OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Aimsir na dTimirí

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

"B’é an Múinteoir Taistil fé Chonnradh na G’ilge do mhúscail an misneach i muintir na hÉireann. Ba é do mhúin dóibh cad is fíor-náisiúntacht ann. Ba é a theagasc-san níos mó ná aon rud eile do chuir i gcóir do throid na saoirse iad, agus ba cheart do mhuintir na hÉireann bheith buíoch beannachtach dona Múinteoirí Taistil." — An Dream a Thug Anam Nua dÉirinn" — An Fear Mór, Feasta, Márta, 1951. Idir 1905 agus 1915 bhí ós cionn 200 múinteoir taistil nó timire ag obair thar cheann Chonnradh na G’ilge. Rinneadar obair éachtach. Bhí aithne mhaith ag an bhFear Mór orthu agus ag seo síos giotaí ón alt.

I dtosach an phíosa tá cur síos aige ar stáid na teangan agus ar aigne mhuintir na hÉireann i leith na teangan i ndeireadh na haoise seo caite. Is fiú cúpla smaoineamh dá chuid a lua. Ar feadh na gcéadta bliain, deir sé, theip ar gach iarracht agus ar gach aon chleas, na G’il a mhealladh óna dteanga dhúchais. Sheasadar an fód ar feadh 500 bliain — " ach i ndeireadh na hochtú aoise déag nuair a chuireadh Cumann na bhFear nAontaithe ar bun tosnaíodh ar an nG’ilge a thréigint. Aon duine do oibrigh ar son na hÉireann as san amach is i mBéarla do dhein sé a chuid oibre. Na hamhráin pholaitíochta a ceapadh is i mBéalra do bhíodar. I mBéarla sea do pléadh ceist saoirse an chreidimh."

Ansan nochtann sé teoiric fhíorshuimiúil. "Fhaid is a bhí G’il is Gaill deighlte óna chéile do bhí seans ag an nG’ilge, ach thug saoirse na gCatailiceach le chéile iad agus ba mhór an cúnamh san chun an Gh’ilge do chloí." Ní fheadar an fíor bréag an teoiric sin ach is fiú smaoineamh air. Tá scéilín suaiteach aige a léiríonn meon na gcainteoirí dúchais féin i leith na G’ilge sna blianta roimh theacht Chonnradh na G’ilge ar an bhfód. Bhí an tArd-Easpog Mac Éil lá, ag caint le duine dá thréad agus mhol se leis an bhfear go ndéanfaidís a ngnó i nG’ilge. "Ó faire," arsan duine, "tá an iomad urraim agam duit le mo ghnó a dhéanamh i nG’ilge leat." Dob ionann, dar leis, G’ilge a labhairt le duine "uasal" agus tarcaisne a thabhairt dó.

B’shin é an dearcadh saoil a bhí ann nuair a thug Connradh na G’ilge faoi obair 500 bliain a chur ar neamhní. Bhí croí an leoin sna na timirí a scaip soiscéal agus creideamh na G’ilge. Bhí gá acu leis. Níorbh aon dóichín í obair na Timireachta. Is léir sin ón gcur síos pearsanta a thugann timire — "Loch Measc" an ainm cleite a bhí air –dúinn ina leabhar "Eachtra an Mhúinteora."

"Bhíodh seacht gcinn de scoileanna fé mo chúram. Bhíodh orm bheith tráthúil, agus leanúint de chlár áirithe bhíodh le haghaidh na hócáide. Chaithfinn bheith ar scoil ar leathuair taréis a naoi ar maidin agus an rolla bheith i gcóir agam cúig nómait roimh an am sin, agus ní bhíodh leath na ngasúr istigh. Bhínn taréis teacht seach nó ocht de mhílte ar rothar an léine do bhíodh ar mo chraiceann báite fliuch, agus mo chuid bróg lán de uisce; fanacht sa scoil ar feadh uair a chloig agus an bhail sin orm. Bhíodh orm imeacht ansan ón scoil úd agus dul seacht nó ocht de mhílte eile chun scoil eile agus a bheith sa scoil sin ar leathuair taréis a dó. Fanacht ansan in mo sheasamh i scoil fhuair ag caint is ag síor-chaint go dtí a ceathair a chlog."

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

"Imeacht ansan an fhaid eile mílte chun mo theach lóistín.. Mo bhróga , mo léine is mo chulaith éadaigh a bhíodh greamaithe dem chraiceann a athrú, agus ba mhinic nár fhéad mé an t-athrú sin a dhéanamh. Mo dhinnéar a ithe chomh luath agus chomh tapaí is do fhéadfainn agus imeacht ar mo rothar cúig nó sé de mhílte i ndorchadas na hoíche agus a bheith ina leithéid seo de Chraoibh ar a hocht a chlog agus fanacht ansan ag cur díom ar mo dhícheall go dtí a deich a chlog. M’aghaidh do thabhairt abhaile ansan, agus ba mhinic bhíódh orm an chuid ba mhó den bhealach do shiúl mar gheall ar mo rothar do bheith tollta nó briste. Mo theach lóistín do shroisint idir a dó dhéag agus a haon ar maidin. Mé salach, broca, báite fliuch, spíonta amach le tuirse ocras agus lagar." Sea bhíodh an obair cruaidh go maith ar na múinteoirí taistil.

Bhíodh na bóthaire go dona le poill agus clocha agus ní bhíodh acu ach rothair. Ach "bhíodh casáinín deas le hais an bhóthair in ana chuid áiteanna ach bhíodh sé crosta ar lucht rothar dul in airde air. Mar sin féin raghfaí sa chontúirt babhtaí." Rug na póilíní ar thimire dárbh ainm Diarmuid Stokes ag rothaíocht ar chasán sna Déisibh agus scríobh se dán faoin eachtra. An Stócach a thugaidís ar Dhiarmuid agus fear mór suilt ab ea é mar is léir ón dán. Más maith le héinne an dán iomlán, cuireadh sé/sí scairt orm.

Ar chapaillín iarainn do bhíos im thiománaí,

Ós air is maith liom a bheith ag cur díom

Bhí mo chosa bocht’ tnáite ag cnoc is árdán

Is stadfadh na peddles da mbainfinn-se dhíobh.

Ag déanamh ar an mbaile do bhíos go cráite

Nuair do dhearcas casáinín ar a ndéantar coisíocht

Bhaineas casadh as mo chapall is chuas air in airde

Is fuaireas an áit sin go deas is go mín.

Ach cia chífinn romhan ann ach píléar is seargant

Agus iad go dubh dana ag siúl ar mo shlí

Do labhras go séimh leo is ghabhas mo phardún

Agus dúirt ina dhiaidh sin "Lave me pass if you please."

Do dhruid sé im choinne is éadan míshásta air

Is dúirt sé liom féinig gur bhriseas an dlí

Dá ndéanfainn arís é go ndéanfadh sé cás de

Is go dtabharfadh sé an Stócach ós comhair an ghiúistís.

Dá dhéine a bhíodh an saol agus dá chrua a bhíodh an obair orthu bhíodh se d’ uain acu i gcónaí tamall spóirt agus caitheamh aimsire a bheith acu. Murach na daoine sin ní dóigh liom go mbeadh mórán G’ilge agam fhéin ná ag alán eile. Ar dheis Dé go raibh siad.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese