OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Maccallai Na Cúig Máistrí

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ceist a cuireadh orm le déanaí a spreag an t-alt so. "Cé scríobh Annála Ríochta Éireann, Annála na gCeithre Máistrí agus Foras Feasa ar Éirinn?" Níor thuigh fear na ceiste gurbh iad na Ceithre Máistrí a scríobh Annála Ríochta Éireann agus go raibh dhá ainm ar an leabhar.

Sa bhliain d’aois ár dTiarna 1633 thug Séathrún Céitinn faoi stair na hÉireann a scríobh as a chéile don chéad uair riamh. Seanchas na hÉireann ó thosach aimsire go teacht na Normánnach a chuir sé roimhe a chur le chéile. Tá idir fhinscéalta agus stair i bhForas Feasa ar Éirinn. Is iomaí scéal fiannaíochta agus rúraíochta, i nG’ilge áluinn cheolmhar a d’fhág sé againn.

Ach fara sin, sé Céitinn an t-aon fhoinse atá againn ar rudaí áirithe, ar shocrú theorainneacha na ndeoisí ag Sionad Ráth Breasail agus ag Sionad Cheanannais mar shampla. Dála an scéil nuair a leagadar amach na teorainneacha rinneadar deimhin de go raibh cuid de theorainn gach deoise ar an bhfarraige nó ar an tSionainn. Sa tslí sin dá mbeadh troid idir deoisí – bhíodh agus bíonn — go mbeadh ar chumas aon cheann acu teachtaire a chur chun na Róimhe. Glactar go coitianta leis nách bhfuil sárú Céitinn le fáil mar scríbhneoir próis. Agus ó thaobh na scríbhneoireachta dhe is mór an difríocht idir Céitinn agus na Ceithre Máistrí. Cur síos lom leadránach ar chogaí, ar bhásanna, agus ar chreacha, ar rithe agus ar thaoisigh, atá go bunúsach sna hAnnála. Ag seo dhá shampla ón mbliain 1502.

1502: Semus mac Rúdhruighe Meg Mathghamhna comharba Cluana h-Eoais d’écc. Eoghan mac Aodha mic Airt Uí Neill do mharbhadh la h-Aodh mac Cuinn Uí Neill.

I mí Eanair na bliana 1632, i mbothán beag cois na Drobhaoise, ar an dteorainn idir Tír Chonaill agus Liathroim, thosnaig ceathrar fear ar Annála Ríochta Éireann a chur le chéile. Mícheál Ó Cléirigh O.F.M., Cúchoigcríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maolchonaire agus Cúchoigcríche Ó Duibhgheannáin ab ainmneacha dóibh. Chabhraigh beirt eile leo ó am go chéile agus iad ag obair ar na hAnnála — Muiris Ó Maolchonaire agus Conaire Ó Cléirigh. Chríochnaigh na máistrí na hAnnála ar an 10 Lúnasa 1636.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Chuir Mícheál Ó Cleirigh Annála Ríochta Éireann mar theideal ar an leabhar. I 1645, sa réamhrá do Acta Sanctorum Hiberni’, bhronn an tAthair Seán Mac Colgan Annála na gCeithre Máistrí ar an leabhar agus ghreamaigh sé de. Leabhar eile de chuid na bProinsiasach dar theideal Expositio Quattuor Magistrorum a bhí ina cheann aige de réir dealraimh. Is fearr liom féin Annála Ríochta Éireann, mar tugann sé le fios gur shamhlaigh Ó Cléirigh Éire mar aonad nó mar náisiún inti féin. Cloisimíd arís agus arís eile nách raibh smaoineamh den tsort san ag Éireannach riamh go dtí aimsir na nÉireannach Aontaithe. Ráméis. Tá an tsean litríocht breac le taigirtí dá sort.

Tá lochtanna ag baint leis na hAnnála cinnte. Ón mbliain 913 go 977 tá na hAnnála dá bhliain chun deiridh agus ó 980 go 1018 táid bliain chun deiridh. "Annála Ríochta Éireann a chuir Mícheál Ó Cléirigh féin air, ach tá sin róleathan mar theideal, toisc go dtráchtann na hAnnála níos mó go mór ar Chúige Uladh thiar agus Cúige Chonnacht thuaidh ná mar a dhéanann siad ar Chúige Laighean agus ar Chúige Mumhan. Murach go bhfuil sé ródheireanach anois le hathrú, mholfainn féin Annála Dhún na nGall." – Cainneach Ó Maonaigh, O.F.M. (Scríbhneoirí G’ilge an Seachtú hAois Déag, Studia Hibernia #2 1962). Ní chreideann aon scoláire gur d’aonghnó a tharla an míchothrom san. Sa chaoi a raibh Éire ag an am ba dheacair seanchaithe a bhreith i láthair na máistrí óna Cúigí eile. Ach ní ceart dúinn dearcadh criticeach staire ealaíonta na haoise seo a usáid ag tagairt dona hAnnála. Ba nós na haimsire é an bhéim a leagadh ar chogaí agus ar chreacha. Siad na hAnnála an t-aon fhoinse atá againn ar go leor eachtraí staire, ó 1500 amach ach go háirithe.

B’é Fearghal Ó Gadhra a bhí ina phátrún ag na maistrí. Níl scoláirí cinnte cé mhéid cóip a rinneadh agus cad d’imigh orthu. Má tá suim agat sna fíricí sin, féach alt le Nollaig Ó Muraíle Celtica 19 (1987). Más mian leat an téacs féin a bhreathnú féach http://www.ucc.ie/celt/ . Anois nách sinnne atá chun tosaigh i gcúrsaí teicneolaíochta?

Ag trácht ar na Ceithre Máistrí ní mór dúinn cuimneamh ní hamháin ar na hAnnála ach ar na leabhair eile a d’fhágadar le hoidhreacht — Seanchas Ríogh Éreann agus Genealuighi na Naomh nÉreannach (Genealogi’ Regnum et Sanctorum Hiberni’) agus eagrán nua de Leabhar Gabhála Éireann. Ní miste Ceithre Máistrí a thabhairt orthu.

Nuair a smaoiníonn tú ar Chionn tSáile agus ar Theitheadh na nIarlaí ar Éirí Amach 1641, Cromail, Cath na Bóinne agus Connradh Luimnigh, ba thubaisteach agus ba thruacánta an aois í. I gcúrsaí léinn agus litríochta, ait le rá, b’aois thorthúil thar an ngnáth í. Tá scoláirí ag tochailt sa litríocht seo arís agus is iontach an mianach atá á nochtadh acu. Molaimse d’éinne a bhfuil suim aige/aici sa thréimhse seo Aisling Ghéar le Breandán Ó Buachalla a léamh. Beir bua is beannacht!

Ag trácht ar leabhair. Má tá bronntanas Nollag uait cuir scairt ar an Irish Shop 212-274-1923 agus faigh cóip de "The Apple Branch" A path to Celtic Ritual, le Alexei Kondratiev. Fuaireas cóip inné agus tá sé leath léite agam. Níor casadh riamh orm fear ba mhó eolas ar mhiotaseolaíocht na gCeilteach ná Alexei. Beidh cur síos agam ar an leabhar tábhachtach so i gcionn tamaillín.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese