OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The irish Column: Earnán de Blaghd.

February 16, 2011

By Staff Reporter

Thángas ar chóip den leabhar "Muire Mhór" i siopa in Éirinn i mbliana. Scríbhinní G’ilge a léadh le linn Chomhdháil Idirnáisiúnta Mhuire, i mBÁC, i 1958 atá sa leabhar beag so. Sé fáth gur chuireas suím ann ná ainm Earnáin de Blaghd a bheith ar an bhforleathnach. Protastúnach as Co. Aontruma ab ea Earnán. Cad ab áil leis de leabhar mar sin? Ní bhfaighfeá leabhar faoin Mhaighdean i leabharlann Ian Paisley, geallaim-se duit. Ach ba dhuine fé leith é Earnán. Ba náisiúnaí, G’ilgeoir, réabhlóidí, iriseoir agus poiliteoir é agus dob é a bhunaigh teach foilsitheoireachta an rialtais — An Gúm. Ba TD é ó 1918-1936. Bhí sé ina bhainisteoir ar an Abbey Theatre ó 1941-1967.

Bhíodh cáil ar Bhlaghd in Iarthar Chorcaí nuair a bhíos óg. Eachtra a bhain dó sa cheantar ba chúis le sin. Sa bhliain 1918 chaith sé tamall gairid ina eagarthóir ar an bpáipéar áitiúil — "Réalt A’ Deiscirt," sa Sciobairín. I rith an ama sin, bhí sé Domhnach ag cómhlíonadh a dhualgaisí sa Teampall Gallda i mBeanntraí agus thárla boc mór ón RIC ina shuí taobh leis. Thosuíodar ar "Go Saora Dia an Rí," a chasadh ag deireadh an deasghnátha. D’éirigh gach éinne ina seasamh ach Earnán – d’fhan seisean ina shuí. Níor ligeadh an masla in aisce leis agus gabhadh é cúpla lá ina dhiaidh sin agus dúnadh an Réalt.

Peadar Ó hAnnracháin, an conraitheoir cáiliúil, a fuair an post mar eagairtheoir d’ Earnán. Tuairim is deich mbliana roimis sin fuair Peadar litir ón mBlaghdach. Ball éigin oiriúnach sa Mhumhain chun G’ilge a fhoghlaim a bhí uaidh. An rud a bhí ar aighne aige ná cúpla bliain a chaitheamh ag obair ar fheirm sa Gh’ltacht. Ní bhéadh uaidh ach cúpla scilling sa tseachtain mar thuarastal, dúirt sé. "Dúirt sé, freisin, gur Phrotastúnach é féin ach ná déanfadh san difríocht ar bith, mar d’fhéadfadh sé bheith go lán tsásta i measc Caitliceach agus ná raibh uaidh ach an Gh’ilge a bheith go maith sa tigh agus í mar ghnáth-chaint i mbun gnótha ann."

Bhí náire ar Pheadar nuair nách raibh aon áit oiriúnach ina cheantar féin dó, agus dob éigin dó litir a sheoladh chuig an Seabhac ag lorg cabhrach. Labhair an Seabhac le Tomás Ághas agus mhol seisean Earnán a chur ag triall ar a mhuintir féin in aici Lios Póil. Dhein sé amhlaidh agus chaith sé trí bliana ann ag foghlaim G’ilge. Deir Peadar gur fhoghlaim sé na paidreacha G’ilge, "cuid acu, leis, nár bhain leis an gcreideamh a bhí aige féin." "Ba ró bhlasta d’fhéadfadh sé páirt do ghlacadh sa Choróinn Mhuire fé mar ghlacadh nuair bhí sé ina lóistéar thall i gcarcair i Reading sa bhliain 1916" (Fé Bhrat an Chonnartha, lch 701). Duine fé leith ab ea Earnán.

Thuig sé tabhacht na teanga mar chuid lárnach dá oidhreacht. "Ní heol dom aon duine eile sa Dáil a lean cúrsa na G’ilge ó thosach chomh dílis leis," deir Peadar. Dúirt sé freisin go raibh gach leabhar G’ilge a cuireadh i gcló léite ag an mBlaghdach. Ní miste a rá go ndearna sé cion fir ar son a thíre.

Ag trácht ar léamh agus saothrú na teanga, chuir Éibhlín Zurell ( an Gliomach Rua) scairt orm le déanaí ag lorg eolais faoin dán Béarla — Disinherited. Pádraig Ó Broin a chum an dán agus thit Éibhlín i ngrá leis nuair a chéad chuala sí é. Anois nuair a chuirtear ceist den tsort, "cén fáth go mbíonn tú ag cur ama amú leis an nG’ilge," uirthi, aithrisíonn sí an píosa so don cheistitheoir. Ní gá dí a thuille a rá. Féach Leathnach Baile Daltaí na G’ilge http://www.monmouth.com/~daltai chun an dán agus píosaí le Éibhlín dh’fheiscint. Seo agaibh an dán san:

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

DISINHERITED

I stand before the Book of Ballymote,

The Book of Leinster, the Leabhar Breac, last

That oldest, Leabhar na hUidhre — tomes that hold

My people’s history in a thousand ranns:

I cannot read a word.

I do not know the tongue my fathers spoke,

I cannot sing the songs my fathers sang.

I cannot read the books my fathers wrote;

Treasure on treasure in my hungry hands:

I cannot read a word.

The tables of my race are here: old lore

And tale; poems our bards were proud to chant to chiefs

How dare I name me Irish Poet?

Here is my heritage, and here I stand:

I cannot read a word.

— Pádraig Ó Broin.

Ní raibh aon eolas agam féin faoi Phádraig Ó Broin ach gur chualas Coinneach (Ken) Nilsen ag trácht air blianta ó shoin. Chuireas glaoch ar Choinneach. Maidir le Pádraig Ó Broin, deir sé, Bleá Cliathach ab ea é. Bhí léamh na G’ilge ar a thoil aige ach ní raibh labhairt na teanga aige. D’fhoilsigh sé dhá irisleabhar bheaga i dToronto. "An tIrisleabhar Ceilteach" circa 1954, agus "Teangadóir" circa 1960. Mhair an Teangadóir agus an tIrisleabhar ar feadh cúpla bliain agus bhíodh giotaí ó na teangacha Ceilteacha ar fad aige iontu. Thug sé léacht i Nua Eabhrac i 1964 nó 1965. Fuair sé bás i dToronto i 1969. Ar dheis Dé go raibh an fear macánta!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

– Barra Ó Donnabháin

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese