OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Sliabh Luachra

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

D’iarr duine orm le déanaí píosa beag G’ilge a aistriú dó. Luadh Sliabh Luachra sa phíosa agus toisc nach bhfacas riamh aon Bhéarla ar an áit bheannaithe sin, d’fhágas mar a fuaireas é. Níor thaitin Sliabh Luachra leis an bhfear galánta seo in aon chor. "But," ar sé, "it must have a real name." Fán am seo dá mbeadh fiche ainm Béarla ar Shliabh Luachra ní rabhas chun ceann acu a insint dó. Dhá lá ina dhiaidh sin chuir sé glaoch orm arís agus ríméad an domhain air. Dob amhlaidh a chuir sé scairt ar eolaí éigin in Éirinn agus dúirt seisean leis go dtugtar ‘Rush Mountain’ go coitianta ar an Sliabh. "Cad is dóigh leat de sin?" ar sé. "B’fhearr liom Mount Rush Moor," arsa mise.

Cuma cad deir na heolaithe tá Sliabh Luachra fós ann agus níor thug éinne riamh Rush Mountain air. Is áit réadach é. Is áit cheolmhar dhraíochta é freisin. D’aithneodh éinne a bhfuil suim aige sa cheol Gaelach an t-ainm láithreach. Is ón gceantar sin na ceolteoirí Pádraig Ó Keeffe, Bill the Waiver, Julia Clifford, Denis Murphy agus Johnny Ó Leary. Luaiter an t-ainm go minic sa litríocht — sna scéalta Fiannaíochta ach go háirithe. Ar an Sliabh a chaith Bodach an Chota Lachtna an oíche sul ar chuaigh sé sa rás le Caol an Iarainn. Tá cur síos cuimsitheach ar an Sliabh agus ar mhuintir na háite le fáil sa leabhar iontach sin "An Duinníneach," le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair. Tugann an Duinníneach féin roinnt eolais dúinn ar a áit dúchais sa réamhrá a chuir sé le Dánta Aogáin Uí Rathaille.

Ní sliabh ná mórchnoc Sliabh Luachra ach ceantar, ceantar fairsing riascach portaigh. Tá an bhrí sin ag gabháil le ‘sliabh’ i bhFoclóir an Duinnínigh; Sliabh —- ‘moor, a piece of moorland, often lowlying.’ Deir Dinnín go n-úsáidtí abairtí den tsort, ‘ag teacht aníos ón sliabh,’ fadó, agus dob ionann sliabh agus portach iontu.

Laistigh den tríantán a dhéanann Oileán Chiarraí, Cill Airne agus Sráid a’ Mhuilinn atá an chuid is mó de Shliabh Luachra. Is léir ósna liosanna, na cathaireacha agus na caisil go raibh daoine ina gcónaí ar an dtaobh theas den limistéar ó thosach aimsire. Is anso atá Dhá Chích Dannan, an cúpla cnoc is cáiliúla in Éirinn. Creideann daoine airithe gurbh iad na Cíonna céanna a spreag Aogán agus Eoghan Rua agus fílí na Luachra chun ceapadóireachta.

Ag bun na gCíonna tá Tobar Crobhdhearg agus bhíodh patrún mór ann Lá Bealtaine. Théadh daoine ann ag lorg uisce agus chroithidís ar na hainmhithe é — b’fhéidir go gcleachtar an nós fós. Lá mór cleamhnaisí a thosú ab ea é freisin de réir na scéalta. Is eol dúinn mar sin go raibh daoine chun cónaithe timpeall na gCíonna ó thús ré na staire. Ach níor lonnaigh éinne, sa riasc ó thuaidh, seachas an fo-thóraí, go dtí lár an seachtú haois déag. Cromwell ba chúis le daoine dul ann ag an am san. Bhí na hÉireannaigh uiligh á ndíbirt go Connacht. In ionad dul go Connacht chuir cuid de uaisle Dheasmhumhan futhu sa riasc mhór seo. Ní raibh suim ag na Sasanaigh i bportaigh ag an am. Níos déanaí nuair a chuaigh an daonra chun líonmhaire agus nuair a thosaíodar ag saothrú agus ag triomú an phortaigh thart timpeall agus ag déanamh páirceanna glasa de, tháinig athrú meoin orthu.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

‘Sliocht teifeach de shaghas éigin ab ea muintir uile Shliabh Luachra in aimsir Aogáin Uí Rathaille,’ "An Duinníneach," lch 43. Ba de shleachta léanta fileata cuid mhaith desna lonnaitheoirí seo. Cinnte chuaigh idir uasal is íseal ann ach uasal nó íseal dóibh is ar éigin má bhí aon teaghlach ar an Sliabh nách raibh sagart nó scoláire air. Ní ag magadh a bhí Eoghan Rua nuair a dúirt sé — "A éigse is a shuadha Sléibhe Luachra!" Ait le rá níor cuireadh isteach ró-mhór ar mhuintir an tSléibhe mar gheall ar a gcreideamh. Ní rabhthas ina ndiaidh riamh i dtaobh an léinn ach oiread. Ba Chaitlicigh agus Seacaibítigh cuid desna tiarnaí talún — Hussey agus Brúnaigh mar shampla— agus formhór na n-athmháistrí. Ní raibh tóir ar shagart ná scoláire bocht mar a bhí in áiteanna eile. Ó 1750 amach bhronnadh Iarla Chinn Mhara dá phunt déag in aghaidh na bliana ar mhúinteoirí na scoileanna scairte, ar an Ráth Mór, i dTúirín Chathail agus in áiteanna eile sa cheantar. Bhíodh Laidin , Gréigis agus Béarla á múineadh sna scoileanna san agus bhíodh mic léinn á gcur go dtí an Mhór-Roinn gan cosc. Is iomaí sagart a tháinig as an Sliabh ó 1750 i leith. Sa bhliain 1955, mar shampla, chuaigh aon duine dhéag le sagartóireacht ón gceantar.

Ach ní bhíodh an saol ar a dtoil acu i gcónaí. Thuigeadar cad ba thíorántacht ann. Ba mhinic a cuireadh muintir bhaile amach as a dtithe gan trua gan taise. D’fhan cuid desna díthreabhaigh seo sna portaigh mar ropairí. Thrácht duine desna Husseys orthu i litir a chuir sé go dtí an Caisleán i 1702 — "Tories are skulking up and down in couples." Le himeacht aimsire rinneadh Buachaillí Bána dena ropairí agus na tóraithe seo. Thuilleadar clú agus cáill sa troid ar son na dtionóntaí. Ainmníodh dhá áit astu — Cnocán na bhFear Óg agus Cnocán na mBuachaillí. Bhíodar an ghíomhach le linn Chogadh na Talún agus crocadh triúr acu dá dheasca. Bhíodh meas ar Bhuachaillí na Ráithe Móire ar fuaidh na Mumhan. Agus tá meas ar cheol agus ar chultúr Shliabh Luachra ar fuaid an domhain go dtí an lá tá inniu ann.

Sea, chuir fear ‘Rush Mountain’ ag machnamh mé. Nach iontach go deo an méid de chultúr agus de stair na hÉireann a bhíonn ceilte ar radharc an duine gan Gh’ilge? Lá Le Pádraigh sona dhaoibh!

Comhghairdeas do Frank Skuse, Fear na Bliana, Cho. Chorcaí agus do Frank Durkan, Fear na Bliana Cho. Mhaigh Eo. Bhí an onóir tuillte go maith ag an mbeirt acu.

Chuir Séamas Connolly teachtaireacht chugam á rá nach raibh seomra ná ticéad fágtha acu do Irish Roots i mBoston College. Trí mhí roimh thús na feise níl folúntas amháin acu. Mo cheol thú a Shéamais.

Ar an Satharn, 15 Aibreán, ag an Holiday Inn, Fishkill, NY, faoi choimirce Dhaltaí na G’ilge, beimíd ag ceiliúradh saol agus saothar Ethel Brogan. Tá obair éachtach déanta aici ar son na teanga agus an chultúir. Más maith leat bheith linn, cuir scairt ar Liam Guidry 732-571-1988.PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese