By Barra Ó Donnabháin
Nuair a d’éag Pádraig Feiritéar i Chicago i 1924, ba é a thoil uachta é go seolfaí na 38 lámhscríbhinn, a bhailigh sé i rith a shaoil, go Dúglás de hIde i gColáiste na Ollscoile i mBÁC. Dob amhlaidh a bhí sé fíor bhuíoch den Chraoibhín as an obair a rinne sé ag féachaint chuige go mbeadh an Gh’ilge ina hábhar riachtanach don Mháithreánach sna scoileanna. I measc na gcáipéisí tá cnuasach scéalta a bhailigh sé sa tír seo agus cóipeanna lámhscríbhinní a fuair sé ó dhaoine a thug leo as Éirinn iad. Tá seanchas agus amhráin, filíocht agus stair iontu. Sa scannán nua-dhéanta "Pádraig Feiritéar 1856-1924," Leiriú/Stiúrú Breandán Feiritéar, deir Breandán Ó Buachalla gurb é an rud is tábhachtaí a d’fhág Pádraig Feiritéar againn ná "an léargas is grinne atá le fáil ar shaol Gaelach na Mumhan sa dara leath den 19ú aois." Murach Pádraigh bheadh gnéithe airithe den tsean saol san ceilte ar ár radharc. Ag seo síos scéal dá chuid a bhaineann leis an saol san:
Ag Séamas Feiritéir agus ag Cáit Ní Shúilleabháin, i mbarr an taobh thiar den Bhaile Uachtarach, timpeall na bliana 1800, bhí iníon dárbh ainm Méaras. Ar éirí suas di so, níor las gaoth ná grian riamh ar aon chailín óg ba naíonta, ba dhathúla, ba chóraí, ná ba dhea-mhaisí ar gach aon tslí ná í. B’í cumann a hathar, taisce a máthar, gean an teaghlaigh, ansacht a comhluchta, agus maíomh a comhlúadar í; agus cé go raibh sí chomh breá san, bhí sí grámhar agus tarraingeach chomh maith, agus in ionad aon scamaill éada a bheith ar chailín ar bith dá cuideachtain léi, gurbh amhlaidh a bhíodar san, mar gach éinne eile, lán de chion agus de ghradam di. Ni raibh caoi ná faill dá bhfaigheadh aon cheann de chailíní an bhaile ná gurbh ar Mhéaras a thugadh sí a haghaidh. Is ina fochair a théidís idir lá saoire agus dhomhnach, ní hamháin chun aifrinn ach ina dhiaidh sin, chun ceoil agus caitheamh aimsire.
Dob eol do Mhéaras sníomh agus casadh, fí agus gearradh amach, fuáil agus cniotáil, leasú ime, láimhsiú éisc, meilt brón, agus bruith agus beiriú gach aon ghné bídh agus a ullmhú chun a ithe. Uime sin ba mhinic gur mhó d’fhoghlaimíodh na cailíní de ghéarchúis agus de dhea-eolas ón dtaispeánadh a thugadh Méaras dóibh ná óna máithreacha féin. Cé nách bhfuair Méaras aon scolaíocht bhí foghlaim uirthi ab fhearr ná gheobhadh sí ar aon scoil san am san agus ná anois leis b’fhéidir. Bhí a meabhair líonta ní hamháin de shean-eachtraí ach fós de bhéal-sheanchas na ndaoine.
Lá dá rabhadar mar seo ar ghuailinn Bhinn Fhuithir na n-Uan ag éisteach le Méaras ag cur síos dóibh mar sciobadh saighdiuirí Chromaill na leanaí beaga óna máithreacha d’fhonn iad a dhíol mar sclábhaithe sna hIndiaibh Thiar – scéal a chuir na cailíní ag sileadh na ndeor go fras. Ansan d’aithris sí dóibh cad uime agus connas a crochadh Seán Ó Mainín* i nDaingean Uí Chúise – scéal a chuir fuil na gcailíní ag fiucadh, — go dtáinig mórtas arís orthu nuair a chualadar ó Mhéaras conus mar do ghoid an bhean mhisniúil Máire Mhaitiais Uí Shúilleabháin na nGort nDubh a chloigeann den chuaille ar a raibh sé faoi fhaire ag na saighdiúirí agus mar a thug sí lei abhaile faoi bhinn a bréide é. Agus mar a leath an scéal amach agus mar a chruinnigh na tuataí sa treo nách bhfachtas roimhe ná ó shoin i leith, aon t-sochraid chomh mór leis an sochraid a bhí ag adhlacadh cinn Sheáin Uí Mhainín i nDún Urlann.
Ar chríochnú an scéil so, d’fhigh na cailíní bláthfhlasc den fhraoch agus chuireadar mar choróin ar cheann Mhéarais agus d’árdaigh cuid díobh ar a nguaillí í agus sheoladar ar fad suas "Thugamar Féin an Samhradh Linn." Ag gabháil aniar Fathadh na Béidrí ar an bhfuadar san tháinig caim-fheóthan (whirlwind) fíochmhar a scuab an féar as an gcré agus b’éigean dóibh Méaras a ligint uathu ar an dtalamh. Ní luaithe a ligeadar uathu í ná ghaibh an feothan í agus thosaigh á casadh timpeall ina lúb agus d’fhan á luasgadh í riamh is choíche gur thit sí le racht mearbhaill ar bior a cinn gan aithne gan urlabhra ar an dtalamh.
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Tháinig uafás ar na cailíní agus ritheadar chuichi agus thógadar aniar í agus d’fhoscladar brollach a fallainge agus bhíodar ag gabháil di — cuid díobh ag greadadh a bonn agus a dearnan agus a thuille ag cimilt a uisinne (temple) agus caol a lámh agus a cos – gur thugadar an t-anam thar nais inti. Thugadar abhaile í ach má thug b’éigean do Mhéaras luí ar a leaba agus tháinig an bhreoiteacht chun fiabhrais agus i gcionn trí ráithe bhí sí ag a hadhlacan in uaigh a sean athar i nDún Urlann. Is iomaí bliain anois ann ó thuit an scéal so amach ach dá fhaid ó shoin é tá cuimhne ag sean áitritheoirí fós ar chríoch agus ar imeachta Mhérais Feiritéar. — Pádraig Feiritéar, An Síogaí Infhiúchtach, An Gaodhal, Meitheamh, 1899.
(Seán Ó Mainín: As an mBaile Uachtarach dó. Luamhaire (pilot) ab ea é ar long Fhranncach a tháinig ró-dhéanach chun fóirithinte ar Chathair Luimní i 1690. Crochadh de bharr na heachtra é agus cuireadh a cheann ar chuaille sa Daingean. D’éirigh le Máire Mhaitiais Uí Shúilleabháin an cloigeann a ghoid agus é a thabhairt ar ais abhaile.)
PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.