OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Sean-Fhocail II

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le C. B. Ó Cuinn, Colaiste Í

Is minic súil in airde ag feirmeoirí ar an aimsir toisc a tionchar ar obair na feirme. Bhí go leor sean-fhocal acu ar an aimsir: "Is mó cor a chuireann lá Márta de," Bogha fliuch na maidne, bogha tirim an tráthnóna," "Is fuar gach fliuch," agus "Ní doineann go Samhain." Fear ciallmhar an té a bheadh ullamh do gach sort aimsire mar "Ní hé lá na gaoithe lá na scolb."

De réir mar d’éirigh le h’sop múineadh nó teagasc d’fháil as an iniúchadh a dhein sé ar na hainmhithe agus na héin, tá ciall ar leith dúinn sna seanfhocail ar na neacha sin: "Ní dhéanfadh an saol capall ráis d’asal," "Mair a chapaill agus gheobhair féar," "Is dána gach madra ar a tháirseach féin." Maidir leis an éanlaith: "Nuair a luíonn gé, luíd go léir," "Is olc an chearc nách scríobann di féin" agus "Is olc an t-éan a shailíonn a nead féin."

Bua mór ag daoine an tsláinte a bheith acu mar "Is fearr an tsláinte ná na tainte." is beag duine nách dtagann galar de shaghas éigin air i rith a shaoil: "Caitheann gach duine deacha na sláinte d’íoch," agus "Is lia gach othar tar éis a leighis." Mar sin féin deirtear nách bhfuil "luibh ná leigheas in aghaidh an bháis."

"Ní lia duine ná tuairim," adeirtear, agus is iomadúil iad na seanfhocail a thráchtann ar nádúr agus ar thréithe an duine. An té a dúirt, "Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas," ba léir nách díthreabhach é, agus is gá tacaíocht bheith ag duine óna mhuintir agus óna chairde: "Is maol guala gan bráthair," "Is báiúil iad lucht aon chine," "Aithníonn ciaróg ciaróg eile." Cé nách fáidh fear ina dhúchas" is dó is miste féinmhuinín bheith aige ann ach gan a bheith ró-mhór as féin: "An dias is truime, ‘sí is ísle a chromann a ceann," "Bíonn dhá cheann ar gach caora aige" agus "Muna mbíonn agat ach an pocán gabhar bí i lár an aonaigh leis." Moltar gan breith obann a thabhairt "go mbéarfaidh dhá thaobh an scéil ort." Agus i gcúrsaí spoirt is minic gur "fearr an t-iománaí an té ar an gclaí."

Bhíodh na G’il umhal dá ndlithe féin ach a mhalairt de scéal a bhí ann nuair a bhí na G’il faoi leatrom ag dlí na Sasanach mar is léir ó sheanfhocail mar seo: "Is caol an rud an dlí," "An chuid is lú den dlí an chuid is fearr," "Má théann tú chun dlí bíodh bonn i do phóca agat." Nuair a bhí na tiarnaí talún i réim bhíodh na daoine san airdeall mar "Is sleamhain iad leacacha an tí mhóir." Ba é an teist ba mhó a bhí ag Tomás Criomhthan, san leabhar An tOileánach, ar a chomharsana nár thaithíodar teach na cúirte sa Daingean riamh.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Tá teagasc le fail sna seanfhocail. Is ceart don duine bheith tíosach mar "Faigheann pingin pingin eile," no "Tiomsaíonn brob beart," nó "Tá sé mall le sparáil nuair atá an sparán spíonta." Níl duine ar bith ann nách foláir dó bheith foighneach leis na corthaí a chuireann an saol de. "Beart gan leigheas is foighne is fearr air," adeirtear, agus "Dá fhaid í an oiche tiocfaidh an lá," agus " Is mairg a báitear ag am an anfa mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne." Uaireanta is fearr gan bheith bealscaoilte mar "Is binn béal ina thost," agus "Ní scéal rúin é má chloiseann triúr é."

Taobh le taobh leis na seanfhocail tá seanchainteanna, seanleagana raitis, pisreoga agus tréanna. Féach a oiriúnaí an tré seo ag cur síos ar thrí thréith a bhaineann leis an ól: "A ól, a íoch, a iompar." Dá aistí an saol ní féidir gan aontú leis na trí rudaí fíora seo: "Luí na gréine, éirí na gréine, an bás."

An ghaoth aduaidh, bíonn sí crua,

Agus cuireann sí fuacht ar dhaoine;

An ghaoth aneas, bíonn sí tais,

Agus cuireann sí rath ar shíolta;

An ghaoth aniar, bíonn sí fial,

Agus cuireann sí iasc i líonta;

An ghaoth anoir, bíonn sí tirim,

Agus cuireann sí sioc ist oíche.

Dhá thrian galair le hoíche,

Dhá thrian gaoithe le cranna,

Dhá thrian sneachta le sleibhte,

Agus dhá thrian gréine le beanna.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese