OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Deartháir do Thadhg Riabhach, Dónal Crón

February 16, 2011

By Staff Reporter

Síol nDálaigh más áil leat,

A bheith séimh leat nó socair,

Tabhair dóibh gach a n-iarrfaidh

Agus ná hiarr tada orthu

Le Barra Ó Donnabháin

Bainim-se an spórt as na cora cainte sa Gh’ilge go mbíonn ainmneacha daoine ag gabháil leo. Tá cuid acu an choitianta sa chaint fós. Tuigeann gach éinne "fáilte Uí Cheallaigh" agus "Máire Ní hÓgáin." Agus tá "Tadhg a’ dá thaobh," ag gach G’ilgeoir, measaim. Ach bhíodh cúpla Tadhg agus míle duine eile sna sean ráitisí agus mo léan géar is annamh a chloistear ar bhéalaibh daoine iad na l’thanta so. Táim-se chun cnúsach díobh a chur fá bhúr mbráid, don tseachtain seo, "dá gcaillfinn Cáit is na páistí leis."

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Dá dtabharfadh duine geallúint gan aon mhaitheas do dhuine thabharfaidís "geallúint Thaidhg dá chapall" uirthi. Agus cad í an gheallúint a thug Tadhg dá chapall? — "Mair a chapaill agus gheobhair féar." Is dóca go bhfuair an capall bocht bás ‘fhaid is a bhí an féar ag fás.

Ansan bhí "Slí Thaidhg Chaoich chun an Oileáin," (Castleisland) aca. Is léir nách raibh deabhadh riamh ar Thadhg Caoch agus nách raibh sé tugtha do aicearraí. Sé brí a bhí leis an leagan cainte ná an bealach is fuide a thógaint.

Chuala sibh trácht ar "Bhodhaire Uí Laoire." An té go mbíonn an galar san air, bíonn sé ag ligint air go mbíonn sé bodhar. Bhí "Bodhaire Mhic Mhathúna" ann freisin agus ní hí an bhodhaire céanna í. Sé tá i gceist i gcás Mhic Mhathúna — ní bhíonn sé ag éisteacht leis an té a bhíonn ag caint leis, tugann sé cluas bhodhar dó. Agus bhí "Teaspach Uí Laoire" ann. Dob ionann é sin agus a bheith ag léimt leis an ocras.

"Gáire Sheáin Dóite" a thugtaí ar an ngáire a dhéanfadh duine nách mbeadh fonn gáire air. Ag cur síos ar mheisceoir déarfá go n-ólfadh sé "Galún Uí Dhomhnaill." Agus tá an ceann so ag Amhlaoibh Ó Luínse: "D’ólfadh sé a dtuilleadh sé is dá mbeadh a thuille aige, — mar a dhéanadh Dónal na Gréine." Déarfá i dtaobh duine le goile mór go n-íosfadh sé "Donncha Dubh."

Bhí fear darbh ainm Ó Briain ann uair amháin agus bhí sé ar aonach lá. Casadh bacach leis agus bhí sé ag lorg déirce. Chuir an Brianach a lámh ina phóca. Bhí dhá bhonn ann, pingin agus leath-choróin. Bhronn sé an leath-chróin ar an mbacach in ionad na pingine. Is de sin an cora cainte — "Oineach (féile) Uí Bhriain, agus a dhá shúil ina dhiaidh."

Ta go leor cora cainte againn fós ag cur síos ar dhaoine go mbíonn geáitsí is cur i gcéill ar siúl acu ag déanamh aithrise ar dhaoine galánta. "Síoda ar Shiobhán agus na preabáin (bailcisí) ar a hathair," nó "Cailín ag Mór agus Mór ag iarraidh déirce."

An té a bhíonn ag cur obair siar i gcónaí bíonn sé ag déanamh "treabhadh Mhurnáin." Nuair a bhíonn tú i dteannta nó i gcrua-chás bíonn tú i "bPoll Uí Labáin." Tá "Shank’s Mare" acu sa Bhéarla — an duine a bhíonn ar Shank’s Mare bíonn sé ag siúl. Marcaíocht Mhuiris na Gráige a thugtar ar a leithéid sa Gh’ilge. "A’ bhfuairis marcaíocht abhaile a laoigh?" "Fuaireas mhuise, marcaíocht Mhuiris na Gráige." Tá an buachaill ag tabhairt le fios go searbhasach gurbh éigin dó siúl abhaile.

Fadó cuireadh na hUí Dhúbhda as seilbh, agus de réir an bhéaloidis bhíodar lán deimhneach de go bhfaighfidís a gcuid talún ar ais ón rí lá éigin ach a bheith foighneach. Ó shoin i leith nuair a bhíonn duine ag súil le rud éigin dofhaighte, tugtar "súil Uí Dhúbhda le h-aird an rí," air.

Tagaimíd anois go Gobnait a’ Scrithin ón Seana Chluain in Iarthar Chorcaí. Tá cur síos ag Amhlaoibh Ó Luínse ar an mbean cháiliúil so. Aon uair a théadh sí go dtí an t-aonach i Máigh Chromtha "théadh sí siar go dtí an Screathán an oíche roimh ré." Dhéanfadh so chúig mhíle aistir di — sa treo mícheart. "Cóngar Ghobnait a Scrithin" a thabharfaí ar a leithéid d’aistear. "Ach bhí fios a cúise féin ag Gobnait, mar bhí daoine muínteartha dhi ar an Screathán. Bheidís seo ag dul go dtí an t-aonach agus marcaíocht ag Gobnait uathu. Ní fhágann san chomh díchéillí í. Ba nós dí freisin fanúint trí nó ceithre lá ar an Screathán taréis an aonaigh. De bharr an nóis sin nuair a thiocfadh duine ar ais taréis tamall gairid a chaitheamh as baile déarfaí leis: — "Dhein tú aonach Ghobnait a Scrithin de!" Is mar sin a chuaigh Gobnait isteach sa chaint.

Bhíodh "Gol Sheáin Stró — gol gan deor" acu. Is ionann san agus "deora an chrogaill" an Bhéarla. Fágfad anois sibh le comhairle na Caillí Béarra — "bí go maith don té a bhíonn go maith leat." Tá seoladh nua e-phost agam — jdonovan@optonline.net. Má tá moladh nó ceist ag éinne agaibh cuir teachtaireacht chugam.

P.S.: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on "Míle" Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese