Le Barra Ó Donnabháin
Ar Oileán Chléire sea chualas trácht ar Mhurtaí Óg don chéad uair. Maireann scéalta fós faoi i mbhéaloideas an oileáin. Deir Conchúr Ó Síocháin, i Seanchas Chléire, go ndúirt a athair leis go bhfaca a sheanathair féin corp Mhurtaí, taréis a mharaithe, á tharraingt i ndiaidh loinge, ó Bhéara go Corcaigh. Bhí beirt de lucht leanúna Mhurtaí ar bord na loinge céanna ar a slí chun a gcrochta sa chathair. "Do bhí mná an Oileáin ag gol go fada faíoch." Ní féidir liom smaoineamh ar Mhurtaí Óg gan smaoineamh ar Art Ó Laoire. B’é an saghas céanna saoil a bhí ag an mbeirt acu agus b’é an bás céanna a bhí i ndán dóibh. Maireann siad araon i bhfilíocht agus i seanchas na ndaoine go dtí an lá tá inniu ann.
Ar na hAoraí Beaga, ar an dtaobh thiar theas de leathinis Bhéara a saolaíodh Murtaí i 1710. De réir dealraimh d’imigh sé go dtí an Spainn ina óige, mar a bhfuair sé oiliúint shaighdiúra. Fuair sé coimisiún i resimint Lord Clare i 1739; chaith se seal in arm na Banimpire Maria Theresa; throid sé i dteannta Clare ag Fontenoy(1745) agus bhain sé cáil amach dó fhéin. Rinneadh coirnéal de. D’fhill sé ar na hAoraí agus phós sé. Bhí mac amháin acu.
De réir an bhéaloideasa agus ar ndóigh de réir na Sasanach, chaith Mortaí Óg blianta ina oifigeach liostála thar ceann na bhFrancach agus théadh sé timpeall na tíre ag lorg liostálaithe dóibh. Bhí brigantine aige a raibh ocht ngunna uirthi agus thugadh sé lán báid de "Ghéanna Fiáine" agus olann sall go dtí an Mhór-Roinn go minic. Ag teacht anall bhíodh an bád lán de bhranda, fíon agus tobach. Ba smuigléir é Mortaí mar ba dhual athar dó. Bhí go maith is ní raibh go holc gur éirigh idir Mórtaí agus na Puxleys.
Sa bhliain 1730 tháinig na Puxleys, John agus Henry go Béara ó Cho. na Gaillimhe agus thógadar tigh ar sheanshuíomh chaisleáin Uí Shúilleabháin Bhéara. Comharsana maithe ab ea iad ar feadh deich mbliana nó mar sin. Ar ndóigh bhídís ag smuigleáil i dteannta na Suilleabhánach. Ní mór duit mheabhrú anso gur bhall iargúlta ab ea Béara agus nár éirigh leis na Sasanaigh smacht ceart a chur ar an áit riamh. Bhí an sort céanna ruda ar siúl ag na hUí Chonaill i gCiarraí agus a bhí ag na Súilleabhánaigh i gCorcaigh.
Ar aon nós d’éirigh muintir Puxley sanntach agus chromadar ag bailiú gaolta ón nGaillimh timpeall orthu féin agus á n-armáil. I 1742 mhairigh an dream seo Eoghan Ó Suilleabháin agus níor imigh faic orthu dá bhárr. Ansan in 1750 ceapadh John Puxley ina ribhíneach agus é mar chúram air deireadh a chur leis an smuigléireacht – an sionnach i bhfeighil na gcearc mar a déarfá. As san amach bhí rudaí ag dul in olcas in aghaidh an l’. I dtosach na bliana 1754 agus Murtaí as baile, mhairigh dream saighdiúirí, de chuid Puxley, Donncha Ó Suilleabháin. Bhí gaol gairid idir é agus Murtaí. Bhí banfhile sa cheantar dárbh ainm Muirn Ní Shúilleabháin a bhí gaolta leo araon agus fara sin bhí sí ina mháthair altrama ag Murtaí. Chuaigh sise go dtí an tigh mór agus bhagair sí díoltas ar John Puxley. An oíche dar gcionn tháinigh Puxley agus a chuid saighdiúirí agus dhódar tigh Mhuirn go talamh.
Sign up to The Irish Echo Newsletter
Nuair a tháinig Murtaí abhaile chuala sé an scéal. Ní raibh sé chun masla dá short a ligint in aisce le Puxley ná éinne eile. Ar an Domhnach 10ú Márta, 1754 bhí Puxley agus a mhuintir ar a slí chun eaglaise. Bhí ceárta ar thaobh an bhóthair agus bhí Murtaí agus beirt charad ag feitheamh leo. Seán Ó Suilleabháin, nó Seán Beag, agus Domhnall Ó Conaill a bhí ar an mbeirt. Tá níos mó ná insint amháin ar cad a thárla ar an mbóthar ós comhair na ceárta an mhaidin sin ach is cinnte gur fágadh Puxley ina luí ina chosair chró, i lár an bhóthair. "Ó scaoil tú an gandal scaoil an ghé," dúirt duine dá cháirde le Murtaí de réir an bhéaloideasa, —- ag tagairt do bhean Puxley a bhí taobh thiar de ar an gcapall. Dhiúltaigh Mortaí an bhean a mharú. Deir an béaloideas freisin go ndeachaidh Mortaí go dtí an séipéal mar a raibh an tAifreann ar siúl agus gur fhógair sé ós comhair an phobail gur mharaigh sé Puxley. Ní raibh ag Mortaí ach beatha an ghiorria as san amach.
Tháinig scata saighdiuirí ina dhiaidh ó Chorcaigh, cúpla lá taréis an mharaithe, ach bhí Murtaí imithe ‘on bhFrainc agus an brigantine lán go slait de Ghéanna Fiáine. Bhí sé ar ais sa bhaile i dtosach na Bealtaine 1754. Deir an seanchus gur chuir fear darbh ainm dó Tadhg Ó Scolaí scéala chun na n-údarás, go raibh Murtaí age baile. B’é siúd freisin a threoirigh na saighdiuirí go dtí tigh Mhurtai ar an 4ú Bealtaine. Oíche fhliuch dhorca ab ea í agus ní fhéadfadh aon stróinséar teacht aniar aduaidh ar Mhurtaí gan chabhair ó dhuine de mhuintir na háite.
Bhí fiche fear sa tigh ag Murtaí agus sheasadar an fód. Ach d’éirigh leis na Sasanaigh an tigh a chur tré thine agus b’eigin dóibh teacht amach. D’éalaigh a bhformhór sa dorchadas ach maraíodh Murtaí agus gabhadh an bheirt charad – Domhnall Ó Conaill agus Seán Beag.
Tá trí mharbhna againn ar bhás Mhurtaí. Scríobh Muirn Ní Shúilleabháin ceann acu ar a laghad. Tá ceann eile acu luaite léi freisin. Má tá suim agaibh iontu nó sna foinsí eile a bhaineann le saol agus bás Mhurtaí ceannaígí cóip de "Téamaí Taighde Nua-Gh’ilge" – Pádraig A. Breathnach. Tá cur síos breá aige ann ar na himeachtaí agus na foinsí. De bharr na marbhnaí tá ainm Mhurtaí Uí Shuilleabháin ar bhéalaibh daoine fós. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na marbhnaí sin agus leis na céadta eile a scríobhadh faoi Mhurtaithe eile ar fuaid na tíre. Is sna giotaí filíochta áitiúla san atá stair ár sínsir.
PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.