OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Maccallai Beannachtaí

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bíonn an beannú suáilceach, sáimh,

Agus is aighneas breá é ins gach uile chéin,

Is an t-é a thigeas gan chaint i measc cháich,

Go mba chóir an dorn a leathnú ar chnáimh a ghéill.

Is ón laoi "Suirghe Fhinn go Críoch Loclann" an rann san agus is léir uaidh go raibh córas múinte béasa i bhfeidhm acu in Éirinn míle bliain sul ar chuala éinne trácht ar Amy Vanderbilt. Is ionann "aighneas" sa tarna líne agus caint — glactar leis an mbeannú chuile áit mar chomhartha dea-bhéasa — nó rud mar sin is brí leis an líne. Seo mar a chuireann Tomás Ó Máille síos ar na beannachtaí sa Gh’ilge: "Ní miste a bheith lách aighneasach le chuile dhuine agus níl aon chaint dá bhfuil eolas againn uirthi is mó a bhfuil beannachtaí inti ná an Gh’ilge." Ní fheadar an fíor bréag é sin ach níl aon dabht ná go bhfuilimid an tugtha dóibh. Bhíodh an nós chomh coitianta san nách bhfuil aon difríocht idir, bhuail sé isteach agus bheannaigh sé isteach, sa Gh’ilge. Cuireann sé sin scéal i gcuimhne dhom.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bhí fear ag teacht abhaile ó Chuan Dor oíche agus bhí stoirm uafásach sneachta ann. Bhí sé ag caidhleadh sneachta nuair a d’fhág sé an baile beag agus ba ghearr go raibh ráthanna sneachta ar feadh an bhóthair. I ngan fhios dó fhéin d’imigh sé i mbéal a chinn isteach i bpáirc, suas cliathán cnocáinín, agus in áirde ar dhíon tí. Anois níl sé sin chomh áiféiseach is a cheapfá mar go mbíodh na tithe íseal agus bhídís buailte isteach i gcoinne na gcnoc go minic. Ar aon nós thug an díon uaidh fána chosa agus thit sé ina mháilín mine isteach i lár na cistineach. Rinneadh stalca den tsean-lánúin a bhí ina suí cois na tine. D’éirigh mo dhuine agus dúirt: "Baile ó Dhia anso isteach." "Ah Mhuise," arsa bean a’ tí, "A Shéamaisín, an bhail chéanna ort." Lean sí air. "Níor theip an tuathal riamh ort a bhuachaill, nách bhfuil an doras maith a dhóthain duit?" Bheannaigh Séamas isteach chucu an oíche úd. Agus nách raibh fios a bhéasa aige?

Ceist a chuir duine orm le déanaí a thug i mo cheann an píosa seo a scríobh. "Nár chóir," adúirt sé, ‘Sé do bheatha é’ a rá in ionad ‘Sé do bheatha,’" Níor chóir ar ndóigh mar, ar an gcéad dul síos tá beatha baininscneach agus ba chóra ‘Sí do bheatha í’ a rá dá mba é an briathar ‘Is’ a bhí i gceist san abairt. Ach ní hé. Is ionann Sé do bheatha agus Dia do bheatha. Ar ndóigh is ‘Dé ‘ bheathasa’ a deir siad sa Mhumhain don chuid is mó. Chuir an tAthair Ó Gramhnaigh suim sa bheannú so agus deir sé gur foirm bhog shéimhithe den fhocal Dia atá sa "sé" agus gurb ionann ‘Sé do bheatha’ nó ‘Dia do bheatha’ agus ‘go gcumhdaí Dia thú.’ Bhíodh abairtí den tsaghas ‘Dia ar a beathaidh’ = "Go sábhála Dia í" acu sa tsean teanga. Bhíodh paidir acu in Albain agus b’fhéidir go bhfuil sí á rá fós — ‘Dia do bheatha a chuirp Chríosta’ = Hail Body of Christ. Deirtí an phaidir ag dul chun Comaoine. ‘Go maire tú’ nó ‘go mairir,’ nó ‘go mairis i bhfad’ an gnáth-fhreagra ar an mbeannú san. Usáidtear Sé do bheatha ag fáiltiú roimh chomharsa a thagann isteach, nó duine ag teacht abhaile nó fiú nuair a chastar stróinséara ort ar an mbóthar. I dTír Chonaill deirtí "Sé bhúr mbeatha" le sagart, ag úsáid an iolra mar chomhartha urraime. Nuair a d’úsáid Pádraig Mac Piarais Sé do bheatha san amhrán ‘Oró Sé do bheatha abhaile’ bhí sé ag fearadh fáilte roimis na G’il Mheiriceánacha a raibh súil aige lena dteacht abhaile,chun cabhruithe leis.

Nuair a ligeann duine sraoth as is gnáth Dia Linn a rá. Deir Ó Gramhnaigh gurbh é an Pápa a chuir tús leis an nós seo. Deir sé go raibh aicíd éigin, ní fheadar arbh é an Bás Dubh é, ag marú na mílte ar fuaid na hEorpa. B’í an tsraothartach an chéad chomhartha a bhíodh acu go raibh an galar ag teacht ar dhuine agus mhol an Pápa dóibh Dia Linn a rá mar shaghas ortha i gcoinne na haicíde. Nílimse chun dul i gcoinne an athar anso ach d’fhéadfadh go dtéann an bheannacht san i bhfad níos sia siar ná sin. Chualas ‘Dia linn muran snaois’ á rá ag daoine. Is dóca dá mbeadh snaois á húsaid ag duine nár chóir beannacht a ghuí air nuair a lig sé sraoth as. Chualas Dia linn is Muire mar fhreagra ar an mbeannacht so freisin.

Tá na beannachtaí ag imeacht i ndiaidh a chéile. Tá an saol ag athrú agus níl gá againn le cuid acu a thuilleadh. Mar shampla, dá raghadh duine isteach i dtigh i gCiarraí fadó agus dá bhfaighfeadh se deoch bhainne, déarfadh sé "Slán an bhó" sul a mblaisfeadh sé de. In áiteanna eile déarfadh duine "Slán máithreach an bhainne agus bean a’ tí (nó bean a roinnte)". Ach mo léan tá an bhó agus an deoch bhainne imithe le tamall. Bhíodh beannachtaí ag gabháil le chuile short oibre agus ruda agus tá cuid mhaith acu dearmadta ag muintir an l’ inniu. Níl leigheas againn air mar is gnáth rud i gcúrsaí teangan é. Tárlaíonn an rud céanna sa Bhéarla. Maireann beannachtaí a bhaineann leis an gceol agus an damhsa go fóill ámh.

Nuair a chanann duine amhrán go deas deir siad: Croch suas é, nó Dia go deo leat, nó Nár laga Dia thú, nó Mo cheol thú, no Ó Thuaidh 7rl. Má dhéanann duine coiscéim dheas damhsa deir siad "Faoi do chois é, nó Is tú atá in ann an chos a leagan." Go dtí an tseachtain seo chugainn – Sonas oraibh agus seán agus an oiread eile orm féin.

Seo sláinte a bhfuil in Éirinn

Is i gConnt’ Mhuigh Eo,

Is an té nách maith leis go maith sinn

Ná raibh sé i bhfad beo.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese