OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Fear an Asail Bhig Dhuibh

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Scríobh Séamus Ó Grianna alt in 1946, dar teideal – "Agus ba mhaith leat a bheith do scríbhneoir." Comhairle don scríbhneoir óg a bhí san alt. Seo píosa den chomhairle sin. "Cuimhnigh ar Phádraic Ó Conaire. Amharc air ina luí ansin marbh in ospidéal theach na mbocht agus a mhaoin shaolta ar chlár ag colbha na leapan — ubhall agus sean-phíopa agus unnsa tobac. Agus nuair a bhí sé marbh rinne siad Pádraic de chloich aoil agus chuir siad ina shuí ar charraig i nGaillimh é. Agus chruinnigh an chonairt thart air, agus iad ag brú agus ag streachailt, eagla ar gach aon choileán nach mbéadh a shoc féin i sgóip an chamera."

Tá an searbhas ag úscadh as an dá abairt dheireanacha san. Dob amhlaidh a nocht Éamonn de Valera dealbh de Phádraic ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe i 1935 agus is ar an searmanas san atá Séamus ag trácht. B’fhuath leis an nGriannach na polaiteoirí agus a gcuid fimíneachta agus ar ndóigh ní thógaim-se air é. Bhí meas mór aige féin ar Phádraic agus a chuid scríbhneoireachta, murab ionann is furmhór an dreama a bhí timpeall na deilbhe an lá úd. Séard atá á rá ag Séamus —"cá rabhadar siúd nuair a bhí Pádraic ina ainniseoir bocht ag lorg déirce ar bhóithre na hÉireann? Inniu ba mhaith liom cur síos gairid a dhéanamh ar shaol Phádraic.

Fuair Pádraic bás ar an 6 Deireadh Fómhair 1928, in Ospidéal Richmond i mBaile Átha Cliath. De réir scéil amháin, súisteáil a thug dream ógánach i gCathair na Gaillimhe, mí roimis sin, ba thrúig bháis dó. Bhí sé tugtha don ól agus deir siad gur ól sé ar thuil sé na blianta deireanacha ach go háirithe. Furmhór mór an airgid a thuil sé lena linn ba leis an bpeann a thuill sé é. "B’fhéidir a rá gurbh é an chéad scríbhneoir gairmiúil G’ilge é ach meastar nár éirigh leis ach tuairim £700 san iomlán a thuilleamh sna blianta sin." (Beathaisnéis II Breathnach agus Ní Mhurchú)

Bhí tig tábhairne – The Lobster Pot – ag a athair agus is ann a saolaíodh Pádraic i mí Feabhra 1882. Dob as Ros Muc dá athair Tomás agus Cait Nic Dhonnchadha an t-ainm a bhí ar a mháthair. Nuair a bhí Pádraic fós ana óg theip ar an dtigh tábhairne agus bhailigh an t-athair leis go Meiriceá. Lean an mírath anonn é. Ní raibh sé ró-fhada thall nuair a buaileadh breoite é agus fuair sé bás go gairid iar sin. Ansan fuair an mháthair bás agus cuireadh Pádraig go Ros Muc go dtí muintir a athar. Chaith sé roinnt blianta ag fhreastal ar scoil an Turlaigh Bhig agus is ansan a d’foghlaim sé G’ilge.

Thug sé tamall i gColáiste Charraig an Tobair agus tamall eile i gColaiste na Carraige Duibhe. Bhí de Valera agus Tomás Ó Rathile in aon rang leis ansin agus bhí Torna mar mhúinteoir G’ilge aige. I 1900 fuair sé post sa stáit-sheirbhís i Londain.. Phos sé bean dárbh ainm Molly McManus timpeall na bliana 1903 agus saolaíodh ceathrar clainne dóibh. D’fhág Pádraic an bhean agus an chlann i Sasana nuair a chuaigh sé ar ais go hÉirinn i 1914. Ní raibh an páiste ab óige, Máire, ach trí bliana d’aois ag an am. Maraíodh Molly sa bhlitz i 1945.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Ó chéad leag sé cos i Sasana bhí Pádraic gníomhach i gConradh na G’ilge. Bhí an Conradh rí-laidir i Londain i dtosach na haoise. Bhí leithéidí Sam Maguire, Mícheál Ó Coileáin, agus Liam P. Ó Riain ina mbaill ann. Ar ndóigh b’é Liam a mhol do Phádraic tosnú ar scéalta as G’ilge a scríobh. Rinne se rud air agus fuair sé a chéad duais Oireachtais i 1904 ar scéal dárbh ainm Páidín Mháire. Fuair sé neart duaiseanna eile Oireachtais ina dhiaidh sin. Foilsíodh Nóra Mhearcais Bhig agus Sgéalta Eile i 1909, Deoraidheacht i 1910 agus An Chéad Chloch i 1914.

Faoi 1914 bhí Pádraic braon den chathair agus thug a aghaidh ar Éirinn. As san amach, ag taisteal bóithre Chonnachta, Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantain, a gheobhfá é. Bhí aithne ag fia agus fiolar air agus ó bhíodh sé scéaltach bhíodh fáilte roimhe. Duine den chomhluadar ab ea é agus más fíor dona scéalta bhíodh ana mheas ag na mná air. ‘Beatha dhuine a thoil’ mar deir an sean-fhocal. I rit an ama bhíodh sé ag scríobh agus dhíoladh sé scríbhinn leis na clódóirí nuiar a bhídh airgead uaidh.

Maireann scéalta fós sa bhéaloideas faoi Phádraic. Ceann desna scéalta san baineann sé le Meiriceánach saibhir — nách mbíonn siad go léir amhlaidh — a tháinig abhaile agus a chuir aithne ar Phádraic. Bhí suim aige sa Gh’ilge agus thuig sé láithreach gur scríbhneoir cumasach gurb ea Pádraic. Thairg sé meall mór airgid do Choláiste na hOllscoile i nGaillimh ach post mar léachtóir a chur ar bun do Phádraic. Bhí an Coláiste toilteanach ach ní ghlacfadh Pádraic le posta den tsort sin a chuirfeadh d’fhiachaibh air fanúint socair sa Ghaillimh.

Bhaineas ana spórt as scéal éile faoi Phádraic a chualas le linn m’óige. Seans gur i leabhar dá chuid a chonaiceas é. Bhí sé i dtig tábhairne lá agus bhuail duine isteach a raibh dealramh an airgid air. "Bail ó Dhia anso isteach," ar sé. "Go mba hé duit," arsa Padraic. Chaith Pádraic tamall ag labhairt leis. Dob ionadh leis an bhfear uasal, G’ilge chomh líofa a bheith ag bacach mar Phádraic. Cheannaigh sé deoch agus deoch eile. "Bhfuil léamh na G’ilge agat," ar sé le Pádraic? "Tá," arsa Pádraic. Cuirfidh mé punt leat nách léifidh tú leathnach as an leabhar seo dom," ar sé. . Tharraing sé leabhar as a phóca agus chaith ar an mbord ós comhair Phádraic é. Leabhar a scríobh Pádraic féin a bhí ann.

Is é mo thuairim féin gur bhain Pádraic sult agus sásamh as an saol cé nách raibh mórán de shaibhreas an tsaoil seo riamh aige. Ní raibh suim aige in airgead ná i sealbha saolta. Bhain sé le saol a bhí imithe, saol ina a mbíodh meas acu ar an scéalaí. Chím fós é nuair a théim siar ar bhóithrín na smaointe, chím-se Pádraic agus an t-asal beag dubh idir mé is léas ag druidim uaim i gcónaí go n-alpann na Beanna Beola iad araon.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese