OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Tomás Láidir agus Úna Bhán

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Míle laistiar de Bhealach an Doirín i gCo Mhuí Eo bhíodh an ‘Caisleán Mór’ fadó. Ba le muintir Choisdealbha an caisleán sin agus in aimsir Chromuill bhí Dubhaltach Mac Coisdealbha ina thaoiseach ann. Bhí mac aige siúd darbh ainm Tomás Láidir. Tá sé mar scéal ar Thomás gurbh é an fear ba láidre in Éirinn lena linn é. Is iomaí scéal a mhaireann sa bhéaloideas fós faoi an bhfear seo; scéalta gaiscigh agus comhraic don chuid is mó ach ina measc tá ceann des na scéalta is truamhéalaí dá bhfuil againn. Scéal Úna Báine atáim á rá.

Nuair a bhí Tomás timpeall ar fhiche bliain d’aois thug sé grá d’ Úna Bhán Ní Dhiarmada, iníon Mhic Dhiarmada na Carraige, Tiarna Mhuí Luirg. Ní raibh i bhfearann Fáil fear ba uaibhrí ná ba bhródúla ná Mac Diarmada agus ní thabharfadh sé a iníon do Thomás mar nách raibh sé maith a dhóthain di, dar leis. Chuaigh Tomás arís is arís eile dá hiarraidh ach ba shaothar in aisce dó é. Ansan tháinig scéala lá go Mac Diarmada go raibh saighdiúirí Chromuill ag teacht ina dtreo agus chuir sé fios ar thaoisigh an cheantair teacht chun comhairle a ghlacadh ar cad ab fhearr dóibh a dhéanamh. Ní bhfuair Tomás aon teachtaireacht ná cuireadh uaidh agus ghoill an masla go mór air.

Chinn na taoisigh ar throid a dhéanamh i gcoinne na nGall ag bun an Chorrshléibhe, ar an dteorann idir Roscomán agus Sligeach. Ní raibh Tomás Láidir Ó Coisdealbha toilteanach fanúint sa chúlra agus lá an chomhairc ghluais sé agus a chuid fear go dtí mala an tsléibhe agus chuadar i bhfolach san aiteann. Thosnuigh an troid agus ba ghearr gur bhris marcshlua an namhad isteach tré lár na nGael. Nuair a chonaic Tomás an cruachás ina rabhadar d’árdaigh sé a rosc catha "Lámh Láidir Abú" agus síos an cnoc leo ar nós maidhm shléibhe. Thángadar aniar aduaidh ar an namhaid. Bhí oifigeach Sasanach ar tí claíomh a chur i gcroí Thraolaigh Mhic Dhiarmada, mac an taoisigh, nuair a tháinig Tomás fhaid leis. Deir siad gur thug sé buille tuaighe dhó agus gur sgoilt sé síos é go droim an chapaill agus leis an bhfuinneamh a bhí sa bhuille sin, gur cuireadh an capall ar a dhá ghlúin. Cuireadh an ruaigh ar na Sasanaigh.

Bhí na taoisigh go léir an-bhuíoch do Thomás faoin gcabhair a thug sé dhóibh agus síleadh anois go ndéanfaí cáirdeas idir é agus Mac Diarmada. Ach bhí Mac Diarmada ro uaibhreach agus ní bhrisfeadh sé an focal a thug sé in aghaidh an chleamhnais. Bhí deireadh na foighne caite ag Tomás fán am seo agus oíche amháin tháinig sé go dtí an caisleán agus d’iarr sé an iníon arís ar an sean fhear. "Muna bhfaighim-se anocht uait í, ní thiocfaidh mé ar ais choíche arís á lorg," ar sé. D’impigh Traolach ar a athair géilleadh agus chaith Úna í féin ar a glúine ós a chomhair ach níor bhog sé.

D’imigh Tomas agus é ar buile. Is ar oileán i lár Loch Cé a bhí an caisleán agus léim Tomás ar dhroim a chapaill agus isteach leis sa loch. D’fhan ansin ar fead tamaill mhaith ag dul soir is siar ag súil le comhartha éigin ón gcaisleán gur ghéill an taoiseach. B’éigin dó éirí as ar deireadh agus shnámh sé an capall go bruach an locha. Nuair a tháinig sé i dtír chuala sé adharc á séideadh agus nuair a d’fhéach sé treasna an locha chonaic sé brat bán ar folún mar chomhartha dhó teacht ar ais. Bhí sé ró-dhéanach. Níor fhill sé choíche. Tamall gairid ina dhiaidh sin fuair Úna bás le briseadh croí.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Phós Tomás iníon Uí Ruairc Bhréifne tamall ina dhiaidh sin, ach bhí a chroí san uaigh le hÚna Bhán. Deir siad gur thug an Ruarcach Tomás amach faoí na cnuic agus thaispeáin sé tréad mór caorach dhó. "Is leat-sa iad," arsan Ruarcach. "Is fial an spré é sin," arsa Tomás, "ach b’fhearr liom aon uan amháin ná an méad sin uile."

Níorbh fhada pósta iad nuair a thug an bhean faoi ndeara go n-éalódh Tomás san oíche agus go mbíodh an capall agus é féin fliuch salach taréis teacht ar ais ar maidin. Ansin, maidin amháin níor tháinig sé abhaile in aon chor agus cuireadh giollaí amach á lorg. Fuarthas sínte marbh é ar uaigh Úna Báine agus an capall bán ina sheasamh lena ais. D’adhlacadh taobh le Úna é ar an oileán i lár Loch Cé. D’fhás crann as gach uaigh díobh agus ghreamaíodar dá chéile agus dá bhfeicfeá iad shílfeá nách raibh ann ach aon tor amháin. Ag seo síos trí bhéarsa as an amhrán Úna Bhán a scríobh Tomás féin ag caoineadh a leannáin.

A Úna Bhán, a bhláth na ndlaoi ómra,

Atá t’réis do bháis de bharr droch-chomhairle;

Féach, a ghrá, cé acu b’fhearr den dá chomhairle,

A éin i gcliabhán is mé in Áth na Donnóige.

A Úna Bhán, ba rós i ngáirdín thú,

Is ba choinleoir óir ar bhord na bainríon thú,

Ba cheiliúr ‘s ba cheolmhar a’ gabháil an bhealaigh seo romham thú

Sé mo chreach mhaidne bhrónach nár pósadh le do dhú-ghrá thú.

A Úna Bhán is tú do mhearuigh mo chiall,

A Úna is tú chuaidh go dlúth idir mé gus Dia,

A Úna, a chraobh chumhra, a lúibín chasta na gciabh,

Nárbh fhearr dom-sa bheith gan súile ‘ná d’fheiceál ariamh. P.S. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn. An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese