OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Tuirse na nGaibhne

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bunaíodh ‘An Cumann le Béaloideas Éireann’ i 1927 agus é mar chuspóir acu béaloideas agus sean-aimseareacht na tíre a bhailiú, a fhoilsiú, agus a shaoradh ón mbás. I Meitheamh na bliana san foilsíodh an chéad eagrán den iris cháiliúil acadúil ‘Béaloideas.’ Sa réamhrá deir Séamas Ó Duilearga ‘Cé gur mór atá imithe uainn, tá oidhreacht shaibhir fós le fáil agus le cur ar buan-choimeád don náisiún má dheinimíd-ne dícheall ar feadh na ndeich mblian so ag teacht.’ Chuireadar chuige agus rinne siad obair éachtach.

Ceann desna daoine a bhíodh ag bailiú don chumann nua ab ea Fionán Mac Coluim. Fear fíor-shuimiúil ab ea é agus beidh píosa agam faoi amach anseo. Tharla, timpeall an ama sin, go raibh sé ag lorg eolais faoin sean-fhocal "bíonn tuirse na ngaibhne ar na buachaillí bó" agus scríobh sé litir go dtí Tomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór. D’iarr sé air cuardach san Oileán féachaint an bhfaighfeadh sé ann aon scéal ina thaobh. Fuair sé litir ó Thomás. Ag seo sliocht as agus an scéal a d’aimsigh sé:

‘Tá fear anso atá thar ceithre fichid agus bíonn ana-chuimhne aige ar nithe mar sin. Tharraingíos chuige "tuirse na ngaibhne ar na buachaillí bó," agus seo mar thug sé amach é:" "Lá dá raibh an Mhaighean Mhuire ag taisteal an bhóthair tháinig siolla gaoithe agus bhain di an brat. Thóg sí é agus chrom sí ar a bheith ag lorg an dealg brád a bhíodh á chimeád ach chuaidh di é a fháil. Dá dheasca sin dob éigin di a lámh a chimeád air agus dob shin ní nár mhaith léi.

Bhí sí ag cur dí agus ní raibh an ghaoth ag bogadh. Ghaibh sí thar páirc go raibh cuid mhór stuic agus fear ina mbun. ‘Dá mb’ do thoil dealg a chaitheamh anuas chugam de shlapar an chrainn sin thuas,’ ar sise. ‘Bheinn gan chúram, mhuise!’ ar seisean. D’fhág sí ansan é agus d’imigh nó gur bhuail duine eile mar é léi. D’iarr sí an rud céana air. ‘Ní mór é do chúram gan do lámh a chimeád air,’ ar sisean. Sin mar dhein an bheirt léi.

Bhí ceárta gan a bheith i bhfad uaithi insan am so agus ar ghabháil thar bráid di bhí an gabha i mbéal an dorais. ‘Cad fáth ná fuil biorán id’ bhrat agat agus gan do lámh a bheith air?’ arsan gabha. ‘Chailleas é,’ ar sise, ‘agus tá náire orm mo lámh a bheith á chimeád.’ ‘Gheobhad-sa rud éigin duit,’ ar seisean. ‘Tar isteach agus suigh síos.’

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Chuir an gabha a lámh ina phóca, thug píosa airgid aníos as agus dhein an biorán nár deineadh a leithíd riamh ó shin. Níor thóg sí an dá shúil den ghabha an fhaid a bhí sé ag déanamh an bhioráin. Ansan ghaibh sí a buíochas leis agus d’imigh sí. Bhí an biorán déanta insa tslí ná raibh dul aige ar an mbrat a fhágaint gan a lán féin a bhreith leis, gan lámh duine á bhogadh."

Leanann Tomas den scéal: ‘Sin agat cur síos air de réir mar bhaineas éifeacht as an bhfear aosta a thug dom é. Is dóigh liom go dtugaim chun mo chuimhne é go gcuala óm athair féin go raibh an Leanbh Beannaithe i bhfallaing ar a drom aici agus go raibh uirthi lámh léi a bheith ag cimeád an Linbh agus an lámh eile ag cimeád na fallainge thar a bráid agus nuair a chonaic an gabha an dá láimh gafa aici gurbh ea do chuir sé suim inti. Bhí buíochas chomh mór san aici air gur ghuí sí chun Dé an tuirse a bhaint den ghabha agus dá shliocht agus is mar sin do cuireadh a dtuirse ar na buachaillí bó.’

Seo cúpla píosa eile ón gcéad eagrán de Béaloideas. Fuarthas an scéal seo ó Sheán Mac Cártha Baile ‘n Sceilg. Bhí píobaire darbh ainm do Donncha Ó Sé ar an Lóchair fadó go raibh an ceol sí aige mar chuala sé á sheinm é oíche agus thug sé leis é. Bhí sé ina dhiaidh sin ar phósadh agus sheinn sé an ceol sí don chóisir agus bhí a raibh istigh acu ag rinnce fiú na háruistí, bhíodar a bogadh chun rince nuair a stadadh don cheol. Níor sheinn sé as san amach é, chuala, mar buaileadh breoite é taréis an méid sin a dhéanamh agus bhí an iomad den eagla air chuir chuige arís. Bhíothas ag tathant air oíche éigint ina dhiaidh san é sheinm arís. Bhíodar chomh dian air mara sheinfeadh sé dóibh é go maróidís é. Ach níor lig sé faic air is sheinn sé ‘An Giolla Rua’ dhóibh mar b’é sin an ceol ba ghiorra don cheol sí, agus bhíodar lán sásta mar shíleadar gurbh é é.

Seo ceann eile ón bhfear céanna: Nuair a bhí mo sheana-mháthair ar thí an chéad linbh a bheith aici ghaibh bean feasa isteach chun a máthar agus duairt sí aire mhaith a thabhairt dá hiníon, go rabhthas chun í a thabhairt leo dá bhféadfaidís in aon chor é. An oíche seo buaileag breoite í agus i gceann tamaill den oíche bhraitheadar an capall ag teacht go dtí an doras agus croith an capall í féinig faoi mar a thiocfadh an marcach anuas di. Rug an mháthair ar a hiníon agus bhuail ar a drom í agus dúirt sí go mbeadh a cuid féin aici go háirithe, mar ní féidir don tSlua an leanbh a bhaint de dhrom a máthar in aon chor; sin bua atá ag an máthair. Níor chualadar faic as san amach.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese