OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Synge ar an mBlascaod II

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Breandán Feiritéar

Ba gheárr gur chasamar-ne isteach i gcuaisín idir charraigeacha mar ar chuas féin i dtír ar shlip agus b’sheo liom trí chasán géar casta go barra na faille mar ar bhailligh math-shlua in ár dtimpeall ag cur fáilte rompu siúd a bhí faram.

Tá an tig in bhfuil lóistín agamsa i mbarra an bhaile thuas agus ar na cosáin chúnga idir na tithe aolghealta ar ár slí aníos chuige tháinig madraí allta, mallaithe amach romhainn ag tréan-screamhaíl orainn. Bhí fear an tí romham-sa amach agus mo mhála aige agus nuair a shroiseamar táirseach a dhorais tháinig sé chugam agus rug ar láimh arís orm agus thug óráid shnasta fáiltithe. Ansan do tháinig a iníon, óig-bhean pósta de fhiche éigin bliain a fhéachann i ndiaidh a thí, agus chroith sí láimh liom. Níor cháisigh sí linn staid ár n-ocrais, ach thosnaigh uirthi ag déanamh t’ dúinn i gcorcán iarrainn agus ag rósta muicfheola. Bean bheag is ea í ach tá sí ana dhea-chumhtha ar fad le gruaig agus súile donna – in áit na gruaige duibhe agus na súile gorma a bhí ar a leithéide go minic in Éirinn – tá a cosa agus a h-ailt go cúmtha fuithi – rud neamhghnáthach eile ins na bólaí seo de dheasca crua-oibre na mban. Tá driofúr níos óige ná í sa tig, cailín dathúil atá ocht mbliana déag nó mar sin atá lán de ghreann agus de sprid.

D’innis an máistir scoile scéalta seoigh i nGaoluinn agus i mBéarla fad a bhí beainín bheag an tí ag friotháil orainn is sinn i mbun an t’; agus ansan líon an chistin isteach le h-óig-mhná agus óig-fheara – gnáth éide an iascaire ar na fir óga ach bhí na mná óga gléasta i gcabhlacha priontálta agus íochtair daite – gan aon dealramh chuige acu le cluthairt na mban Árainneacha. Rinnceadh seit le smúit agus le sollúntacht go dtógfá ceann de. Nuair a bhí san thart, bhí sé in am ag buachaillí na mín tíreach a tháinigh lem’ chois scaoileadh faoi abhaile.

Is mé ag bhálcaéireacht liom, chonac alán des na h-oileánaigh óga ag fáscadh léime fada, ag caitheamh na ceaiste nó ag rith ráis le chéile. B’sheo chugam ceathrar cailíní in uilinn a chéile ag coisíocht agus chuireadar cainnt orm as Gaoluinn. Ba gheárr go rabhadar ag scartaíl go h-ard faoi chomharthaí a bhíos ag déanamh le mé fhéin a chur i dtuiscint dóibh. Ba gheárr gur dhruid fearaibh linn go dtí go raibh slua in ár dtimpeall. Chuir glasú an tráthnóna abhaile sinn agus chaitheamair an chuid eile do cois tine.

Ag a haon déag istoiche d’éirigh gach éinne in aonacht agus d’imíodar abhaile agus fágadh linn féin mé féin agus beainín bheag an tí a fear céile agus a driofúr – óir go raibh a hathair imithe amach le cois na bhfear nóg ó Dhún Chaoin. Chuireas in iúl dóibh go raibh fonn leapan orm mar go raibh an coladh théis mé a bhualadh. Las beainín bheag an tí coinneal agus bheir léi í go dtí an seomra ar chúl na cisteannaí agus ghreamaigh í de phosta na leapan le braonacha céire. Ansan bhain sí di a h-aprún agus cheangail é i bhfuinneoig an tseomra mar dhallóg. Leath sí aprún eile ar an urlár tais cré le go mbeadh ar mo chumas seasamh air, ansan d’fág sí an seomra. Bhí dhá leaba sa tseomra, faid an dá fhalla futhu le cosán eathru, cathaoir a thug an bheainín bheag tí isteach agus sean-scuaib gruaige a bhí ag coimeád na fuinneoige ar leathadh, b’shin a raibh sa tseomra.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bhíos tamall sa leaba nuair a chuala guth fhir an tí ón gcistin, agus níorbh fhada gur tháinigh sé chugam isteach le coinneal ina láimh agus seo air ag déanamh a leithscéil fhada toisc é a bheith as baile an chéad oíche dom ar an oileán – an choinneal ina ghlaic aige agus a cheann im’ bhéal. Dúrt leis gur mhaith an chóir a chuir a chlann agus a chomharsain orm á éaghmais. D’imigh sé uaim, ach leathuair ina dhiaidh sin d’oscail sé an doras arís leis an spunóig iarainn a úsaidtear leis an laiste a árdach agus isteach leis ina chulaith geal de bhréid baile ag lorg mo cead go sínfeadh sé sa leaba eile mar nach raibh aon áit eile aige le síneadh. Thugas mo chead agus fáilte. B’sheo leis isteach sa leaba eile agus dheargaidh a phíp. Bhí cómhrá fada ansan againn ar an áit seo agus ar Mheirice agus ar na glúnta óga.

" Níor báthadh éinne ar an oileán seo, " a deir sé le daichead bliain," is mór an t-ionadh san mar is contúirteach an slí bheatha atá anseo. Bhí fear as seo a bhí pósta le baintreach go raibh tig tábhairne aici i bhfad ó thuaidh ó Bhaile na nGall agus bhí sé amuigh ag iascach mhaircréal agus thóg sé ana lán dóibh, chuir sé an iomarca dóibh ‘on naomhóig – bhí sí síos go gunail. Bhuail tonn í agus í i ngiorracht urchar méaróige de’n gcaladh agus síos léi futhu. Tháinig beirt aisti, ach báthadh fear an oileáin seo mar shleamhnaigh a chuid oileanna síos leis agus chuaigh a chosa in achrann iontu, chuaigh sé go toinn poill dá ndeasca."

Chaitheamar tamall cainnte ansan ar bhiaiste na maircréal. " Má’s biaiste maith é, éiríonn go maith linn," a deir sé, " ach níl aon chinnteacht agat go mbeidh sé go maith. Díolaimíd £4 ar líon, ach uaireanta déanfaidh fíogaigh agus madraí éisc mion raimh chom mion is dá ngeárfaí le sciain é de sin an chéad lá. Uaireannta cailltear maircréil sa líon, mar nach bhfeadfadh deichniúr fear iad a tharrac isteach ‘on naomhóig, agus má neartaíonn gaoth caitear an líon a ghearradh agus scaoileadh léi go tóin poill. Má faightear iasc ist oíche caithimíd dul go Dún Chaoin leis le é a dhíol le ceannathóiri ar maidin – rud ana chúntúirteach dul treasna an bhealaigh nuair atá ualach ró mhór san naomhóig. Nuair a bhíonn an uain ró dhona le dul amach leis, leasaimíd féin an t-iasc. Caithimíd é a shailleadh i gceart agus é a cur ar picil i mbairrilí glana agus ansan ach a dtiocfaidh an lá ciúin b’fhéidir go dtiocfadh ceannathóirí ó bhaile an Daingin á cheannacht."

" Níl aon mhaith ins na daoine óga atá anois ann," a deir sé. " Nílim-se d’fhear chomh maith lem’ athair, agus tá mo mhac ag éirí suas níos measa ná mar atáim-se." Ansan bhuail sé a phíp ar phosta na leapan. " Tán tusa traochta," a deir sé " tá sé in am codlata." Mhúch sé an choinnil agus shocraíomar chun suain. Ba gheárr gur léir dom go raibh sé ina throm chodladh agus ina thaidhreamh, ach díreach agus mé féin ag sleamhnú liom, chuala doras an tí dá oscailt agus tháinigh mac an tí – fear óg fiche éigin bliain – isteach agus seo leis siar in ár seomra-ne go dtí mo leabaidh-se agus coinneal ina ghlaic. Choinníos mo shúile iata, ach ní ró-shásta a bhí an fear óg seo mise a bheith sa leaba. Ach scrúdaigh sé go fiosrach mé. Nuair a bhí a dhóthain de sin aige, d’fhill sé ar an gcistin, d’ól sé scíobas d’uisce beatha agus dúirt a phaidreacha, théis tamaill a thabhair ag máineáil timpeall agus ag seó le cú beag de mhadra a bhí ana mhór leis, bhain sé dó a chuid éadaigh, phreab thar a athair isteach agus shín é féin ar an dtaobh istigh dó sa leaba.

P.S. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese