OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Leabhar na hUidhre

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Ba ghasúr gasta meabhrach é Naomh Ciarán agus ní foláir nó bhí a thuismitheoirí ana mhórálach as. Nuair a tháinig an t-am chuige agus an chaoi air, chuireadar go Cluain Ioraird é go dtí an scoil iomráiteach a bhí ag Naomh Fionnáin. Sul ar fhág sé an baile, ámh, d’iarr sé bó ar a mháthair ach dhiultaigh sí dhó. Bhuail sé amach sa pháirc, thogh sé bó dhonn as an dtáin agus bheannaigh sé í. Nuair a d’fhág sé slán ag a mhuintir lean an bhó agus a lao diúil é. ‘Odhar Chiaráin’ a thugaidís ar an mbó san as san amach. Tá ainm na bó ar bhéalaibh daoine go dtí an lá atá inniu ann mar tugadh Leabhar na hUidhre ar cheann desna lámhscríbhinní is cáiliúla dá bhfuil againn. Is ionann ‘odhar’ agus ‘donn’ agus nuair a úsáidtear mar ainmfhocal é bíonn an bhrí ‘bó dhonn’ leis. ( An Odhar = The Dun Cow, Leabhar na hUidhre, The Book of The Dun Cow.)

B’iontach go deo an bhó í. In aimsir an ghátair choimeádfadh sí a raibh de mhainigh sa mhainistir i mbainne, go mbéarfadh an fhlúirse orthu arís. Nuair a chuaigh Naomh Ciarán go Cluain Mhic Nóis chun mainistir a bhunú thug sé an Odhar leis. Ba léir go raibh cumhacht neamhshaolta ag an mbó agus nuair a fuair sí bás faoi dheireadh baineadh an tseithe di agus leasaíodh í. Coimeádadh i dtaisce i scrín sa mhainistir í. Chreidtí ar feadh na mblianta dá bhfaighfeadh duine bás agus é ina luí ar an gcraiceann feartach seo go raghadh sé díreach go Fláitheas Dé. Mar shampla sa bhliain 900 — de réir Annála Inis Faithleann, fuair Tadhg, Rí Connachta bás i gCluain Mhic Nóis taréis droim a thabhairt don saol ar chraiceann na hUidhre. Seans go mbíodh daoine mór le rá ag triall ar an gcraiceann nuair a bhraithfidís an bás ag druidim leo – agus go mbídís bronntach. Anois níl an scéal sin ag cur le scéal eile faoin gcraiceann céanna.

De réir an tarna scéil, tháinig Fergus Mac Roich ar ais ón uaigh agus fuair Ciarán an "Táin Bó Cualainge" uaidh. Bhí an eachtra caillte ar feadh i bhfad agus bhí tábhacht mhór ag baint léi. Bhreac Ciarán síos an scéal ar chraiceann na hUidhre.

Dá mbeadh an méid sin fíor ní bheadh an craiceann ar fáil nuair a tháinig Tadhg ag triail air, trí chéad bliain ina dhiaidh sin. Tá gach dealramh air gur sa chúigiú haois déag a cumadh an scéal seo nuair nách raibh tásc ná tuairisc an chraicinn le fáil. Bhí cuimhne fós air agus scéalta ag baint leis mar b’é craiceann na hUidhre an taise ba cháidhe dár bhain le Cluain Mhic Nóis. Agus ba sa lámhscríbhinn a scríobhadh i gCluain Mhic Nóis a bhí an chóip ba shine den Táin le fáil. De réir dealraimh chuir údar éigin an dá fhíric sin le chéile. Cé nách raibh aon fhírinne ag baint leis, glacadh leis, agus tá Leabhar na hUidhre ar an leabhar ó shoin. Tuigimíd anois nách raibh aon bhaint ag Ciarán ná a bhó mhíorúltach leis an leabhar ó bhí breis is ceithre chéad bliain idir bás an naoimh agus scríobh an leabhair.

Scríobhadh Leabhar na hUidhre, i gCluain Mhic Nóis — den chuid is mó ceaptar, sna blianta 1070-1106. Triúr manach a scríobh agus tá ainm duine acu againn — Maol Mhuire. Tá ana chuid eolais againn faoi, de bharr an obair éachtach a rinne an scoláire Gearmánach Zimmer. Ba de shliocht sleachta scoláirí agus eaglaiseach é. Thug Zimmer an líne siar go Gormán, fear a fuair bás i gCluain Mhic Nois in 610. Timpeall an ama sin bhí na G’il ag tosú ar an scríobhneoireacht. Cé go rabhadar ag breacadh litríocht ar phár ón aimsir sin ar aghaidh, ‘sé Leabhar na hUidhre an leabhar is sine atá againn anois a bhfuil litríocht Gh’ilge le fáil ann. Scriosadh agus cailleadh na cinn eile.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Na Lochlannaigh ba mhó ba chúis le sin. Scriosadar agus loiteadar na mainistreacha. Nuair a chuir Brian Ború deireadh lena réim i 1014 thosaigh na mainistreacha ag teacht chucu féin arís. Thosaigh na mannaigh arís ar na sean cháipéisí a bhailiu agus a chóipeail. Bhí fadhbanna acu. Níor thuigh a bhformhór an tsean teanga agus na lámhscríbhinní a tháinig saor bhí bearnaí móra iontu. Ba mhó go mór, freisin, an tsuim a bhí acu sa tseanchus ná sa litríocht. Tá an t-ádh linn gur chuireadar giotaí filíochta sna leabhair, ó am go chéile, mar shamplaí dena meadracha. Níor mhaith le cuid acu eachtraí "págánacha," mar a thugadar orthu, a chóipeáil agus bhídís ag gearán faoi go minic. Ach ar an láimh eile ba mhinic, nuair a bhaineadh eachtra lena n-áit dúchais bhídís lán sásta í a chóipeáil. Dob as Co. Lú, ceantar Chon Culainn, do mhuintir Mhaol Mhuire agus níor leasc leis mar sin an Táin a chóipeáil.

Tá Leabhar na hUidhre an tábhachtach ó thaobh na G’ilge dhe. Scríobhadh go hiomlán i nG’ilge é. Tá cóip den Táin ann, Amra Choluim Chille, Mesca Uladh, Fled Bricrend, Imram Brain meic Febail, Tochmarc Étaíne agus go leor leor eile. Is fuiriste teacht ar chóip de. Níl fhios ag éinne cad a bhain don leabhar i dtosach nuair a tréigeadh Cluain Mhic Nóis. Ach deir nóta ar leathnach 37 den leabhar féin go raibh sé i seilbh na nDónallach Thír Chonaill timpeall na bliana 1300. I 1359 ghabh Ó Conchúir Shligigh duine dena Donallaigh agus b’éigin dóibh Leabhar na hUidhre a thabhairt d’ Ó Conchúir chun an cime a scaoileadh ar ais slán. De réir Annála Ríochta Éireann ghabh ‘dh Rua Ó Dónaill caisleán Uí Chonchúir sa bhliain 1470 agus fuair an leabhar ar ais. Bhí sé fós i dTír Chonaill i 1630 agus na Ceithre Máistrí ag obair ann. An chéad trácht eile atá againn air bhí sé i siopa leabhar Hodges and Smith i mBaile Atha Cliath. Is uathu a cheannaigh an RIA é.

Dala an scéil, dúnmharaíodh Maol Mhuire sa tséipéal i gCluain Mhic Nóis sa bhliain 1106. Dream Éireannach a d’ionsaigh agus a chreach an mhainistir. Is léir gur fhoghlaim na hÉireannagh níos mó ná an bhádoireacht óna Lochlannaigh

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese