OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Dhá Leabhar agus Beirt Naomh

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Is aire charaim Doire

Ar a réide, ar a glaine;

Ar is iomlán aingeal finn,

Ón chinn co n-ice ar-oile.

De réir an tseanchais b’é Colm Cille féin a scríobh an rann gleoite seo, ag cur síos ar mhéid a ghrá dá bhaile dúchais, Doire. I ndáiríre níl fhios againn cé scríobh é. "Cuireadh a lán dánta G’ilge ina leith sa traidisiún déanach, ach níl ansin ach nós litearatha. Cuirtear iomainn Laidine ina leith chomh maith, agus is féidir linn a bheith cinnte de gur chum sé aon cheann amháin ar a laghad — Altus Prosator," —- Naoimh agus Filí Laidine 5ú-9ú hAois — Pádraig Ó Fiannachta. Cuirtear an leabhar is sine dá bhfuil againn i leith Cholm Cille go minic freisin.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

An Cathach a thugtar ar an leabhar sin. Gabhann an t-ainm sin leis ón gcian aimsir. Cóip de shailm i Laidin atá ann. Ceaptar anois gur scríobhadh timpeall na bliana 600 é. Is dóca gur chuala sibh go léir an scéal sin faoi Naomh Finnian agus Colm Cille. Bhíodh sé againn ar scoil fadó agus ar eagla na heagla tabharfad achoimre dhaoibh anseo. Dob amhlaidh a rinne Colm Cille cóip de Vulgate Naomh Jerome a thug Finnian leis abhaile ón Róimh. Chonacthas i mbun oibre é agus d’iarr Finnian an chóip air. Dhiúltaigh sé dhó. Tugadh an chúis ós comhair Dhiarmada Mheic Chearbaill, ós comhair an Ard-Rí féin. B’í a bhreith siúd -"gur le gach bó a laoigh agus gur le gach leabhar a mhaicleabhar." Nuair nár thug Colm an chóip ar ais deir Céitinn gur fearadh Cath Cúile Dreimhne dá dheasca. (Foras Feasa ar Éirinn, líne 1390-)

Arbh fhéidir gurbh é an Cathach a bhí i gceist san imreas san? Níl na saineolaithe ar aon aigne faoi. Creideann a bhformhór nárbh é. Ag an am céanna nílid a rá nách raibh aon bhaint ag an naomh leis an leabhar ársa seo. Is eol dúinn go raibh an leabhar i seilbh mhuintir Uí Dhomhnaill-Cenel Conaill, craobh dena hUí Néill Thuaisceartacha, agus an dream ónar shíolraigh Colm Cille — ó thosach. Toghadh na Mic Rabhartaigh mar mhaoir ar an leabhar. Aon uair a bheadh na hUí Dhomhnaill ag dul chun comhraic thabharfadh an maor an Cathach deiseal mórthimpeall an airm faoi thrí. Uaidh sin an t-ainm. Tuairim na bliana 1095 d’íoch Cathbarr Ó Domhnaill as cumhdach aluinn airgid agus adhmaidh don leabhar.

Taréis Chonradh Luimní 1691 thug na hUí Dhomhnaill an leabhar leo go dtí an Fhrainc áit ar fhan sé go dtí 1802 nuair a thugadar ar ais go hÉirinn é.. Nuair a d’oscalaíodh an cumhdach i 1813 fuarthas na leathnaigh, ocht gcinn is caoga díobh, greamaithe dá chéile leis an dtais. Cúpla bliain ina dhiaidh sin bronnadh an leabhar ar an RIA agus tá an cumhdach ag Iarsmalainn na Éireann mar a bhfuil siad fós.

Taobh le Leabhar Cheanannais i gColáiste na Trinóide tá leabhar beag gan mórán maisiúcháin. Tugtar Leabhar Ard Mhaca air na l’thannta seo. Ar feadh na gcéadta blian thugtaí Canóin Pátraicc air agus creideadh gurbh é Pádraig Naofa féin a scríobh ó thosach deireadh é. Ansan san naoú haois déag thug fear dárbh ainm Charles Graves faoi ndeara agus é ag déanamh mion scrudú ar na leathnaigh gur scrios duine éigin amach ainm an scríobhaí. D’éirigh leis teacht ar an ainm arís taréis na céadta bliain —Ferdomnach. Glactar leis anois gurbh é Ferdomnach a scríobh an leabhar agus gur scríobh sé sa bhliain 807 é. Deir Annála Uladh go bhfuair Ferdomnach bás sa bhliain 845. Scrios agus d’athraigh duine éigin rudaí áirithe sa leabhar sa tslí go gceapfaí gurbh é Pádraig féin a scríobh.

Is féidir an leabhar a roinnt ina thrí chuid — 1 -Rudaí a bhaineann le Pádraig. 2 – Cóip iomlán den Tiomna Nua agus 3: Beatha Naomh Mairtin de Tours. Deir cuntas amhain gur nia le Naomh Martin, Pádraig. Sa chéad trian den leabhar tá, Beatha Pádraig le Muirchú, agus ansan tá cur síos ar shaothar Phádraig le Tíreachán, —-scéalta ar Phádraig ag bunú teampall ar fuaid na tíre don chuid is mó atá ansan. Ina dhiaidh sin tá an Liber Angeli. Sa phíosa seo tagann aingeal i mbrionglóid chuig Pádraig agus bronann sé sochair áirithe air. Críochnaíonn an chéad trian le cóipeanna de dhá litir a scríobh Pádraig féin. An Fhaoistin — cur síos ar a shaol féin a d’fhág Pádraig againn mar uacht; agus An Litir go Coroticus a scríobh sé ag cáineadh taoisigh ón mBreatain a mhairigh dream críostaithe. Creideann na saineolaithe gur chum Pádraig an dá litir dheireanacha seo. Ach tá siad lán cinnte leis nár scríobh Pádraig aon fhocal riamh i Leabhar Ard Mhacha mar go raibh an naomh breis is trí chéad bliain faoin bhfód nuair a scríobhadh é.

Ó thaobh na staire agus na polaitíochta dhe bhí agus tá an leabhar seo fíor-thábhachtach. Bhí páirt nách beag ag Canóin Phádraig san iomaíocht a thug príomhaíocht d’ Ard Mhacha i gcúrsaí eaglaiseacha. Beidh níos mó le rá agam faoi seo uair éigin eile.

Sa bhliain 937, d’ordaigh Donnachadh Mac Flainn, Rí Éireann, an leabhar a chur i scrín in Ard Mhacha. Nuair a bhí Brian Ború ag tabhairt camchuairt na tíre sa bhliain 1004 thug sé cuairt ar Ard Mhacha. Scríobh sagart a bhí ina theannta cuntas gairid ar an dturas i spás glan sa leabhar. Tamall ina dhiaidh sin ceapadh duine ina mhaor ar an leabhar. Is uaidh sin an t-ainm MacMaoir atá fós ann.

Chaill na Mic Mhaoir a gcuid talún i bPlandáil Uladh ach choimeádadar greim ar an leabhar go dtí 1680. Sa bhliain sin chuir an Maor deireanach, Flaithrí Mac Maoir, an leabhar i ngeall ar chúig phunt. Costas taistil go Londain a bhí uaidh chun dul sall agus fianaise a thabhairt i gcoinne Oilibhéir Plunkett. Thug sagart dárbh ainm Seán MacMaoir, gaol le Flaithrí, fianaise i gcoinne Oilibhéir chomh maith agus dob é a mheall Flaithrí teacht anall. Bhíodar ag súil go bhfaighfidís a gcuid talún ar ais ó na Sasannaigh. Fuair an bheirt acu bás i bpríosún. Anois má bhíonn tú arís i gColáiste na Tríonóide caith tamaillín ag breathnú ar an leabhar beag, ris a ráitear Leabhar Ard Mhacha, agus smaoinigh ar an dream a léigh é romhat.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese