OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Donncha Beag agus an Mhílaois

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Má theipeann ar ríomhairí airithe Oíche Chinn Bliana nó má bhíonn tubaiste mhór de shaghas éigin againn beidh na dlíodoirí ag leagadh a chéile ag iarraidh an mileán a chur ar dhuine bocht éigin. Tá boladh an airgid mhóir faighte acu. Tá na polaiteoirí cheana féin ag díriú méireanna. Idir an dá linn an fear fé ndear an fhudarnéis agus an meascán mearaí seo go léir, níl focal ina thaobh. Donncha Beag nó Dionysius Exiguus mar a thug na Rómánaigh air, táim a rá.

In 523 AD d’iarr an pápa, Seán I, ar Dhonncha dáta na Cásca a chomháireamh i gceart. Rinne sé an obair sin go slachtmhar agus táimíd ag céiliúradh na Cásca dá réir ó shoin. Ach ní raibh Donncha sásta leis an méid sin. Cheap sé gur chóir an bhliain inar rugadh Críost a thomhas freisin. Go dtí sin bhí na Críostaithe ag áireamh na mblianta ó réimeas an impire Diocletian — fear, ar ndóigh, a d’imir cos ar bolg orthu. Níor thaitin sin le Donncha. Níl fhios againn i gceart conus a tháinig sé ar an bhliain 1 AD – an bhliain inar rugadh Críost -ach tá fhios againn anois go raibh dul amú air. De réir saineolaithe bíobalta an l’ inniu rugadh Críost suas le seacht mbliana roimh an dáta ar ar chinn Donncha. Rugadh i 7 BC é. Bíodh sin mar atá, glacadh le moladh Dhonncha agus sin é an fáth go bhfuilmíd anois mar a táimíd.

Má rugadh Críost sa bhliain 1 AD díreach mar a dúirt Donncha, tá fadhb bheag fós le réiteach againn. Sé sin, cathain, dáiríre, a thosnuíonn an mhílaois nua? Bheul, ní bheidh an dá mhíle bliain istigh go ceann bliana eile de réir na matamaiticeoirí. Ach buíochas le Dia ní éisteann aon duine leosan agus beimíd go léir i gcionn cúpla lá ag casadh "San Am do Bhíodh Fadó" ag fágaint slán ag an dara mílaois. Agus ar eagla go bhfuil an ceart ag na heolaithe — ceiliúraimís faoi dhó é? I dtreo is nach mbeidh leathscéal ag aon duine gan amhrán G’ilge a rá, ag seo cóip den amhrán breá san a luas thuas.

Foilsíodh an leagan seo leanas de, céad bliain ó shoin sa ‘Gaodhal.’ Ana sheans gur casadh é agus G’il ag fágaint slán ag an naoú haois déag. File dárbh ainm Mícheál Ó Séaghdha a chum an píosa. Sa nóta a ghabhann leis, deir an Síogaí Iniúchtach, Pádraig Feiritéar: "Seo ceann d’abhráin Mhíchíl Uí Shéaghdha, an file Gaelach; faraor, tá sé anois ar thaobh na fírinne. Beannacht Dé lena anam." Agus Beannacht Dé le hanam dílis Phádraig féin. Is aistriúchán scaoilte é an t-amhrán ar ‘Old Lang Syne.’ Canaimís arís é Oíche Chinn Bliana agus sinn ag céiliúradh na Mílaoise Nua.

San Am do Bhíodh Fadó.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Is Dúbhach mo smaointe anocht a ghean,

Cia bhíodh san tráth so sóch

Agus mire im’ chroí i l’thibh sean,

San am do bhíodh fadó.

Curfá

San am do bhíodh fadó a ghean,

San am do bhíodh fadó,

Nuair mhair an bhuíon lem thaobh nár fhan,

Is tá sínte lag ar feo.

Ní suairc mo chuimhne ar bhuíon do mheath,

Is tán san úir ar feo,

Ba ghnáth ‘na n-óige spórtach seal,

San am do bhíodh fadó. Curfá.

Thar lear ón dtír a mbíodh mo stad,

Roimh tíocht im ghar d’aon cheó,

Agus sgartha choíche óm shinnsear cheart,

Do bhíodh faoi mheas fadó. Curfá:

I bhfad ó linn na gcaoilte nglas,

Na gcaor agus na gcnó,

Na n-éan ba bhinn le taobh na n-eas,

Ó bhinn na sreabh gan stró. Curfá:

Níl maith i gcaoi, osnaíol is cnead

Ní fhillfidh rath go deo,

Ar Inis Gael ach intinn mear

‘Gus brí na bhfear sa ngleo. Curfá:

Do chosnaimh í, dá dtigeadh thar n-ais,

Le dílse cheart na dtreon,

Bheadh Éire arís mar bhí sí i bhfad,

Gan chaoi ná cnead ná brón. Curfá.

Is tráth cuimhní agus dóchais dúinn G’il é. Mílaois faoi mhaise dhaoibh. Bhur leas romhaibh agus go mbeire sibh air!!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese