Le Barra Ó Donnabháin
Tráthnóna Dé Céadaoin, an 18ú lá déag de Dheireadh Fomhair, 1899, bhí an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh sínte go tréith lag in ospidéal, faoi stiúradh Siúireacha na Trócaire, i Los Angeles. Bhí cara leis, an tAthair Laubacher, ina a shuí ar thaobh na leapan. Díreach roimh a sé a chlog d’fhéach Eoghan air agus dúirt: "Níor cheart d’aon duine bheith in éadóchas faoi thrócaire Dé aon uair, fiú ag an nóiméad deireanach. Tá mé chomh sona sásta anois agus nách féidir liom é a chur in iúl." ( ó "Eoghan Ó Gramhnaigh" le Seán Ó Ceallaigh) Shín sé siar sa leapa arís agus fuair sé bás. Bhí Clog an Aingil á bhualadh. Bhí cúig bliana caite aige sna Stáit Aontaithe ina othar.
Tugadh corp Eoghain chun na hArd-Eaglaise agus léadh Aifreann na marbh ar son a anama dhílis. Bhí an tArdeaspag agus fiche sagart i láthair. I ndiaidh an tsearmanais ghluais an tsocraid go Reilig Chalvaire agus leagadh i gcré é ar thaobh cnoic ar amharc na Farraige Ciúine. Agus mé ag scríobh an phíosa seo tá dhá phictiúr ós mo chomhair ar an mbord – ceann den uaigh agus ceann d’ Eoghan féin – an ceann deireanach de. Labhrás Brannóg, cara leis ósna na l’thannta i Máigh Nuad, a thóg na pictiúir agus a thug don Gaodhal iad. Tá an uaigh clúdaithe le bláthanna – fleasca rós i lár baill agus lilí timpeall orthu. Tá cros rósanna ina seasamh ag ceann na huaighe.
Sa phictiúr eile tá Eoghan ina shuí ar bhinse agus bean rialta ina suí taobh leis. Deir an ceannteideal go bhfuil Eoghan ag ithe béile bhig a thug an tSiúir Angela chuige. De réir an ailt dob í an bhean uasal seo a d’fhreastal air go foighneach de ló is d’ oiche go bhfuair sé bás. I sanatorium i bPresscott Arizona a chaith Eoghan furmhór a ama i Meiricea. Níor chaith sé ach an chéad Nollaig i gCalifornia i dteannta a charad, an tAthair Yorke, agus ansan i 1899, chuaigh sé ar ais go Los Angeles le go bhfaghfadh bás san ospidéal.
Bhraith sé ana uaighneach in Arizona. Ó am go chéile thagadh cara ar cuairt; an tAthair Yorke, an chéad chara a bhí aige i Máigh Nuad; Tomás Bán Ó Conceanainn a rugadh in Inis Meáin agus i gcionn a chúig bliana d’aois a tháinig go California, mar a raibh fíonghort ag a dheartháir; Agus Labhrás Brannóg. Bhí ard-cháil ar Thomás mar thimire don Chonradh ina dhiaidh sin.
Ní túisce Eoghan curtha i gCalifornia, ná daoine áirithe ag trácht ar a chorp a thabhairt ar ais go hÉirinn. Bhí airgead mór i gceist. I Mí Iúil 1900 tá cur síos sa Gaodhal ar fheachtas atá ar siúl chun Ó Gramhnaigh a thabhairt ar ais go hÉirinn. Fuair an Brannógach cead ó dheirfiúr Eoghain lena aistriú agus faoi choimirce Chonnradh na G’ilge thosnaigh eagaraíochtaí ar fuaid na tíre ag bailiú airgid. Mar is gnáth bhí troid nó dhó ann agus scoilt nó trí freisin sul ar éirigh leo gach rud a eagrú i gceart.
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Ar maidin Dé Céadaoin 2 Meán Fomhair 1903 athoscalaíocht an uaigh agus tógadh corp Eoghain ar ais go dtí an Ard Eaglais. Léigh an tAthair Ó hAirtnéide Aifreann na Marbh agus fágadh na taisí faoi ghradam sa tséapéal ar feadh l’ agus oiche. Tháinig na G’il ina sluaite chun slán a fhágaint aige. Ansan tugadh an corp ó thuaidh go San francisco agus Labhrás Ó Brannóg á thionlacan. Bhí an tAthair Yorke ag feitheamh leo. Fágad an corp ar feadh seachtaine i Halla na Craobhruaidhe. Deir siad gur tháinig gach Éireannach sa cheantar chun omós a thabhairt dó. As san soir go Chicago agus soir arís go Nua Eabhrac. Tháinig an tAthair Ó Ficheallaigh ar an dtr’in i dteannta an Bhrannógaigh go Nua Eabhrac.
Bhí Nua Eabhrac ullamh chun fáilte a chur roimh Ó Gramhnaigh. Bhí na cumainn Éireannacha go léir ag iarraidh deimhin a dhéanamh de go mbeadh a dtabhairt amach in onóir d’ Eoghan seacht n-uaire níos fearr ná in aon áit eile. Bhí na huaisle go léir ag feitheamh ag Grand Central Station nuair a tháinig an tr’in isteach. Bhí deartháir le hEoghan ann, Criostóir. Bhí sé taréis teacht go Nua Eabhrac bliain roimis sin agus rinneadh cisteoir ar an airgead a bhailigh an Gaodhal de. B’é an t-airgead san a thóg an séipéilín cuimhneacháin i Máigh Nuad.
Tugadh an chónra go dtí Ard Eaglais Naomh Pádraig agus dúradh an Paidrín i nG’ilge. An mhaidin dár gcionn léadh Aifreann na Marbh agus thug an tAthair Cuniffe caint bhrea uaidh i nG’ilge agus i mBéarla. Bhí na cumainn go léir réidh leis an chónra a leanúint ón tséipéal go dtí an Campania, long de chuid Cunard,a bhí ceangailte sa chuan. Nuair a chuala boic mhóra Cunard faoi an mórshiúl ghlac eagla iad. Dá dtiocfadh na mílte Éireannach ag tionlacan na cónra síos chun an chalaidh bheadh fhios ag chuile dhuine ar bord go raibh corp ag dul go hÉirinn. Ní bheadh cuid acu tuilteanach dul ar aon bhád le corp — mheasadar. Thugadar foláireamh dona cumainn nách nglafaí leis an gcónra dá mbeadh mórshiúl ann. B’éigin dóibh-sean géilleadh ó bhí socruithe déanta in Éirinn agus bheidís ag feitheamh leis an mbád.
Bhí sluaite G’ilgeoirí cruinnithe i gCóbh Chorcaí. Thug an tAthair Peadar Ó Laoire an tseanmóir. "Níorbh é toil Dé saol fada a thabhairt dó. Ach sa mhéid a fuair sé dhein sé obair atá chomh mór, chomh rafar, chomh maith, chomh tairbheach agus dá gcaithfeadh sé na ceithre fichid blian dá cur chun taisce." Fagfad mar sin é. Ar dheis lámh Dé go raibh siad uilig.
PS: Ní fearr rud a dhéanfadh duine, dar liom, chun Lá Le Pádraigh a cheiliúradh ná leabhar nó CD Gaelach a cheannach. Ó thaobh an cheoil de, molaim Ó Chicago go Carrachán, le Maidhc Dainín Ó Sé agus Tracin’ le Gearóid Ó hAllmhuráin agus Patrick Ourceau. Ansan tá Rabhlaí Rabhlaí, rogha rannta traidisiúnta don aos óg le tionlacadh ceoil ar théip nó ar CD. Má ta suim agat sna seanfhocail tá CD ag Fios Feasa le 501 seanfhocal air i nG’ilge agus i mBéarla. Agus más filíocht atá uait faigh cóip de Cead Aighnis, le Nuala Ní Dhomhnaill. Cuir glaoch ar Aingeal nó Denise ag 212-274-1923.
PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.