Inverness umá ghuaillí, iompar na tábhachta faoi agus é drochiompartha ar uaire agus é ina cheap magaidh agus leithbhéil ag an mbeagán d’aithin nách raibh sa chnó dathúil ach plaosc gan smior." — Ó Donnabháin Rossa, le Seán Ó Lúing.

Ach níorbh aon amadán é Séamas. Dá mba ea, ní bheadh sé in ann daoine cliste amharasacha a mhealladh lena chuid plámáis. Thug sé a aghaidh ar Mheiriceá sa bhliain 1862. Sul ar imigh sé ghlac an IRB leis mar bhall agus cuireadh faoi mhóid é. Bhí cos leis sa doras. Sin nós a chleacht sé lena shaol; litir nó cárta ó dhuine nó ó chumann d’ úsáid chun doras a oscailt áit éigin eile dó fhéin.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Mí na Nollag 1865, thug Séamas cuairt ar Edward Archibald, consul na Breataine i NY. Deir an consul gur thairg Séamas fáisnéis ar eachtraí na bhFíníní dó ach go raibh sé ag lorg an iomarca airgid ar fad. Sa deireadh thiar thángadar ar shochrú agus de dheasca feille an fhir rua bhí na Sasanaigh réidh ag Campobello nuair a thug na Fíníní faoi ionsaí a dhéanamh ar Canada. Fán am seo bhí scoilt san eagraíocht agus d’fhan Séamas "dílis" do Sheán Ó Mathúna. Sin é an fáth nách raibh aon eolas ag na Sasanaigh faoi an ionsai ag Ridgeway ina dhiaidh sin.

Bhíod airgead i gcónaí ag Séamas Rua, rud a chuir ionadh agus amhras ar neart daoine. Ach ní ghlacfadh Ó Mathúna comhairle ó aon duine. Bhí meas aige air go lá a bháis. Ar ndóigh nuair a fuair Ó Mathúna bás i 1877 cuireadh a chorp ar ais go hÉirinn agus chuaigh Séamas á thionlacan. Bhí sé ina sheomra san ostán Star and Garter i mBAC nuair a bhuail triúr fear isteach chuige. Thugadar léasadh uafásach dó agus d’fhágadar leath mharbh é. Ach níor chuir an t-súisteáil sin deireadh lena chuid mioscaise.

Ba ghearr go raibh sé ar ais i NY agus é ina chara anois ag Ó Donnabháin Rossa. Is deachair a thuiscint conas a d’éirigh leis, duine mar an Donnabhánach a mhealladh, ach d’éirigh, ar fead tamaill ar aon nós. Fuair sé amach go raibh buíon ag dul go Sasana le pléascáin a shéideadh agus go raibh baint ag Finíní Chorcaí leis an bhfeachtas. Chinn Séamas ar thuras a thabhairt ar Éirinn agus chuir sé faoi san Imperial Hotel i gCorcaigh. Sul ar fhág sé Meiriceá fuair sé nóta beag ón nDonnabhánach ag fágaint slán aige agus chríochnaigh Rossa mar seo; "abair leis na buachaillí go ndéanfaidh mé gach a bhfuil ar mo chumas ag cabhrú leo chun ár namhaid choiteann a smiotadh." Dob eochair an nóta sin do dhoras rúnda eile.

Chuir Séamas fios ar Shéamas Ó Máille, Fínín a raibh sort aithne aige air, agus thaispeáin litir Uí Dhonnabháin Rossa dhó. Bhí Ó Máille amharasach. Ar mhí-amharaí an tsaoil tháinig Séamas Rua ar litir ó Mheiriceá, san óstán, de thimpiste. Treoracha ar conas pléascáin a dhéanamh a bhí sa litir. Do Timothy Featherstone faoi chúram an Imperial a seoladh an litir . Chuir sé fios arís ar Ó Máille agus thaispeáin an litir dó ag ligint air gur tugadh an litir dó le tabhairt do Featherstone. D’iarr an Máilleach air í, ach ní thabharfadh sé ach don té ar leis í. An chéad lá eile thug Ó Maille, Featherstone isteach. Chreid Featherstone a raibh le rá ag Séamas agus ghlac sé leis mar dhuine iontaofa.

Bhí le Séamas. Thug sé obair rúnda le déanamh dóibh i Sasana agus nuair a chuadar sall gabhadh iad agus na daoine a raibh teagmháil acu leo. Níor gabhadh Ó Máille, ámh, bhí droch-iontaoibh aige as Séamas ó thosach agus níor bhac sé leis na hórduithe a tugadh dó. Táréis na Corcaígh a dhíol go fealltach, thug Séamas tamall i bParas ag caitheamh airgid na Sasanach. Ach bhí Ó Máille agus Fíníní Chorcaí ar a thóir anois. D’imigh sé ar ais go Meiriceá. Sa deireadh thiar thángadar suas leis i dtigh tabhairne an Chapt’in Uí Riain ar Shráid Chambers. Níor mharaigh an t-urchar é ámh. D’éirigh leis éalú as an áit. Gabhadh fear an ghunna, duine darbh ainm Gaynor. Nuair a tugadh ós comhair na cúirte é ní raibh éinne in ann a dhearbhú gurbh é siúd an fear. Scaoileadh saor é.

Ach chuir an eachtra an oiread sin scéine i Séamas Rua gur bhailigh sé leis go Sasana agus níor chualathas uaidh ón lá san amach.

Tá iris nua idirlín ag Oideas Gael, iris mhíosúil a bhfuil Beo mar theideal uirthi. Tabhair cuairt ar an suíomh ag: www.beo.ie

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese