OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Tom Crean agus an Mol Theas

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Má ghabhann tú an bóthar siar ó Chaisleán na Mainge go dtí an Daingean casfar Abhainn an Scáil ort sa tslí. Is baile beag seascair é neadaithe i measc na sléibhte. I lár an Bhaile tá tigh tábhairne a bhfuil "The South Pole" mar ainm air, agus mar a dúirt Caoilte mac Rónáin le Pádraig Naofa fadó — ‘ní gan fáth a tugadh an t-ainm.’ Tom Crean a thóg an tigh agus a bhronn an t-ainm air. I rith a shaoil eachtraigh thug sé trí thuras ar an Antartach, dhá thuras i dteannta Scott agus ceann i bhfochair Shackleton. Rugadh Shackleton féin i gCill Dara. Ag trácht ar Crean blianta ina dhiaidh sin dúirt sé -" Má bhí aon fhear beirthe riamh domhillte b’é Tom Crean an fear sin."

Fear scafánta réchúiseach ab ea Tom Crean. Rugadh in Abhainn an Scáil, in Iarthar Chiarraí é sa bhliain 1877. Bhí feirm bheag ag a athair agus bhí deichniúr sa chlann. Liostáil sé i gCabhlach Shasana in 1893 nuair nách raibh sé ach sé bliana dhéag d’aois. Lig sé air go raibh sé dhá bhliain ní ba shine. Bhí sé dhá theangach – Gaeluinn a bhí aige sa bhaile. Ó d’fhág sé an baile go hóg ní raibh mórán léinn air. Ní fuláir nó bhí ana éirim ann mar d’ainneoin an easpa sin bhí Crean ina oifigeach ar an ‘Endurance,’ ar an triú turas ó dheas. Roimis sin chuaigh sé ó dheas le Scott ar an Discovery agus ar an Terra Nova, agus bronnadh an Albert Medal air de bharr a chalmachta ar an tarna turas.

Ba dhuine é den fhoireann a thug faoi an Mol Theas a bhaint amach i dteannta Scott in 1911. Ar an 3, Eanair, 1912, céad go leith míle ón Mol thug Scott ordú do Crean agus beirt eile filleadh ar an mbun-champa. Easpa bídh a bhí ba chúis leis an ordú. Deir siad go bhfacathas Crean ag sileadh deor an lá úd. Cailleadh Scott agus an bhuíon a bhí fairis agus ba dhóbair do Crean agus a cháirde. D’éirigh an bheirt a bhí fara Crean chomh lag gurbh éigin dó iad a tharraingt ina dhiaidh ar shleamhnán. Faoi dheireadh d’fhág sé i bpobul iad agus ar aghaidh leis ina aonar treasna oighearmhá achrannaí, 35 míle, chun cabhair a fháil. Thángadar triúr slán, a bhuí le Crean. De bharr na heachtra seo a bronnadh an ‘Albert Medal’ air.

Ach b’é an turas deireanach le Shackleton an ceann ab iontaí díobh go léir. Léas an leabhar ‘Endurance’ i ndeireadh na gcaogaidí agus mé ar an meán scoil agus cheapas gurbh é an leabhar eachtrúil ab fhearr dár léas riamh. An tseachtain seo caite bhíos féin agus mo chara Dáthaí Ó hAodha ag taispeantas — "The Endurance, Shackleton’s Legendary Antarctic Expedition — san Museum of Natural History." Pictiúir ó cheamara Frank Hurley is mó atá ann agus is fiú iad d’fheiscint. Astrálach de shliocht Éireannach ab ea Hurley agus thuill sé cáil dó fhéin de bharr a chuid scannánaíochta ina dhiaidh sin. Gheall milliúnaí £20,000 do Shakleton ach Hurley a thabhairt leis agus na pictiúir a bhreith ar ais chuige. Ag seo cur síos gairid ar an eachtra.

Nuair a d’fhág an Endurance Sasana ar 8, Lúnasa, 1914, bhí an Chéad Chogadh Domhanda díreach ag tosnú. Ar bord bhí Shackleton agus seachtar fear is fiche. Bhí sé ar aigne aige foireann a thabhairt treasna na Mór-Roinne Antartaí de shiúl cos, rud nách ndearnadh cheanna. Ó dheas leo go Buenos Aires mar ar chaitheadar coicís ag tabhairt stóras mór bídh ar bord. D’fhágadar port ar 18 Deireadh Fomhair agus ar aghaidh leo ó dheas go dtí South Georgia, oileán beag iargualta ar imeall an domhain. Bhí dream Ioruach i mbun munarchan ansan, ag marú míolta móra agus ag déanamh ola ón mblonag. Chaitheadar mí ar an oileán ag bailiu eolais óna mairnéalaigh. Fuaireadar gual uathu freisin. Ar 5, Mí na Nollag chuireadar chun farraige arís agus sheoladar siar ó dheas. Ní rabhadar ach lá ar an bhfarraige sul a bhfacadar cnuic oighir. Ba dhrochthuar é. Ar an 7 Mí na Nollag bhuaileadar an pacoighear. Leanadar leo ó dheas go faichilleach agus an t-oighear ag baint scealpóga as an mbád. Lá Nollag bhaineadar Ciorcal an Antartaigh amach.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Bhí an aimsir agus an t-oighear ag dul in olcas agus ar an 18, Eanair, dhún an t-oighear timpeall ar an mbád. Bhí an Endurance oigheardhruidte. Bhíodar ag súil go mbogfadh an t-oighear nó go mbrisfeadh an t-oighearmhá suas ó lá go lá ach níor thárla. Faoi dheireadh thréigeadar an long ar an 17, Deireadh Fomhair agus fágadh ar oighearmhá iad agus gan idir iad agus bás fliuch ach cúpla troigh de leach oighir. Ach bhí trí bhád bheaga acu. Thugadar 170 lá ag síobadh ar an oighearmhá sul ar éirigh leo na báid a lainseáil. Ansan chaitheadar seacht lá sna báid bheaga oscailte ar an bhfarraige is doineanta ar domhan. Shroiseadar Elephant Island. Bhíodar taréis 497 lá a chaitheamh ar an bhfarraige. Ach ní rabhadar slán fós. Bhíodar 800 míle ó South Georgia agus ní raibh fhios ag duine ná deoraí cá rabhadar nó pé acu beo nó marbh iad.

Fear gnímh ab ea Shackleton agus shochraigh sé go dtabharfadh sé féin agus cúigear eile faoi an turas. I measc na bhfear a phioc sé bhí Crean agus Éireannach óg gealgháireach dárbh ainm Tim McCarthy. Albanach dárbh ainm Macnish, togha siúinéir, a chuir an bád i gcóir chun farraige, Chuir sé díon canbháis uirthi agus neartaigh sé an droimlorga. Chuireadar chun farraige ar an 24 Aibreán. Bhí aistear uafásach rompu. Ocht gcéad míle den uisce is gairbhe ar domhan, le gaotha ós cionn 80 msu go minic, agus tonnta ós cionn 60 troigh. Bhí míorúilt uathu agus thuigeadar go léir é.

Bhí Dia leo agus bhaineadar South Georgia amach ach b’éigin dóibh dul i dtír ar an dtaobh thiar den oileán mar gheall ar an aimsir. Bhí sléibhte arda bagracha idir iad agus na hIoruaigh. Thug Shackleton, Crean agus Worsley faoi na sléibhte. Níor chreid na máirnéalaigh Ioruacha iad i dtosach nuair a shriosadar an mhonarcha 36 uaire níos déanaí. Ní fhéadfadh aon duine teacht treasna na sléibhte sin dar leo. Ach b’é an turas ó Elephant Island a bhain na cosa uathu ar fad.

Níor cailleadh duine amháin san eachtra, ach maraíodh Mac Cárthaigh bocht sa Chogadh trí seachtainí taréis dó filleadh ar an síbhialtacht. Chuaigh Crean ar ais go hAbhainn an Scáil, phós sé agus thóg sé clann. Mhairigh aipindic thollta é i 1938.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese