OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Toighe Chorr an Chait

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Baile Ghoilín gann

Ná téir gan do dhinnéar ann;

Tá a chúl le huisce, a aghaidh ar chnocaibh

Agus daoine gan tuiscint ann.

Rann é seo a chualas áit éigin nuair a bhíos óg agus d’fhan sé i mo cheann. Tá rainn den tsort seo ar eolas ag gach duine a bhfuil cúpla focal G’ilge aige. Bhídís an-choitianta fadó. Is léir ón tsean litríocht go dtéann siad i bhfad siar. Ag seo píosa a cumadh míle bliain ó shin: Ranac-sa a les Seacha téit in glas, Inat imda gruus Gen cob imda ass. (Thángas go dtí a lios, a dtéann an abhainn thairis, téann an-chuid cáise isteach ann ach ní thagann mórán as.) Is beag nach mar a gcéanna an dá rann. Ní luann an file duine ar bith de ghnáth sna píosaí seo ach tuigeann an pobal cé tá i gceist aige. Tá tagairt do bhaile beag sa chéad rann thuas agus do lios sa tarna ceann. Is léir gur cuireadh droch-bhail ar an bhfile sna háiteanna seo; nach raibh muintir an bhaile bhig nó an leasa ró-fhial leis. Chuir an easpa féile seo fearg air. Fearg a bhíodh taobh thiar den aoir go minic.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Ag trácht ar an nós seo deir Dáithí Ó hÓgáin: "Ní miste a rá go bhfuil móitíf amháin ag baint leis an aoradh sna cuntais go léir atá againn sa tSean-Gh’ilge agus ó shoin i leith, agus is é sin gur de bharr feirge a dhéanann an file an aoir. Tá béim chomh mór san leagtha ar an móitíf seo go bhfuil glactha leis an bhfearg mar cheann de na staideanna corraithe aigne a bhíodh ar an bhfile agus é i mbun a cheirde go ginearálta. Is de bharr olc a bheith curtha ag duine nó ag daoine éigin ar an bhfile a thagann staid fhiáin na feirge ar a aigne." (An File, Dáithí Ó hÓgáin, 1982)

Sa leabhar "Thaitin Sé le Peig" tá dhá alt a bhaineann le staid an bhéaloideasa i gCorcha Dhuibhne tuairim is céad bliain ó shin nuair a tháinig Jeremiah Curtain ag bailiú scéalta. P. Ó Fiannachta a scríobh ceann acu agus Pádraig Ó Héalaí an ceann eile. Deir Ó Fiannachta go raibh ‘rabhcán an fhile ar bhailte fearainn na dúiche mór thimpeall ar eolas ag gach éinne le linn na haimsire sin agus go bhfuil eolas ag cúpla duine fós orthu. Deir Ó Héalaí gur mhair na píosaí filíochta seo sa bhéaloideas toisc gur "Chothaigh agus dhaingnigh siad an drochmheas a bhíodh ag pobal amháin ar phobal eile agus ag an am céanna chothaigh siad meas pobail orthu féin." Seo sampla atá ag Ó Héalaí:

Gleann Fleisce na gCrann

Ní bhíonn ann ach an Gorta

Mura mbíonn tú istigh in am

Beir an tráth sin i do throscadh.

De réir dealraimh bhíodh droch-ainm ar Ghleann Fleisce sa tsean aimsir fiú i gCorcaigh mar bhí ‘Baile Mhúirne na mbacach agus Gleann Fleisce na mbithiúnach,’ mar sheanfhocal ag Amhlaoibh Í Luínse.

Bhí filí ó thuaidh lán chomh tugtha dona haortha is a bhí a mbráithre ó dheas. Lá amhain bhí Séamas Dall Mac Cuarta (1647-1733) agus cara leis ag gabháil trí bhaile fearainn darb ainm Corr a’ Chait in Ó Méith. Bhí an file ag súil le greim bídh nó braon dí ó mhuintir na háite ach in ionad fáilte a chur roimhe, mar ba chóir, dob amhlaidh a chuaigh muintir an bhaile go léir i bhfolach uaidh. B’fhéidir go raibh eagla orthu roimhe. Ar aon nós tharraing siad fearg an fhir léanta orthu féin agus chum sé aoir á gcáineadh. Cuireann sé coimhthíos agus droch-bhéasanna ina leith agus cuireann sé i gcomparáid leis an mbroc iad. Bíonn an broc ag tochailt sa dorchadas agus bíonn doicheall air roimh cuairteoirí. Is ionann ‘toighe’ agus ‘tithe’ agus is ionann ‘Cha dtig aon díobh i gceann cháich’ agus ‘Ní thagann aon duine acu in aice le daoine eile — níl siad fáilteach.’ Bhí an dán so ar bhéalaibh daoine i ngach Gaeltacht agus bhí muintir Chorr an Chait náirithe i bhfollas na tíre. Cumadh an dán so breis is dhá chéad go leith bliain ó shin. Ag seo dhá véarsa as:

Uaighneach sin, toighe Chorr an Chait,

Uaighneach a bhfir is a mná,

Is dá bhfaighdís ór agus fíon

Cha dtig aon díobh i gceann cháich.

Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi

I ndorchadas oíche is l’;

Ar ar cruthaíodh ó Neamh go lár

I gceann cháich cha dtig sé.

Ach uaireanta bhíod feidhm phraiticiúil leis an aoir. Bhí Art Mac Cumhaigh i ‘B&B’ oíche agus sciob duine éigin a bhata siúil. Scríobh sé aoir, ar áit na mbonn, inar chuir sé mallacht ar an ngadaí:

Cibé a raibh rún a ghoid mo bhata aige,

Míle cnapán go raibh ag an lubhra air,

Cancar go raibh ins na haltaibh air,

Gearradh tairt agus múchadh air,

Agus aicíd an fhiabhrais bhallaigh go mbainidh gar na súl de.

Fuair sé an bata ar ais ón ngadaí.

Bhíodh meas mór ag na filí orthu féin agus níor thaitin sé leo nuair nár tugadh an onóir ba dhual do fhilí dóibh. B’fhuath leo an ainfhéile. Ní gá duit ach féachaint ar na mílte rabhcán aorach atá sa traidisiún chun é sin a thuiscint. Ádh mór.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese