OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Talamh an Éisc

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Beir beannacht óm chroí go Tír na hÉireann,

Bánchnuic Éireann Ó,

Chun a maireann de shíolra Ír is Éibhir

Ar Bhánchnuic Éireann Ó

An áit úd ‘narbh aoibhinn binnghuth éan

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael,

Sé mo chás bheith na mílte míle i gcéin

Ó Bhánchnuic Éireann Ó.

De réir an tseanchais, scríobh Donnchadh Rua Mac Conmara na línte thuas i dTalamh an Éisc sa bhliain 1745. Bhí na hÉireannaigh ag dul go Talamh an Éisc ar feadh leathchéad bliain fán am san. Iascaireacht shéasúrach, den chuid is mó, a thug ann iad i dtosach. Théadh fir ó oirdheisceart na hÉireann amach ag obair ón Earrach go dtí Deireadh Fomhair gach bliain. Diaidh ar ndiaidh thosnuíodar ag lonnú ann agus faoin mbliain 1836 bhí 36,000 duine de shliocht Éireannach i dTalamh an Éisc. Dob ionann san agus 50% den daonra. Mar deir Aodhán Ó hEadhra ina leabhar tábhachtach nua-fhoilsithe Na G’il i dTalamh an Éisc; — "Sa mhéid is gur féidir linn cur síos a dhéanamh ar áit lasmuigh d’Éirinn i dtéarmaí a thagraíonn do cé chomh ‘Gaelach is atá sé, is féidir linn glacadh leis nach bhfuil ionad ar bith eile ar domhan inar chuir Éireannaigh fúthu atá níos Gaelaí ná Talamh an Éisc." Is sa leabhar iontach san a fuaireas furmhór na bhfiricí seo leanas.

John Cabot an chéad Eorpach go bhfios dúinn, taobh amuigh de Naomh Breandán, ar ndóigh, a leag súil ar Thalamh an Éisc. Fhaid is a bhí sé ann thug sé faoi ndeara go raibh na farraigí mórthimpeall lán de éisc. Bhí na troisc níos flúirsí ná aon iasc eile. Dúirt sé go rabhadar chomh flúirseach san gurbh fhéidir leo breith orthú lena lámha. Maoine an Oirthir a bhí ó Cabot agus níor thuigh sé tábhacht na n-iasc. Dhealródh sé gurbh iad na Portaingéalaigh agus na Francaigh ba thúisce a chuaigh ar thóir na dtrosc timpeall Thalamh an Éisc. Mar sin féin ní raibh na Sasanaigh agus na Spáinnigh mórán chun deiridh orthu.

Bhí go leor éisc ann dóibh go léir agus thagadh na mílte iascaire gach Samhradh chun fomhar saibhir na farraige a bhaint. Ag deireadh an Fhomhair théadh na longa abhaile le hualach mór trosc saillte. Le himeacht aimsire d’fhágaidís daoine ina ndiaidh ar an oileán chun aire a thabhairt dona tithe agus dona huirlisí leasaithe i rith an gheimhridh.

Chomh fada siar le 1680 thosnaigh longa ó Shasana ag teacht gach Earrach go longphoirt Oirdheisceart na hÉireann ag lorg oibrithe agus earraí saora. Bhíodh réimse leathan earraí uathu le haghaidh an tséasúir iascaigh. I measc na soláthairtí a cheannaídis bhíodh muiceoil ghoirt, im, cáis, mairteoil, pórtar, stocaí, bróga, arán, agus míle rud beag eile.

Go Port Láirge, Ros Mhic Treoin agus Eochaill is mó a thagaidís. On gceantar timpeall Phort Láirge agus ó Devon agus Dorset i Sasana is mó a tháinig na hoibrithe. Théadh gníomhairí timpeall na tuaithe sa gheimhreadh ag earcú daoine óga. Théidís go dtí na tithe tábhairne agus na haontaí. "Irish Youngsters" a thugtaí ar na hoibrithe seo. Dob ionann iad agus na spailpíní in áiteanna eile ach go mbíodh turas i bhfad níos fuide ag na ‘Youngsters’ seo. Bhí daoine scannalaithe chomh fada siar le 1681 toisc go raibh ceannaithe ó Shasana ag tógáil ban Éireannach mar sheirbhísigh go Talamh an Éisc. Níor ghnáth rud é sin cé go mbíodh mná Éireannacha ag dul amach ó am go chéile.

Deir Aodhán go dtéadh ‘dream daoine ón meánaicme nó ón aicme ghairmiúil amach freisin.’ Ina measc bhíodh saighdiuirí, múinteoirí, sagairt, lucht gnó, dochtúirí, gaibhne, siúinéirí agus mar sin de. Deir sé nách raibh aon chiall leis an dtuairim ‘a bhí coiteann go leor go raibh na hÉireannaigh a chuaigh go Talamh an Éisc bocht dearóil.’ Is é an t-oirdheisceart an ceantar is grianmhaire agus is saibhre sa tír. Níl fhios againn i gceart fós cad a thug ar mhuintir an cheantair seo, seachas dream ó áit éigin eile, tabhairt faoi Thalamh an Éisc. B’fhéidir gurbh é an ceangal trádála idir na Déise agus Sasana, a théann siar go haimsir na Rómánach, a spreag chun taistil iad. Rud eile spéisiúil, — cé go raibh roinnt mhaith Protastúnach sa taobh san tíre, deir Ó hEadhra; "Caitlicigh ab ea formhór na n-imirceach agus is é an Caitliceachas an tréith chultúrtha is leithlí i measc sliocht na nÉireannach i dTalamh an Éisc go dtí an lá atá inniu ann."

Chun tuairim dena huimhreacha atá i gceist a thabhairt daoibh, ag seo roinnt staitisticí ón leabhar. Idir 1790 agus 1850 de réir taighde an Dr John Mannion, chuir 6,410 Éireannach futhu i dTalamh an Éisc. Dob as CillChannaigh 1,636 díobh nó 25.5%: as Loch Garman do 1,529, 24%; as PortLáirge 1,319, 20.5%: as Tiobraid Árann 1,021, 16%; Corcaigh 392, 6%. Tá léarscáil ar leathnach 14 a léiríonn ‘Dúiche na nÉireannach a chuaigh go Talamh an Éisc 1790-1850. Is léir gur imigh daoine as beagnach gach cont’ in Éirinn go dtí an t-Oileán.

Tá scéal truamhéalach ag baint le teacht na nEorpach go dtí an tír shaibhir seo. Bhí treibh Indiach lonnaithe i dTalamh an Éisc i bhfad sul a bhfaca duine den cine geal an domhan nua. Na Beothuk a thugadar orthu féin. Faoi 1830 ní raibh duine díobh fágtha. An sean scéal arís — galair agus drochíde. Deir Aodhán gurbh iad na Beothuk an treibh ar tugadh na hIndiaigh Dhearga orthu ar dtús, "mar go maisídís a gcorp le cré den dath dearg."

Tá an leabhar seo lán de fhiricí nách bhfuil le fáil in aon áit eile. Chuir sé gliondar ar mo chroí. Tá tuairisc chuimsitheach shuimiúil ar na G’il i dTalamh an Éisc ann agus ní mór d’éinne a bhfuil suim aige sa diaspora é a léamh. Molaim go hard é. Déan rud ort féin; agus cuir scairt ar Aingeal nó Denise 212-274-1923 agus faigh cóip duit féin. Sa réamhrá tá scéilín ag Aodhán. Bean as Cill Channaigh a ghlaoigh isteach ar a mac am dinnéir. Dúradh léi go raibh sé imithe go dtí an tOileán. Dúirt sí "Téir ar an gclaí is airde ins an bhaile/ Agus glaoigh ar Mhicheál ón oileán abhaile." Ní raibh fhios ag an mbean bhocht gur Talamh an Éisc a bhí i gceist.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese