OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Chomh Buí leis an mBuí Mór

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Tamall de bhlianta ó shin thángas ar alt suimiúil, dár teideal "Old Irish Costume and Customs," i seana chóip den "Gaodhal" (Mhí na Nollag, 1900). Molann an t-údar dúinn gan traidisiúin na nGael a lorg sa tsean litríocht ach in achtanna parlaiminte agus reachtanna líonmhara an tSasanaigh. Deir sé gur thug na Sasanaigh na céadta bliain ag iarraidh na traidisiúin ba Gh’laí a bhí á gcleachtadh in Éirinn a scriosadh. Mar shampla, aimsir Éinrí VIII, bhí an léine chróchbhuí ana choitianta in Éirinn agus ar ndóigh ba chomhartha sofheichte an Gh’il í ón gcian-aimsir, "The colour saffron-yellow seems to have been specially obnoxious since Henry VIII proscribed it by Act of Parliament," deir fear an "Gaodhal." De réir an reachta, a ritheadh i 1539, ní raibh cead ag na G’il — — "to weare any shirt, smock, kerchor, bendel, neckerchour, mocket, or linen cappe coloured, or deyed with Saffron," ó Lá Bealtaine 1539 amach. Ag deireadh an ailt deir sé "So anyone who wishes to dress in Irish fashion must have a saffron-yellow shirt, and the ladies must wear yellow blouses."

Chuireas an suim sa phíosa ach bhí locht amháin agam air; níor luaigh an t-údar foinse ar bith dá thuairmí. B’éigin dom fhéin agus do mo chara Dáithí Ó hAodh dul ar thóir na bhfoinsí. B’é an leabhar ba mhó a chabhraigh linn ná "Old Irish and Highland Dress," H.F. McClintock, ach bhaineamar an-chuid eolais as "Dress in Ireland, A History, Mairead Dunlevy" chomh maith. Ag seo cúpla ceann eile óna bhfuaireamar roinnt eolais: "Traditional Dyestuffs in Ireland," Bríd Mahon: "In Ireland Long Ago," Kevin Danaher: "Díolaim Luibheanna," Niochlas Williams: "Flora Chorca Dhuibhne," Máirín Uí Chunchubhair, Aodán Ó Conchúir: Altanna le Helen Brennan, Hiram Morgan agus Eoin Bourke.

I ndeireadh an l’ dhealródh sé go raibh an ceart ag an duine uasal san a scríobh an píosa céad bliain ó shoin don "Gaodhal." Deir Kevin Danaher sa leabhar "In Ireland Long Ago" gurbh í an léine chróchbhuí an ball éadaigh ba choitianta a bhíodh á chaitheamh ag na G’il suas go dtí Teicheadh na nIarlaí. "Saffron Shirt" a thug na Sasanaigh ar an léine chróich nó léine chróchbhuí seo. Ar ndóigh thug Éinrí faoi na héadaí cróchbhuí i 1636, trí bliana sul ar rith sé an acht thuas; chuir sé litir go dtí údaráis Chathair na Gaillimhe leis an bhfoláireamh seo: "item, that no man, woman, or child do weare in their shirts or smocks, or any other garments, no saffron." Bhí an dath buí ró-Gh’lach ar fad do Éinrí de réir dealraimh. Agus níorbh é Éinrí an chéad rí Shasana nár thaitin éadaí cróchbhuí leis ach oiread. Sa bhliain 1466, agus Edward IV i gcoróin, cuireadh dlí i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath a chuir réal de cháin ar aon bhean "who did wear a saffron smock or kerchief" go poiblí.

Foilsíodh "Old Irish and Highland Dress," H.F. McClintock i 1943. Sa réamhrá deir McClintock gur fhás an leabhar ó nótaí a bhreac sé síos ar na fillteacha beaga ‘cróich’ (‘saffron’ kilts) a bhí á gcaitheamh ag reisimintí Éireannacha in Arm Shasana. Sul ar chríochnaigh sé bhí ualach mór eolais bailithe aige ón tsean-litríocht, ón stair, ó leabhair taistil agus ó shean-phictiúir agus líníochtaí. Chruthaigh sé nár bhall éadaigh traidisiúnta Éireannach an filleadh beag. Chruthaigh sé freisin nach raibh baint ar bith ag an dath cróch ón tsean aimsir leis an ndath uafásach meirgeach donn ar a dtugtar "saffron" inniu, dath nach bhfuil aon bhunús leis in aon traidisiún. Gheibhtear an dath cróchbhuí (saffron yellow) nuair a úsáidtear stiogmaí triomaithe an phlannda Cróch an Fhomhair mar ruaim. Fágann sé dath geal buí ar línéadach; an sort buí a bhíonn ar lus an chromchinn. Úsáidtear cróch na l’thannta seo chun dath buí a chur ar rís. Ach bhí agus tá cróch an daor — níos daoire ná ór fiú. Tá fhios againn go n-úsáití an cróch measctha trí ábhair eile , mar gheall ar an gcostas. Ach bhí brí níos fairsinge ag an bhfocal cróch sa tsean aimsir de réir dealraimh: "The truth is that old English saffron does not mean only crocus but any yellow colour, and generally distinguishes the weld, still retained in many parts of England and the very plant the Irish call Buí Mór, or Great Yellow. With this they dye their linen and fine woolen stuffs with different degrees of colour and fix the colour with urine. The yellow thus obtained is bright and lasting." (J. C. Walker, "Materials used by the Ancient Irish," 1818.). Mhíneodh sin coitiantacht an datha.

Féach cad tá le rá ag Niochlas Williams faoi an mBuí Mór. "Luibh thábhachtach dathúcháin a bhí sa Bhuí Mór agus is i bhfad siar a théann a úsáid. Thángthas ar iarsmaí de ón Nua-Chlochaois ar Mhó-roinn na hEorpa agus is dócha go mbíodh sé á shaothrú mar dhathú ag an tréimhse sin. Shaothraítí go fairsing i bPort Mearnóg, Co. Baile Átha Cliath, tráth chun ábhar datha a sholáthar do dhathadóirí na cathrach. San 18 haois bhí sé á chur sa chathair féin agus tá sé fairsing fós sna Libirtí. Tá fianaise againn go mbaintí feidhm mar dhathú i gCorca Dhuibhne." Is uaidh a thagann an seanfhocal — Chomh buí leis an mBuí Mór. Sea, bhí dúil mhór i rudaí buí ag ár sinsear. Ba dhath an óir é, dath na gréine. Bhíodh an Gal Gréine mar bhratach ag na Fianna fadó agus tá sé fós in úsáid ag Arm na hÉireann. Grian bhuí ar chúlra gorm atá sa bhratach sin.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Nuair a úsáidtear buí ag cur síos ar dhuine is dath an chraicinn a bhíonn i gceist. Máire Bhuí, mar shampla. Úsáidtear buí mar mhasla freisin, leis an mbrí ‘salach,’ de réir "Dinneen." Féach Seán Buí agus Fir Bhuí ag tagairt dona Sasanaigh agus na hOráistigh. Dála an scéil tagann Oráiste(ach) (Liam Oráiste) ó "Arausio," ainm áite i nDeisceart na Fraince. Tugtar Orange ar an mbaile san i bhFaincis an l’ inniu. Dia Gallach ab ea Arausio. Ní raibh baint dá laghad aige le dathanna ná biogóidí.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese