Le Barra Ó Donnabháin
Sé bliana déag d’aois a bhí Carlo Bianconi nuair a chéad leag sé cos ar thalamh na hÉireann i 1802. I dteannta dream óg Iodálach a tháinig sé. Dob amhlaidh a bhíodar le dul go Sasana ach de dheasca stoirme nó timpiste thángadar go Baile Atha Cliath. Ní raibh ach cúpla pingin ina phóca ag Carlo ach ba bhuachaill aigeanta é a raibh an mianach ceart ann. Bhí sé toilteanach tabhairt faoi aon sort oibre. Fuair sé post mar mhangaire pictiúr do fhoilsitheoir éigin cé nách raibh ach cúpla focal Béarla aige. Ní gá a rá nách raibh G’ilge aige ach oiread.
Thug sé bliain go leith ag siúl bóithre Dheisceart Éireann ag díol pictiúr. Bhíodh bosca ar a ghualainn aige a mbíodh céad punt meáchain ann go minic agus é ag dul ó dhoras go doras. Shiúladh sé suas le triucha míle sa ló. Níorbh aon dóichín é. Taréis na haimsire sin thosnuigh sé ag obair dó féin – an sort céanna oibre i dtosach. Blianta ina dhiaidh sin nuair a chuir duine an cheist air; "Cad a thug i do cheann cóistí a chur ar na bóithre?" – b’é an freagra a thug sé ná "guaillí tinne."
Ait le rá bhí bóithre na hÉireann cuíosach maith ag an am taobh le bóithre tíortha eile, ach ní raibh aon chóras iompair náisiunta go fiú trácht air ag feidhmiú orthu. Bhí méid áirithe cóistí ar na príomh-bhóithre agus bhí Cóiste an Phoist ag rith idir na bailte móra ach bhí formhór na mbailte gan chóras poiblí taistil ar bith. Agus na cóistí a bhí ag obair idir na bailte móra bhíodar thar acmhainn an ghnáthdhuine. Bhí canálacha ann ceart go leor ach ní raibh go leor díobh ann agus bhí na báid ana mhall. Bhí eolas maith ag Bianconi ar na bóithre agus chonacas dó go raibh géar-ghá le córas iompair éigin orthu. Fá 1815 b’fhear saibhir é Carlo agus chinn sé ar rud éigin a dhéanamh.
Bhí siopa aige i gCarraig na Siúire agus ceann eile i bPort Láirge. Fara sin bhí gnó eile ar siúl aige i gCluain Meala. Nuair a bhíodh se ag taisteal na tíre d’fhaigheadh sé gine buí óir ó am go chéile ó dhaoine agus bhuail an smaoineamh é go raibh ana chuid óir i bhfolach faoin dtuaith ach teacht air. Bhí easpa óir ar rialtas Shasana ag an am agus bhí na giní uathu chun tuarastail na saighdiuirí a bhí ag troid i gcoinne Napoleon a íoch. Cheannaigh Carlo na giní ós na daoine agus dhíol sé leis na Sasanaigh iad. Bhí brabús deas aige as an obair. Anois nílimse a ra go raibh sé ag glacadh buntáiste ar na daoine bochta mar ní raibh. Dhíol sé go macánta as an ór. Bhí sé mar a déarfá ag baint bhrabaigh den chogadh mar a dhéanann fir ghnó i gcónaí. Thapaigh sé an deis.
Ar 15 Iúl, 1815, chuir sé cóiste amháin ag obair ar an mbóthar idir Cluain Meala agus an Chathair — deich míle slí. Níor éirigh go ró-mhaith leis i dtosach ach bhí Carlo lán ealaíon. Chuir sé cóiste eile mar dhea ag iomaíocht leis an gcéad cheann agus ba ghearr go rabhadar araon ag déanamh go maith. Faoi 1816 bhí cóistí buí dearga an Iodálaigh ag freastal ar fhormhór na mbailte i dTiobrad Arann. "Bians" a thugaidís orthu. Chuaigh an gnó ar aghaidh go sonasach as san amach.
Sign up to The Irish Echo Newsletter
Faoi 1832 bhí conradh oifigiúil aige chun an post a iompar agus bhí breis is 300 capall aige. Bhí a chúid cóistí ag taisteal 1800 míle in aghaidh an l’. In 1845 bhí 1,400 capall aige. Ansan tháinig an bóthar iarainn agus cheap neart daoine go raibh ré na mBians thart. D’infheistigh Carlo airgead sa bhóthar iarainn agus chuir sé na Bians ag obair sna bailte nách raibh aon tr’in ag freastal orthu. Agus bhí airgead le déanamh ag breith daoine chun na dtr’nacha agus abhaile uathu. Bhí na sluaite Bians fós ar na bóithre nuair a fuair Carlo bás i 1875.
Bhí meas ag saibhir agus daibhir ar Bianconi. Thaobhaigh sé le Dónal ó Conaill sa troid ar son Faoiseamh na gCaitilceach. Chabhraigh sé leis an gConallach, ag tabhairt daoine chun an ionad vótála, nuair a toghadh é ina MP. Phos sé Eliza Hayes i 1827 agus rinneadh saoránach de i 1831. Toghadh ina Mhéara ar Chluain Meala é i 1844. Cheannaigh sé "Longfield House" in 1846. Blianta roimis sin agus é ag dul thar an dtigh céanna agus bosca mór ar a ghualainn aige, gheall sé dhó fhéin go mbeadh an áit aige lá éigin. Tháinig an tuar fán dtairngreacht. Phós mac leis gariníon Dhomhnaill Uí Chonaill agus phós iníon leis nia an Chonallaigh. Ní miste a rá gur fhág sé a rian ar stair shoisialta na hÉireann.
Foilsíodh "Bianconi, King of the Irish Roads" in 1962. Dubhó de chuid Bianconi a scríobh. Sa leabhar seo deir an t-údar gur thit Carlo i ngrá le cailín óg saibhir san Iodáil ach go raibh sí geallta do fhear uasal. Bhris sí a chroí agus ghlan sé as an tír. B’í grá mór a shaoil í agus go lá a bháis ní dhearna sé dearmad di. Níl ainm na mná san agam ach ní mór dúinn bheith buíoch dí mar chuir sí cóistí ar bhóithre na hÉireann.
PS. Tráthnóna Dé hAoine, 23 Aibreán, in Elms College,291 Springfield St., Chicopee, MA, beidh Oíche Scéalaíochta ar siúl ag Ualtar Stock, faoi choimirce an Ollamh Thomas Moriarty agus The Irish Cultural Center. An lá dar gcionn óna 9.30 go dtí 4.30 um thráthnóna beidh Ceardlann Gh’ilge ar siúl ag Ualtar agus ceann eile ag Máirín Stock. Molaimse do Gh’ilgeoirí Springfield bualadh isteach agus tacaíocht a thabhairt don bhfiontar fiúntach seo. Má tá tuilleadh eolais uait cuir glaoch ar an "Continuing Education Office" ag 413-598-8520.