OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Órthóraíocht 49

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ar an 2, Feabhra, 1848, chuir Conradh Guadalupe Hidalgo críoch leis an gcogadh idir na Stáit aontaithe agus Meicsiceo. Fuair na Stáit Aontaithe California, Nua Meicsiceo agus Texas. Fuair Meicsiceo $15,000,000. Naoi lá roimis sin, i ngan fhios dóibh, fionnadh ór san abhainn ag "Sutter’s Mill" i gCalifornia. Bheadh páirt nách beag ag an bhfionnachtain seo i bhfás an daonra, sa bhfairsingiú uirbeach agus sa bhorradh tionscail i gCalifornia. De dhroim oíche rinneadh stát rafar Meiriceánach den cheantar codlatach Meicsiceach mar dúirt staraí amháin Meiriceánach. Tháinig claochlú mór ar San Francisco féin nó Yerba Buena mar a thugaidís ar an mbaile ag an am. Ní raibh ach tuairim is míle duine ann i 1848. Faoi 1880 bhí 250,000 sa chathair chéanna.

‘An té a mbíonn sé de chinniúint dó a chrochadh,’ deir an seanfhocal, ‘ní bháfar go deo é.’ Sea ní féidir an chinniúint a sheachaint. Bhí beirt fhear i gCalifornia in 1848 a raibh sé leagtha amach ag Dia dóibh tús a chur leis an órthóraíocht agus cé go ndearna duine acu sár iarraíocht éalú ón gcinniúint sin, theip air. Ag seo, cur síos gairid ar na fir seo. Tugann saol na beirte léargas éigin dúinn ar neamhshocracht agus ar ghealtachas na haimsire sin.

Rugadh John Augustus Sutter i mBaden na Gearmáine. Dob as an Éilvéis dá thuismitheoirí agus thug John Éilvéiseach air féin ar feadh a shaoil. Bhí sé pósta agus ceathrar clainne aige in 1834 nuair a thug sé ina cheann a aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá. D’fhág sé a bhean agus a chlann — ceathrar acu — faoi chúram a dhearthár agus bhailigh sé leis. Ar ndóigh bhí scata dá chreidiúnaithe ar a thí agus b’ar éigin a rug sé na cosa leis uathu. Chaith sé tamall i Nua Eabhrac agus ansan bhailigh sé leis siar go Missouri mar ar thug sé trí bliana ina thrádálaí. Shrois sé California i 1839 agus carn deas airgid coigilte aige.

Chuaigh sé láithreach go Monterey, mar a raibh an Gobharnóir Meicsiceach. Fuair sé cead uaidh, lonnaíocht a bhunú lastoir de San Francisco ar bhruach na habhann go dtugtar an Sacramento anois uirthi agus díreach san áit a bhfuil Sacramento faoi láthair. Fuair Sutter gar do 50,000 acra ó na Meicsicigh agus thug sé Nua Helvetia ar an bplandáil nua seo. Thug se slua oibrithe ó Hawaii go California agus thóg sé "Sutter’s Fort." Níorbh fhada go raibh cáil ar Sutter’s Fort mar stáisiún trádála agus bhuaileadh na taistealaithe isteach ann ar a dturas anoir. Thairgeadh Sutter postanna do chuid acu-san, go hairithe dá mba cheardaithe iad agus i gcónaí bhí sé ag cur lena shealúchas. Cheannaigh sé píosa mór talún ó dhream Rúiseach. Bhí slua bundúchasach fostaithe aige ar bheagán páigh. I 1844 chuir sé fios ar an mac ba shine teacht chun cabhraithe leis. Ba gheall le himpire é ar feadh tamaill.

Ansan i dtosach na bliana 1848 chuir sé bainisteoir darbh ainm James Wilson Marshall amach ag cuardach suímh do mhuileann.. Sníonn abhainn eile, An Meiriceánach isteach sa Sacramento taobh le Sutters Fort, agus fuair Marshall suíomh oiriúnach ar bhruach na habhann san. Chuir na hoibrithe chuige. Bhí dóthain adhmaid agus clocha sa cheantar agus ba ghearr an mhoill orthu muileann a thógáil. Ar an ceathrú lá fichead de mhí Eanair bhí Marshall ag breathnú ar an sruth muilinn nuair a chonaic sé rud éigin ag glioscarnaigh san uisce. Píosa óir a bhí ann ach ní raibh sé thar leath oiread pise ar méid de réir Marshall féin. Ach bhí an abhainn breac le píosaí mar é. Bhailigh sé roinnt díobh agus thug sé ar ais go Sutter iad. Thuig an bheirt acu cad a bhí ann láithreach.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

"In ainm Dé," arsa Sutter, "ná hinis dod leathláimh é." "Ná lig le haon duine é nó beimíd scriosta." Ach ba dheachair rún mar sin a choimeád faoi cheilt. Fuair fear darbh ainm Sam Brannan gaoth an fhocail. Níór chreid sé go hiomlán é ach ba sheansálaí é agus smaoinigh sé ar sheift. Cheannaigh sé a raibh de shluaistí agus grafáin, cro-iarainn agus rilleáin, árthaigh stáin agus acraí tí, i gCalifornia agus d’oscail sé siopa. Ansan líon sé buideál d’ ór nó rud éigin a raibh dath an óir air agus síos suas sráideanna San Francisco leis ag béiceadh in ard a chinn is a ghutha; "Ór, Ór, tá an Abhainn Mheiriceánach lomlán d’ór." Chreideadar é. Bhánaigh an baile. Agus bhí an tóir ar shiopa Sam. Oighean a thug Sam 10 bpingne air dhíol sé ar $15 é. Taobh istigh de dhá mhí ghlan sé $36,000. Laistigh de bhliain bhí sé ina mhiliúnaí.

Rugadh Samuel Brannan i Maine in 1819. Nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois d’aistrigh sé go Ohio. Rinneadh printéir de. D’iontaigh sé ina Mhormannach in 1842 agus chuaigh sé go Nua Eabhrac mar ar thosnaigh sé ag foilsiú páipéir Mhormannaigh. In 1846 d’aistrigh Sam agus 200 Mormannach go San Francisco. Nuair a lonnaíodar ansan mhéadaíodar líon an daonra faoi thrí. Ní raibh thar 100 duine i San Francisco sul a dtángadar.

Bhunaigh Sam an California Star, agus b’é a chéad fhoilsigh scéal uafásach an ‘Donner Party’ agus a nocht an chanablacht a bhain leis an eachtra san. Ruaigeadh as an eaglais Mhormannach é toisc nár sheol sé na deachúna a bhailigh sé ós na Mormannaigh i san Francisco chuig Chathair Salt Lake. Deir siad go ndúirt sé le Bringham Young go gcuirfeadh sé an t-airgead chuige dá bhfaighfeadh sé admháil shínithe ó Dhia go bhfuair sé é. Ó, fear ann féin ab ea Sam.

I ndeireadh an l’ bhí droch chríoch ar an mbeirt. Na hoibrithe a bhí ag Sutter d’imíodar go léir ar thóir an óir. Ansan tháinig na sluaite agus scriosadar agus ghoideadar aon rud nách raibh ceangailte. Go fiú na clocha muilinn, de réir Sutter. B’éigin dó aistriú go feirm dheas a cheannaigh sé i bhfad ó Sutter’s Mill agus an ór damanta. Ach ar deireadh chail sé an fheirm sin leis. Dob amhlaidh nárbh fhiú biorán an léas Meicsiceach a bhí aige. Chaith sé blianta sna cúirteanna ag iarraidh a chuid talún a fháil ar ais. Ba shaothar in aisce dó é.

Agus Brannan. ‘Sna caogaidí b’é an duine ba shaibhre i gCalifornia é. Bhunaigh sé bainc agus comhlachtaí de chuile short. Ach bhí an fear aisteach seo tugtha don ól agus d’fhéadfadh sé bheith gairgeach, lasánta, néallmhar. Mar sin b’fhurasta é a scarúint óna chuid airgid. Nuair a fuair sé bás ní raibh pingin rua aige. Ádh mór!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese