OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Th Irish Column: Réalthíní Óir.

February 16, 2011

By Staff Reporter

Nuair a bhíomar in Éirinn, i mbliana, chuir cáirde linn, Eibhlín agus Mícheál Glavin cuireadh dinnéir ag triall orainn. Ghlacamar go fonnmhar leis mar shiúlfá Éirinn gan teacht ar bheirt níos grámhaire ná iad. Nuair a bhí ár ndóthain ite againn an oíche úd bhíomar inár suí timpeall ag plé cúrsaí an tsaoil. Tharraing duine éigin an Gh’ilge agus na scoileanna Lán-Gh’ilge anuas. "Dála an scéil," arsa Éibhlín, "ó luaigh sibh an Gh’ilge, fuair úncail liom bás le déanaí agus d’fhág sé carn mór leabhar ina dhiaidh." "Bhí ana chuid leabhar G’ilge ann, ar mhaith leat iad d’fheiscint." "Ó ba mhaith go deimhin," arsa mise.

D’imigh sí féin agus Mícheál agus thángadar ar ais agus dhá bhosca mhóra acu. Ní raibh aon oidhre ormsa ach leanbh a mbeadh mála mór milseán ós a chomhair amach agus é i reachtaibh pléasca le dúil iontu. Ghlac trua dom Éibhlín. "Tóg leat cuid díobh, más áil leat iad," arsan bhean naofa. "Bain úsáid asta agus abair paidir ar son m’úncail." Gheallas an méid sin di. Chrom mo bhean chéile fhadfhulangach ar chaoineadh. "Níl slí againn dóibh, a Bharra, muna bhfágann tú do chuid éadaigh i do dhiaidh," ar sí. An chéad turas eile go hÉirinn ní bheidh gá agam le ball éadaigh ar bith a thabhairt liom — seachas an chulaith a bheidh á caitheamh agam.

I measc na leabhar a fuaireas ó Éibhlín bhí Réilthíní Óir, leis an Athair Seoirse Mac Clúin (1894-1949). Leabhar i bhfoirm fhoclóra atá ann, breac le habairtí agus náthanna cainnte a bhailigh sé i gCorca Dhuibhne agus ar an mBlascaod Mór. É go léir i nG’ilge. Ag cur síos ar na réilthíní óir seo deir Mac Clúin: "Tá saibhreas cainnte iontu, is flúirse fhairsing. Siad an Gh’ilge bheo iad: an chéad scoth a thugas liom ó uachtar binn na Gaeltacha. Ón Oileán Tiar i n-Iarthar Chiarraí a bhformhór agus míniú sa teanga chéanna leo." Chuir Mac Clúin ana bhéim ar an nGh’ilge a mhúineadh tríd an nG’ilge. Chreid sé go raibh an dochar á dhéanamh ag múinteoirí a bhain úsáid as an mBéarla i múineadh na G’ilge. Ag seo síos cúpla sampla as an leabhar.

Bán – Tá sé imithe bán geal as a mheabhair = ar buile: chun an chnuic. Tá sé bán chun na G’ilge = as a mheabhair chuichi. Bhí an lá bán ann = geal. Tá sé chomh dall ná feicfeadh sé capall bán = dhá mbeadh rud á lorg aige agus é féna shúile. Ní aimsódh sé capall bán = tá urchar ana olc aige. Tá sé ag imeacht bán = an iomarca ‘ríochta aige agus gan aon ghnó eile. &rl.

Diabhal – Bhí an diabhal déanta = dochar, díobháil. Níór ghuidis é sin? Ná an diabhal guid: ná an diabhal é = go deimhin níor ghuideas. An raghaidh tú ann? Ná an diabhal dul. Go maraí an diabhal thú. Go raibh an diabhal ort nó agat. Tá an diabhal de scéal ansan = scéal iontach. Sé an diabhal scéil é. Tá an diabhal le cruacht ar an arán so; le fuacht ar an lá. Ní fheadar sa diabhal cad a dhéanfad? Íosfadh sé an diabhal de bhia. Tá an diabhal buí imithe ar fad air le déanaí chun an óil. An diabhal bréag dom é. An diabhal go mbeire leis thú. &rl.

Tá saibhreas teangan ann agus ní de dhruim oíche a chuir sé an cnúsach le chéile. Agus mé ag féachaint tríd "An tOileánach," le Tomás Ó Criomhthain le déanaí thángas ar an bpíosa seo leanas, píosa a bhí dearmadta agam má chonaiceas cheana é. Cheapas go mbainfeadh sibh spórt as. Ní fheadar an fíor bréag é ach táim den tuairim gur chabhraigh Tomás leis ceart go leor. Tá blas Thomáis ar cuid des na habairtí.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

"Tháinig an tAthair Mac Clúin agus thug trí seachtainne i mo theannta, agus bhíodh Aifreann againn gach lá uaidh. Tháinig sé thar nais agus thugas mí ina theannta, sinn i gcabhair a chéile ag ceartú gach a bhfuil in Réiltíní Óir. Bhíodh ocht n-uaire an chloig suite síos gach aon lá againn; dhá théarma sa ló, ceithre huaire ar maidin agus ceithre huaire tráthnóna. Is í seo an mhí ba mhó a ghoill riamh orm ar muir ná ar talamh, agus fara sin, is mó a chuir paisiún agus fearg orm, nuair a chonac nár luaigh sé go raibh mo leithéid riamh ina chabhair. Is dóca nách raghadh an scéal chomh holc dom dá mba mac léinn eile thall nó abhus a dhéanfadh é lasmuigh de pholla na cléire agus mura bhfuil aon chambhothar againn chun dul ar Neamh ach an bóthar díreach tá go breá againn; is fada fós go mbeidh na Fláithis lán." (An tOileánach, lch 250).

Rugadh Seoirse Mac Clúin i gCeapach Rua, An Scairbh, Co. an Chláir. Oirníodh ina shagart é, i Maigh Nuad i 1917. Thosnuigh sé ag múineadh i gColáiste Fhlannáin agus ceapadh ina ollamh le G’ilge ann é i 1919. Ar na leabhair eile a scríobh sé tá – Róisín Fiain na Mara, Litridheacht agus Caint an Chláir. "Chabhraigh Seán Mac Mathúna, Luach, Duibhlinn, agus Pádraig Ó Catháin, an Chrios, Carraig an Chobhaltaigh, leis sa mhórobair sin." (Beathaisnéis I, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú.) Thug sé a shaol ag saothrú na G’ilge. Ná hagraímis air beart drochbhéasach amháin. Ní bhíonn saoi gan locht.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

– Barra Ó Donnabháin

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese