OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Sure-Shot Tim

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

I 1929 agus An Gobhanóir Franklin Delano Roosevelt ag tíolacadh leacht cuimhneacháin do Timothy Murphy (1751-1818) i bPáirc Náisiúnta Saratoga, bhí an méid seo le rá aige: "This country has been made by Timothy Murphys, the men in the ranks. Conditions here called for the qualities of the heart and head that Tim Murphy had in abundance. Our histories should tell us more of the men in the ranks, for it was to them, more than to the generals, that we were indebted for our military victories."

Aontaím go hiomlán leis agus is chuige sin an píosa seo leanas. Rugadh Tim gar do Bhearna na Deleware sa bhliain d’aois an Tiarna 1751. Ní raibh a thuismitheoirí, Thomas agus Mary ‘Lundy’ Murphy, ach cúpla bliain sa tír seo nuair a saolaíodh é. Dob as Tír Chonaill dóibh. Fuaireadar i Meiriceá, mar a fuair na milliúin ina ndiaidh, tearmann agus slí bheatha taréis dóibh teitheadh ó dhrochriail, ó chúngracht talún agus ón ocras. Nuair a bhí Tim ocht mbliana d’aois d’aistríodar go Sunbury, PA. Chuaigh sé ar fostú go hóg ag teaghlach saibhir darbh ainm Van Campen agus chaith sé roinnt blianta ag obair i gCont’ Wyoming, PA. Fásach ab ea an ceantar san agus na ceantair máguaird ag an am. Mhair na coilínigh in imní a maraithe ó lá go lá. Ionsaithe na nIndiach an rud ba mhó a ghoill orthu agus ní raibh éinne sábháilte uathu. Dá dheasca san bhí fuath marfach ag Tim agus na coilínigh eile dona bundúchasaigh. Níor bhuail an smaoineamh riamh iad go rabhadar ag goid a gcuid talún ós na hIndiaigh bhochta. Fuair Tim cleachtadh maith ar shealgaireacht agus ar chogaíocht sna blianta san. Bhí sé ar an naoscaire (sniper) ab fhearr sa cheantar.

Ar 29 Meitheamh, 1775, liostáil sé i gCathlán ‘Northumberland County Riflemen.’ Mar gheall ar go bhfuil cín l’ saighdiúra ón gcathlán san fós againn, tá an-eolas againn ar a gcuid eachtraí. Mháirseáladar ó thuaidh agus ghlacadar páirt i Léigear Boston. Ina dhiaidh sin throideadar i mBrooklyn, White Plains agus sa chúlú treasna Nua Jersey. Bhí Tim leo ar feadh an ama. I 1777 toghadh mar mhusc’dóir i gCór Daniel Morgan é. Níor thogh Morgan ach na fir ba dhírí urchar as gach cathlán. Ba "Green Berets" na haimsire sin iad. Chuir Washington, Morgan go Deisceart NY chun cabhrú le stop a chur leis an Ginearál John Burgoyne a bhí ag teacht aduaidh ó Canada.

Ar an 7 Deireadh Fomhair 1777, agus Cath Bemis Heights, faoi lánseol, tháinig Benedict Arnold ar stealladh cos in airde chun Morgan. Dhírigh sé méar ar mharcach a bhí tuairim is 300 slat uathu ar an dtaobh eile den ghleann agus dúirt: "Scaoil an fear san ar an gcapall glas mar is arm ann féin é." Ginearál Simon Fraser a bhí i gceist aige. Bhí sé ag athchruinniú fórsaí Shasana chun frithionsaí a dhéanamh ar na coilínigh agus thuigh Arnold go mbeadh faidhb mhór acu dá n-éireodh leis.

Chuir Morgan scairt ar an naoscaire ab fhearr a bhí aige, Timothy Murphy. Mhínigh sé an scéal dó agus spáin sé Fraser dó. Dhreap Tim crann a bhí taobh leo agus leag sé an gunna ar ghabhlóg i gcraobh. Chaith sé le Fraser agus bhuail an t-urchar sa bholg é. Thit sé dá chapall le goin bháis. Nóiméad ina dhiaidh sin tháinig Sir Frances Clarke, Aide-de-Camp Burgoyne ar an bhfód. Chuir Murphy urchar ina cheann agus bhí sé marbh sul ar theagmhaigh sé le talamh. Nuair a thit Fraser chuaigh na saighdiuirí i scaoil. Díreach ina dhiaidh sin tháinig Ginearál Tenbroeck agus 3000 Nua Eabhracach aniar aduaidh orthu agus scaipeadh soir siar iad. ‘Sure-Shot Tim’ a tugadh ar Murphy as san amach. Mar dúbhras thuas tógadh leacht ina onóir sa pháirc. Chuireadar leacht le Fraser freisin san áit ar thit sé. Dála an scéil bhí lámh nach beag ag Benedict Arnold sa bhuacan ag Saratoga. Chaill sé cos ann agus tógadh leacht cuimhneacháin don chois ar an láthair freisin.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Ní raibh Tim críochnaithe le cogaíocht fós. Chaith sé geimhreadh uafásach i dteannta Washington ag Valley Forge agus throid sé ag Philadelphia ina dhiaidh sin. Ansan chuir Washington trí chomplacht ó thuaidh chun Tuaisceart Nua Eabhrac a chosaint ar na Tóraithe agus na hIndiaigh. Ba chogadh salach gránna é. Cuardaigh ‘Cherry Valley Massacre’ ar an idirlíon chun blas a fháil ar an sort cogaíochta a bhíodh ar siúl acu. Bhí Tim páirteach i go leor trodán i rith na mblianta 1777-81. Bhain sé cáil bhuan amach dó fhéin sa "Middle Fort" i nGleann Schoharie i nDeireadh Fomhair na bliana 1780.

D’ionsaigh Sir John Johnson an Gleann. Bhí suas le 1,500 fear faoin a cheannas idir Thóraithe agus Indiaigh. Bhí timpeall 200 Meiriceánach sa dún faoi cheannas ‘Major Woolsey.’ Cheap Woolsey nach raibh seans acu agus bheartaigh sé ar gheilleadh. Nuair a thug sé faoi an bhratach a tharraingt anuas scaoil Murphy urchar foláirimh faoi. Thug sé faoi arís agus scaoil Murphy arís. D’ordaigh sé Murphy a ghabháil ach bhí furmhór na saighdiuirí ar aon intinn le Tim agus b’éigin do Woolsey géilleadh dóibh. Taréis cúpla lá d’éirigh Johnson as an léigear agus thug a aghaidh ar ais ar Canada. Lean na Meireacánaigh iad ag scaoileadh futhu ar feadh an ama. Bhí cáil mhór ar Tim i dTuaisceart Nua Eabhrac as san amach. Tá leacht ag comóradh na hócáide le feiscint i Reilig Middleburg mar a bhfuil corp Tim. Tá meall mór leabhar agus paimfléid a bhaineann le Tim le feiscint i Leabharlann Middleburg.

I 1781 bhí sé arís sa ‘Continental Army’ faoi cheannas "Mad Anthony" Wayne ag troid i gcoinne Cornwallis ar fuaid Virginia. Bhí sé i láthair nuair a rug na Meiricéanaigh an bua ag Yorktown. Phós Tim faoi dhó agus bhí muirear mór air, triúr duine déag. Ní raibh léamh ná scríobh aige ach mar sin féin d’éirigh go maith leis sa saol. Bhí cúpla feirm aige agus muileann, agus ba pholaiteoir áitiúil é. Ba fhear saibhir é nuair a fuair sé bás in 1815. Ailse scornaí a mhairigh é. Fuaireas trí amhrán a bhaineann leis. Seans go bhfuil roinnt eile ann. Críchnód le píosa as ceann acu. Ní fuláir nó bhí ana mheas ag an gcumadóir ar Tim agus é a lua in aon véarsa le Washington.Then came the French and the war was done

And freedom’s glory grew,

So when we bless George Washington

Let us bless Tim Murphy too.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese