OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Fear Mór Dall

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

An Domhnach díreach i ndiaidh na Cásga a bhí ann sa bhliain d’aois an Tiarna 1916. Bhí scamall dubh deataigh fós ós cionn Bhaile Átha Cliath. Bhí Óglaigh na hÉireann taréis géilleadh dona Sasanaigh cúpla lá roimis sin. Bhí an t-aifreann thart in Eaglais Naomh Peadar agus bhí pobal Dé ag scaipeadh. Go tobann thosaigh ceol an orgáin arís ag líonadh an tséipéil agus ag baint macallaí as na sean fhallaí. Baineadh stad as na daoine a bhí ag bogadh amach as an séipéal nuair a dh’aithiníodar an fonn — Amhrán na bhFian. Bhrostaigh cuid acu amach mar bhí saighdiuirí agus póilíní chuile áit ach d’fan cuid eile acu gur chríochnaigh an ceoltóir an t-amhrán. Thug cúpla duine bualadh bas dó. Fear mór dall fadradharcach darbh ainm Carl Gilbert Hardebeck a bhí ag seinm.

I Londain a rugadh Carl in 1869. Saolaíodh dall é. Seodóir saibhir – ‘bhfuil aon saghas eile ann – ab ea a athair. Catherine Jones a bhí ar a mháthair agus dob as an Bhreatain Bheag dá muintir. Bhíodh ceol sa tigh i gcónaí acu agus thosaigh Carl ar an bpianó a fhoghlaim nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Ní raibh sé ach a hocht nuair a thosaigh sé ag cur ceoil ar chuid de dhánta Shelley. Fuair a mháthair bás timpeall an ama seo agus phós a athair arís go luath.

Níor mhaith leis an mbean seo buachaill dall a bheith i gcónai faoina cosa agus cuireadh Carl go dtí an "Normal College of Music for the Blind, in 1880. Chaith sé trí bliana dhéag sa choláiste san agus fuair sé céim sa cheol agus oideachas maith ann. Bhronn a athair £15,000 air agus bhain Carl úsáid as cuid den airgead chun siopa ceoil a oscailt i mBéal Feiriste. Theip ar an siopa seo taobh istigh de thrí bliana. Dob amhlaidh a bhí an páirtí a bhí in ainm is a bheith ag cabhrú leis sa tsiopa ag goid uaidh fan na haimsire. B’éigin dó dul i muinín an cheoil ansan. Thosaigh sé ag múineadh ceoil agus ag seinm sna heaglaisí ar fuaid na cathrach. Dála an scéil cé gur tháinig sé i dtír ar sheinm an orgain ba fhuath leis é mar ghléas ceoil.

Chuaigh sé chuig an Fheis Ceoil i mBaile Átha Cliath in 1897 agus dob ann a fuair sé a chéad duais as píosa a chum sé. Chuaigh a gcuala sé ag an bhFeis i bhfeidhm go mór air agus bhí spéis mhór aige i gceol traidisiúnta na hÉireann as san amach. Spreag an turas seo é chun staidéar a dhéanamh ar shaothair Bunting, Petrie agus Joyce. Thuigh sé freisin gur ghá dó G’ilge a fhoghlaim dá mba mhian leis an ceol traidisiúnta a thuiscint i gceart. Ar amharaí an tsaoil cuireadh craobh de Chonradh na G’ilge ar bun i mBéal feiriste in 1897 freisin. Ina dhiaidh sin bhíodh ranganna G’ilge ar siúl acu agus d’fhoghlaim Carl G’ilge ó Thadhg mac a’ Bháird agus Seán Ó Catháin.

Bhuaigh "The Red Hand of Ulster," cantáid a chum sé, an chéad duais ag Feis Ceoil 1900. Lá ‘Le Pádraig na bliana céanna chuala sé amhrán á chasadh ar an sean nós don chéad uair. Amharánaí ó Cho. an Chláir, darbh ainm Máirtín Ó Coindealbháin a bhí ag canadh sa Halla Ultach i mBéal Feiriste. D’aithin sé, de réir a chuntais féin, go raibh rud iontach sa cheol seo agus cheap sé nách raibh a leithéid eile le fáil san Eoraip. An méid sin ag teacht ó fhear a raibh eolas doimhin aige ar cheol na hEorpa. B’ í an cheolchoirm sin a spreag é chun dul go Tír Chonaill ag bailiú ceoil. Thosaigh sé ag freastal ar an Oireachtas agus chuir sé aithne ar na hamhránaithe ab fhearr sa tír. ‘I 1902 d’fhoilsigh Conradh na G’ilge roinnt amhrán a ghléas sé agus ba é a rinne tionlacan pianó an bhliain sin agus ag gach Oireachtas go dtí 1918,’ -Beathaisnéis III, Breathnach agus Ní Mhurchú.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

In 1918 fuair sé post i gCorcaigh mar Ard-Mháistir ar Scoil Cheol na Cathrach agus mar Ollamh le Ceol Gaelach san Ollscoil. Ghealladar tigh dó ach ní bhfuair sé é. Fara sin b’éigin dó íoch as lóistíní agus as duine cúnta ó bhí sé dall. Dúirt Seán Ó Baoghaill go raibh cuid den fhoireann i gCaorcaigh ag doicheall roimhe de bharr a chuid náisiúnachais. Níor thug sé ach trí bliana ann sul ar chuaigh sé ar ais go Beal Feiriste.

Bhí Seán Ó Baoghaill ina mhac leinn ag Hardebec agus bhí ard aithne agus meas aige air. Agus é ag cur síos air i bpíosa a scríobh sé do Comhar Márta, 1945, taréis bháis Carl, deir sé: ‘B’annsa leis ceol na hÉireann ná a gcuala go dtí sin. Chuir se roimhe áilneacht an cheoil sin a léiriú don tsaol agus rinne sé a chéad éacht — chuaidh sé go dtí na Gaeltachtaí mar a rachadh duine chun an tobair ar lorg fíor-uisce. Bhí fhios aige gur ansin amháin a gheobhadh sé na seoda a raibh aos ceoil na hÉireann neamartach iontu ó aimsir Bhunting. Rinne sé rud nách ndearnadh roimhe — scríobh sé achan nóta go díreach mar a chuala sé é, ag tabhairt áirde thar an choitiantacht ar rithim agus ar uaim agus ar aicinn na teanga. Ba chuma leis goidé an bharúil a bhéadh ag lucht an cheoil acadúil dá shaothar — chloífeadh seisean leis an fhírinne mar chonnaic sé féin í. Scríobh sé na trí leabhair ceoil ba ealaíonta a dtáinig amach in Éirinn ariamh, mar tá "Seoda Ceoil. I, II, III." Chaill sé go trom orthu.’

In 1932 iarradh air dul go Baile Átha Cliath chun acadamh ceoil a chur ar bun. Chuaigh Seán Ó Baoghaill ina chuideachta. Deir sé; ‘Cuireadh fáilte mhór roimhe. Dar liom go raibh l’tha an anáis thart. Bhí seomra againn thuas sa tigh báirr i gCearnóig Pharnell uimhir 15, an áit ar ghnáthach linn obair an l’ a dhéanamh. Thigeadh ceoltóirí ó na Gaeltachtaí uiligh a cheol dó. Thángthas chugainn ó Ghaillimh agus ó Chiarraí agus as Tír Chonaill. Lean sé ag obair ar a leabhar teoirice agus bhí gach cineál ag gabháil go síodúil. Labhraíodh sé go poiblí ag cruinnithe Gael, bheireadh sé cuidiú don Chlaisceadal agus ghléasadh sé amhráin do Chór an Chéitinnigh — ní raibh sé fuar ariamh ina chuid carad.’

Ach tháinig galar léanmhar ar an bhfear bocht agus b’éigin dó dul faoi scian dochtúra. I ndeireadh a shaoil ní raibh pingin rua fágtha aige ach ansan deir Seán ‘Tháinig Órd Naoimh Proinnsias go fial fiúntach chuige le cabhair. Thug siad a cheart dó i ndeireadh a l’tha. Fuair sé bás go suaimhneach agus tá sé ina luí anois san áit is dual dó, i measc laochra Gael i nGlas Naoín.’ Ar dheis Dé go raibh siad uiligh!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese