OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Seáinín na Buile

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Fuaireas an scéal seo leanas san Irisleabhar Gaelach Loch Léin, Márta 1905. Tá saibhreas teanga ann agus shíleas gur chóir é a fhoilsiú arís mar shampla den tsaghas G’ilge a bhí le cloisint i Nua Eabhrac céad bliain ó shin. Ní fheadar cérbh í Síle Ní Shé ach bhí G’ilge bhrea aici. Abair paidir bheag ar a son.

"A Shíle, a lao," arsa mo mháthair liom, "tóg an corcán san den tine. Beidh an t-uisce ag borrachadh amach ar an dtinteán i gcionn nóimit eile." Rugas greim ar an gcorcán agus tharraingíos chugam é. Seo Tomáisín ag gabháilt tharam faoi lán-rith agus siúd an t-uisce beirithe á chaitheamh ar mhéaranna a choise deise. Scread is gháir sé.

"Go mbeire an diabhal leis thú mar oinseach chaoch!" ar seisean. "Ná féachfá romhat?" An tseana chaint a bhíodh aige uaireannta ba dhóigh leat gurbh é seana Sheán Phaidi a bhí ann agus a bheith ag éisteacht leis.

"Ó faire, faire a Thomáisín," arsa mo mháthair, "ní deas an chaint í siúd i mbéal fir ná linbh." Níor chuir sé aon tsuím inti, ach ghol is bhéic le neart tinnis agus feirge. Ba thrua lena mháthair é. "Tar aníos chugam a chroí," ar sise, "agus innsód scéal duit: ach caithfidh tú stad den ghol ar dtús agus do leithscéal a ghabháilt le Síle i dtaobh a ndúirt tú lei." Ní raibh aon ní ba mhó gráin lem mháthair ná na heascainí. "Ní ar chlocha an bhóthair a thiteann siad go minic, " adeireadh sí.

Dhein Tomáisín rud ar mo mháthair. Tháinig sé agus shuigh sé ar stól beag ina haice, a chos tinn trasna a ghlúine agus é á cuimilt anois is arís. Tharraing mo mháthair an túrna chuici agus thosnaigh ar bheith ag sníomh. "Sea," ar sise, "nuair a bhíos-sa im thoice bheag bhí seanduine ina chónaí i mbéal an dorais sa bhaile againn. Crúnca beag craptha dob ea é, agus bhí sé ana mhallaithe ana mhíchuibheasach agus tugtha ar fad chun na heascainí, ní ag tabhairt aon bhreith air é. Bhí cúigear cailíní beaga comhaois dom ar an mbaile agus níor bheag an binneas linn bheith ag priocadh is ag giobadh ar Sheáinín agus á chur ar deargbhuile agus dá threise a cháitheadh sé na mallachtaí, sin mar is mó fhaighmís sult ann mar ní raibh aon chiall againn faraoir.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Is maith is cuimhin liom aon oíche amháin. Bhí Seáinín bocht ina shuí ar stól beag ar aghaidh na tine amach agus gan de thine aige ach dhá fhód i gcoinne a chéile. D’éalaíomar go dtí an doras. Mise a bhí i dtosach mar ná cuirfeadh an diabhal féin eagla orm an uair sin. Níor dheineas aon tseana-bhróga (mhoill) i mbéal an dorais mar bhí fhios agam go mbrisfeadh na gáirí ar Nóra agus go gcloisfeadh Seáinín í. Thugas aon sciuird amháin suas an t-urlár agus rugas ar chois ar an stól agus sciobas uaidh é agus síos le fána leis. Siúd amach sinn ar tí ár gcnábha a bhriseadh.

Oíche bhreá spéirghealaí timpeall coicís ina dhiaidh sin bhí a chuid féir go léir bailithe sa mhóinéar ag Seáinín chun cruach a dhéanamh. Bhailíomar síos ann chun ‘plasóige’ d’imirt. Bhí sport an domhain againn ag damhsa timpeall na gcocaí agus shaoileamar nach raibh aon phioc díobhála againn á dhéanamh agus ar ndóigh ní raibh leis. Ba ró-ghearr gur siúd chugainn anuas Seáinín agus lasa buile ina shúile ag iarraidh éalú orainn mar a bheadh cat ar scata luch. Thugas léim amháin trasna an chlaí agus lean an chuid eile mé. "Á, há! An cancar lofa go n-ithe sibh a scata diabhal," ar seisean, agus chuir sé chun an chlaí de léim inár ndiaidh. Ach b’é toil Dé gur ghluais cuid den chlaí faoi agus caitheadh ar a tharr in áirde ar ais sa mhóinéar é. I gcionn cúpla lá ina dhiaidh sin bhí a dhrom ana thinn agus ba ró-ghearr go raibh cnapán mór ag fás ar chnámh a dhroma. Bhí pianta nimhneacha ann. Cuireadh iarraidh ar an ndochtúir agus dúirt sé gur cancar é. Bhí sé ag dul i laige i gcónaí agus níor mhaith le haon duine bheith ag éisteacht leis ná ag féachaint air.

Aon lá amháin nách raibh aon duine ina theannta, bhí sé ag éagcaoineadh sa leaba ach is baolach nach ag paidreoireacht a bhí sé, ghabh bean siúil isteach chuige. Chuaigh sí suas chun na leapa agus d’fhéach sí air. ‘Sea, tá tú ansan agus conác ort é. Dob fhada a rith leat ach tá tú cuachta sa deireadh. B’fhéidir anois ná beifeá ag mallachtaigh ar leanaí beaga gan chiall." D’fhéach sé uirthi go truamhéileach ach níor labhair sé focal. "Is gearr uait atá do leigheas ag fás, ach ar a shon san ní bhfaighir é mara mbeidh deireadh leis na heascainí agat," ar sí. "Ó ar son Dé," arsa Seáinín, "tabhair rud éigin chugam a bhainfidh an tinneas marfach so díom, má tá sé ad’ chumas, agus geallaim om chroí dhuit-se agus do Dhia na Glóire gan eascaine a rá lem shaol arís."

Chuaigh sí amach ansan agus phioc sí lán a doirn de luibh bheag ghorm agus thug sí léi isteach í agus chuimil sí idir a lámha i mbáisín uisce í. Nuair a bhí sí leachtaithe aici d’iompaigh sí chuici aniar a dhrom agus ní sí an chnea leis an súlach. Ansan d’imigh sí uaidh agus ní fhaca sé radharc ó shin di. B’é toil Dé é gur shlánaigh a dhrom chomh maith is a bhí sé riamh agus níor chuala aon duine droch-fhocal ag teacht as a bhéal ón lá san amach."

"B’fhéidir nár thit an t-uisce beirithe ar mhéaranna a choise riamh," arsa Tomáisín agus é ag leath-ghol." (Oíche spéirghealaí = starlit, moonless night.)

Le Síle Ní Shé, Craobh Naomh Bhreandáin, NY, 1905.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese