OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Ó Gh’ltacht Chorcaí go Holyoke

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Cúpla bliain ó shoin casadh scolaire uasal orm darb ainm Tom Moriarty. Is Ollamh le stair é Tom in Elms College Chicopee, Mass. Sa chomhrá dúinn d’fhiafruigh sé díom ar chualas riamh trácht ar an Athair Diarmuid Ó Ceallacháin as Máigh Chromtha. Dúrt nár chualas. Bhí tráchtas scrite ar an sagart ag Tomás agus gheall sé cóip a chur chugam Chomh maith do chuir agus ag seo síos creatlach lom an scéil sin. ("From the Cork Gaeltacht to Holyoke Massachutts: The Turbulent Career of Reverent Jeremiah Ó Callaghan, 1780-1861." by Tomas Moriarty).

Fuair an tAthair Diarmaid Ó Ceallacháin bás in 1856 i Holyoke Mass. Cuireadh, lá seaca é, sa reilig taobh le teampall Naomh Jerome i bparóiste Naomh Jerome — paróiste a bhunaigh an Ceallachánach féin sa bhliain 1856. Bhí sé taréis deich mbliana feichead a chaitheamh ag freastal ar a thréad sna bailte beaga iargúlta i bhfíor-iarthar Dheoise Boston. Éireannaigh bhochta don chuid is mo a bhí sa tréad san agus b’ í an Gh’ilge teanga dhúchais a bhformhór.

Ar 9 Márta, 1861, bhí píosa sa Boston Pilot ag cur síos ar shaol agus ar ghníomhartha Dhiarmada. Is leir ón alt go raibh ard mheas ag a phobal féin air agus go rabhadar dílis dó go deireadh. Ba chuma leis sealbha saolta agus níor leasc leis riamh troid ar son cearta na ndaoine bochta. Duine macánta, fial, cráifeach ab ea é.

Timpeall an ama céanna bhí scéal a bháis in iris darbh ainm an Bisop’s Journal. An tEaspog John Fitzpatrick a scríobh. Ní brón a bhraitheann tú sa phíosa seo ach faoiseamh. Duine achrannach, ait, gan mórán oideachais a bhí i nDiarmaid, dar leis an t-easpag. Bhí sé cadránta ceanndána, dolúbtha. An rud ba mhó a ghoill ar an easpag ná Diarmaid a bheith tugtha do ionsaithe ar na húdaráis – é féin ina measc. B’shin oighear an scéil. Ba dhuine coimpléascach é Diarmaid.

Rugadh in Iarthar Chorcaí é, gar do Mháigh Chromtha, in 1780. Bhí seachtar duine dhéag sa chlann. Oirdníodh ina shagart é in 1805. An tEasbag William Coppinger a bhí i mbun an tsearmanais. Ní fada iar sin go rabhadar in achrann le chéile. Cleachtadh na húsaireachta ba chúis leis. Thug Coppinger cead dona húsairí feidhmiú sa Deoise. Bhí Diarmaid le ceangal. D’ionsaigh sé Coppinger go fíochmhar ós comhair an phobail. In 1820 thug an t-easpag bata agus bóthar dó. Ní raibh cead aige an t-aifreann a léamh sa deoise as san amach. Ní mór dom anso cúpla focal a rá faoi chúlra na troda.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Tugtar ús ar an táille a íoctar ar airgead a fhaightear ar iasacht. Fadó, úsaire a thugaidís ar an bhfear a thugadh aigead ar iasacht agus úsaireacht ar an gcóras féin. Is mar sin a thosnuigh na bainc – ag ligint airgid amach ar ús. D’athraigh brí an fhocail i ndiaidh a chéile de bhrí go mbíodh na bainc agus na húsairí santach agus bhídís ag éileamh an iomarca úis. Dá bhrí sin tá droch-bhrí leis na focail úsaireacht agus úsaire na l’thanta seo. Gaimbín a thug na hÉireannaigh ar an úsaire agus gaimbíneachas nó breisd(h)íol ar an úsaireacht. I dtosach, bhí an Eaglais go láidir i gcoinne gach sórt iasachta. De réir dlí na heaglaise ní raibh sé ceart ús a éileamh ná a íoch.

D’athraigh an eaglais a meon i dtosach na haoise seo caite ach níor bhog Diarmaid. Chonaic sé an dochar a bhí á dhéanamh ag na gaimbíní dá thréad agus go deireadh a shaoil throid sé go fíochmhar ina gcoinne. Lena linn féin d’fhás nós eile a chuireadh ar na craobhacha é. Chrom an eaglais ar shuíocháin a ligint ar cíos. D’íocfadh teaghlach as suíochán agus chuirfí a n-ainm air agus ní bheadh cead ag éinne eile suí ann am aifrinn. Is cuimhin liom féin an cleachtadh san bheith fós i bhfeidhm in áiteanna in Éirinn sna caogaidí. Chreid Diarmuid gurbh ionann an cleactadh agus teach meirdreachais a dhéanamh de theach an phobail.

Ar aon nós chaith sé blianta fada ag iarraidh a phost ‘fháil ar ais ach theip air. Bhí sé ina fhánaí ar fead tamaill ag lorg oibre ach chuir a dhearca i leith na húsaireachta sceoin ar na heaspaig — go háirithe i bpluais na n-úsairí, i Nua Eabhrac.

Ansan de chinniúint sa bhliain 1830 casadh easpag Boston, fear darbh ainm Fenwick, air, agus thug sé cuireadh dhó teacht go Sasana Nua ina theannta. Ar 4 Iúil 1830 thug sé seanmóir i nG’ilge ag an gcéad Aifreann de réir dialainne an easpaig. Chuir sé an Corcaíoch siar go sléibhte Vermont mar mhisinéir. Ba chuid de dheoise Boston an ceantar fiáin sin ag an am. Bhí Diarmaid caoga bliain d’aois.

Bhí ocht gcomhchruinniú faoin a chúram, iad scaipthe go maith óna chéile. Nuair a thosnuigh sé bhí sé ag freastal ar thuairim is míle duine. G’ilgeoirí a bhformhór. Bhí sé le cúig bliana fichead a chaitheamh i measc na sléibhte i Vermont. Agus bhí ag méadú ar líon a phobail i gcónaí i rit an ama sin. Rinne sé obair éachtach.

Thóg sé a chéad shéipéal i Burlington. Deir Tom Moriarty " Histories of Vermont Catholicism testify to the numerous parishes in which the first mass was said by Ó Callaghan." Bhí cuid de Iarthar Massachusetts agus treabh Indiach, na hAbenaki, faoin a chúram freisin. Ba mhinic ag snámh in aghaidh easa é. Bhí dreamanna frith-Chaitliceacha ag feidhmiú sa limistéar ach cé nár scanraíodar an sean sagart rinne siad dochar. Dódh an séipéal i mBurlington go talamh in 1838 mar shampla. Thóg sé arís é. D’oscail sé an chéad scoil Chaitliceach sa stát i mBurlington.

Tháinig an Gorta Mór agus tháinig na hÉireannaigh ina sluaite. go Massachusetts agus Vermont. I litir a chuir sé chun an easpaig dúirt sé go raibh sé díreach taréis an ola dhéanach a chur ar sheachtar Éireannach nuathagtha. Fuair ana chuid díobh bás go luath taréis teacht, bhídís chomh lag san.

Nuair a rinneadh deoise nua de Vermont glaodh ar ais go Massachusetts é agus chuir sé faoi i Holyoke áit ar thóg sé séipéal agus ar chuir sé tús le paróiste eile dár teideal St Jerome. Bhí easpag nua i mBoston fán am seo, fear dárbh ainm Fitzpatrick — sea an fear a scríobh an píosa maslach faoi Dhiarmaid. D’éirigh eatarthu. Bhí Fitzpatrick ag lorg airgead suíochán ó na paróistí. Chaill an Ceallachánach a phost arís. Fuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin.

Na séipéil agus na scoileanna go léir a thóg Diarmuid, d’íoch sé astu gan bacaint le banc ná úsaire. Bhí sé amharasach futhú. B’fhuath leis airgead páipéir. Ní raibh ann ach cur i gcéill agus bréagadóireacht dar leis. Anois ar eagla go gceapfá go raibh sé as a mheabhair smaoinigh go raibh sé ar aon mheon le hAndrew Jackson i dtaobh na mbanc agus cursaí eile airgeadais. Táim fíor bhuíoch de Tom Moriarty as scéal an fhir iontaigh seo a sheoladh chugam. Go maire tú céad a Thomáis!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese