OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Seo Comhartha Dhaoibh

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Sa tsean aimsir in Éirinn ba ghnáth leo crompán mór giúise nó darach a chur sa tine Oíche Nollag. Thugaidís Bloc Nollag ar an bpíosa mór adhmaid seo. Deir Amhlaoibh Ó Luínse go "mbeadh tine níos mó sa tinteán an oíche seo ná mar a bheadh aon oíche eile, i dtreo go ndeireadh na daoine dá bhfeicfidís tine mhór agat aon tráth eile: ‘An í seo tine na Nollag agat?’

Is nós agam féin dul siar ar bóithrín na smaointe an tráth so bliana agus is breá liom sean-chuntais ar an Nollaig a léamh. Ní fheadar cén fáth, ach nuair a bhíos óg chuireadh muintir an Cork Examiner eagrán faoi leith amach um Nollaig a dtugaidís an "Holly Bough" air. Bhíodh sé lán de phictiúir agus de phíosaí faoi shean-nósanna a bhí imithe. Bhíos an-tógtha leis. Bím fós ag léamh. Sa léamh dom le déanaí thánag ar sheanmóin de chuid Pheadar Uí Laoire agus cheapas go mbeadh sé oiriúnach don tseachtain seo. Is as an leabhar "Seanmóin agus Trí Fichid" é. Foilsíodh i 1909 é. Seo dhaoibh Peadar anois:

Ansan, faoi mar a deir an Soiscéal, tháinig an t-am agus do rug an Mhaighdean a mac, a céad-ghin agus d’fhill sí in éadaí é agus chuir sí ina luí i mainséar é, mar ní raibh aon tslí dóibh in aon cheann desna tithe ósta a bhí sa chathair.

Is mór an t-ábhar machnaimh do Chríostaithe atá sa mhéid sin cainte. An Slánaitheoir a bhí geallta don chine daonna ó thosach aimsire, an Fuascailteoir ar a raibh na fáithe go léir ag déanamh tairngreachta ar feadh cheithre mhíle blian, an Rí go raibh a chomhacht agus a réim gan teora, é ag teacht ar an saol so gan gradam gan saibhreas, gan leaba ina luífeadh sé, gan díon os cionn a chinn.

Déarfadh ciall agus tuiscint an tsaoil seo, má theastaigh ón Slánaitheoir na daoine a chomhairliú agus iad a chur ar a leas, gur mhaith an rud dó teacht ar an saol i gcruth éigin ina mbeadh urraim ag an saol dó, i gcruth éigin a bheadh uasal, creidiúnach, onóireach. Ní mar sin a tháinig sé ach díreach sa chruth is mó a gheibheann easonóir agus droch-mheas agus tarcuisne ón saol so. Níl aon rud is mó a gheibhean droch-mheas ón saol so ná dealús. Tháinig an Slánaitheoir go fíor-dhealbh. In ionad na huaisleachta thogh sé an ísleacht. In ionad pháláis an rí thogh sé pluais na carraige. Cad é an múineadh a thugann san dúinn.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Múineann sé dhúinn nach fíor uaisleacht i láthair Dé uaisleacht an tsaoil seo. Gur uaisleacht bhréagach uaisleacht an tsaoil seo. Gurb é an té a bhíonn íseal ar an saol seo an té is dóichí a bheith uasal i láthair Dé agus gurb é an té a thugann a chroí agus a aigne ar fad do shaibhreas agus do chreidiúint agus d’onóir an tsaoil seo, is dóichí bheith suarach go maith i láthair Dé.

Gan amhras d’fhéadfadh duine a dhá dhóithin de shaibhreas agus de chreidiúint agus d’onóir an t-saoil seo a bheith aige gan díobháil anama dó féin. Ach is é saghas duine é sin ná an fear ná leigfidh don tsaibhreas ná don chreidiúint aon ghreim a bhreith ar chroí air; anfear a thuigfidh ina aigne nach bhfuil sna neithe sin ach neithe a thug Dia dhó ar iasacht go ceann tamaill bhig agus nach foláir scarúint leo nuair a bheidh an tamall beag caite. Déanfaidh an duine sin úsáid mhaith den tsaibhreas an fhaid is toil le Dia é a fhágáilt ina chúram air, agus más toil le Dia é a thógáilt uaidh ní bheidh see ag briseadh a chroí ina dhiaidh. Ní thiocfaidh an saibhreas idir é agus Dia.

Ach ní hé gach éinne a d’fhéadfadh saibhreas an tsaoil seo a láimhseáil ar an gcuma san. Is amhlaidh mar atá an scéal ag ár bhformhór, is neamhchontúirtí go mór dhúinn bheith in éagmais an tsaibhris ná é a bheith againn. Sin é an rud ba thoil lenár Slánaitheoir a chur ina luí orainn nuair a thogh sé an ísleacht in ionad na huaisleachta, an stábla in ionad pháláis an rí, mainséar an asail in ionad an chliabháin óir.

Ach mura raibh uaisleacht an tsaoil seo ina thimpeall an uair sin bhí uaisleacht nárbh í sin ina thimpeall. Tháinig mór-shlua aingeal as na fláthais ag tabhairt onóra dhó mar gurbh é Rí na bhFlaitheas é. Ach cár thánadar? Ar thánadar go dtí rí na tíre? Níor thánadar. Bhí aoirí i gcóngar na háite agus bhíodar ag faire na hoíche ag tabhairt aire dá dtréada agus tháinig an t-aingeal agus sheasaimh sé in aice leo agus las solus Dé ina dtimpeall, agus ní nárbh ionadh tháinig scannradh orthu. Ansan dúirt an t-aingeal leo: "Ná bíodh eagla oraibh," ar seisean. "Thánag le scéala maithe chugaibh. Tá an Slánaitheoir tagaithe ar an saol seo chugaibh, i gCathair Dháibhid inniu, sé sin Críost an Tiarna. Agus seo comhartha dhaoibh, ar seisean. Gheobhaidh sibh an Leanbh agus é fillte in éadach ina luí i mainséar."

Anois ar mo shon féin agus thar ceann fhoireann an Echo guím Beannachtaí na Nollag oraibh. Go maire an óige go deo in ár gcroí agus go mbeirimíd beo ar an am seo arís.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese