OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Irish Column: Ar an Lagán

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Tá cáirde maithe agam. Soláthraíonn siad lón cogaidh dom. Le déanaí chuir na hUí Rabhartaigh, Seán agus Bríd, cóip den leabhar "Mairfidh na Filí má Mhaireann ár gCuimhne" le Conall Ó Domhnaill chugam táim-se fíor-bhuíoch den bheirt acu as a bhflaithiúlacht. Thaitin an leabhar go mór liom. Is as Rann na Feirste do Chonall agus tá sé faoi láthair ina chónaí ar an Fhál Carrach. Tá cáil air mar chumadóir ceoil agus mar amhránaí. Tá cnúsach dá amhráin sa leabhar mar aon lena chuimhní cinn ar shaol na Gaeltacha. Chuireas an suim in aiste amháin leis a bhaineann le ‘Fostaíocht an Lagáin.’ Ba mhaith liom inniu cúpla focal a rá i dtaobh na fostaíochta céanna. Is le Conall na habairtí idir lúibíní.

"Bhí sé ina ghnás agus ina nós ag go leor gasúraí agus girseacha dul ar fostú nó seirbhís chun an Lagáin sa sean-am," deir Conall. Deir sé go dtugtaí an Lagán ‘ar na háiteacha a bhí ag críochantacht le Leitir Ceanainn agus a fhad le Doire agus Tír Eoghain.’ (I Rotha Mór an tSaoil deir Micí Mac Gabhann go mbíodh sé ina ghnás ag muintir Chloch Cheannfhaola an Lagán a thabhairt ar áit ar bith ‘soir ón Mhucais go hAontroim’). I mí na Bealtaine agus mí na Samhna bhíodh aontaí i Leitir Ceanainn agus i nDoire agus thagadh fostóirí nó boic mhóra an Lagáin go dtí na haontaí ar thóir oibrithe óga. Ní bhíodh cuid desna hoibrithe seo puinn thar ocht mbliana d’aois. Dhéanfadh athair nó máthair margadh le fostóir; mac nó iníon a ligint leis ar feadh sé mhí ar mhéid áirithe airgid. B’ uafásach an córas é; daoine chomh hóg san a chur ag obair i bhfad ó bhaile le stróinséirí ar feadh sé mhí. Ach b’shin é an saol.

Sa naoú haois déag a thosnaigh an nós seo de réir dealraimh. Chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit na haontaí in áiteacha eile go mbíodh ‘bodairí na tíre á dtíocht ar a gcapall’ chucu ar lorg spailpíní. I Leitir Ceanainn bhíodh na daoine óga, dálta na spailpíní, ar leataobh sráide agus ‘thagadh na feirmeoirí fhad leo agus iad ag breathnú dóibh féin cén garsúr nó an ghirseach ab fhearr cuma nó déanamh.’

‘Ba ansan a thosaíodh an margadh. Ní nach ionadh, chaithfeadh an feirmeoir eolas a chur, cad é a bhí an té a bhí sé a fhostú ábalta a dhéanamh. Agus bhí an feirmeoir ansan le ceistiú ag máthair nó athair, nach mbeadh ampla nó gorta nó masla le fáil ag mac ná iníon leo agus ina chuideachta sin — Aifreann an Domhnaigh." Níor mhór don fheirmeoir geallúint a thabhairt go bhféachfadh sé chuige go bhfreastalódh an garsúr ar Aifreann Dé gach Domhnach. Agus i ndeireadh na mbeart bhí an tuarastal le plé. "Bhíodh sé ina mhargadh sa deireadh, sin nó thugadh achan chuid acu cúl a gcinn lena chéile, le feiceáil an mbeadh rogha nó tairscint níos fearr ar an mhargadh."

Fuair cuid desna páistí seo aoir agus íospairt agus ocras ach ar an dtaobh eile de deir Chonaill gur cuireadh cóir mhaith ar chuid mhaith díobh fosta. Bhraith sé ar na fostóirí. "Ba mhinic nárbh é an teach ba ghalánta ba mhó sásamh agus só don seirbhíseach. Agus níos minicí arís b’fhearr na hAlbanaigh Dé Domhnaigh don tseirbhíseach ná na Caitliceach i mórán áiteacha. Má bhí tú le hAlbanach bhí an Domhnach mar shaoire agat."

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Tá leabhair Thír Chonaill breac le tagairtí don Lagán. Ar ndóigh ba sa leabhar ‘Maicín’ le Fionn Mac Cumhaill a chéad chualas trácht ar an Lagán. Léigh an máistir an scéal dúinn ar scoil agus ghoill sé go mór orm. Is scéal iontach brónach é. Faigheann máthair Mhaicín bás nuair a bhí sé corra beag le trí bliana d’aois agus séard atá sa leabhar ná cur síos ar shaol an gharsúir ó shin go raibh sé trí bliana dhéag. Dála alán eile thug Maicín roinnt blianta ar an Lagán. Bhí an méid seo le rá ag an údar faoi na haontaí agus an córas a bhí i bhfeidhm ag an am. "Sé sin an margadh malluithe agus sé náire an tsaoil é go bhfuil a leithéidí in áiteacha in Éirinn go fóill. Tig fir chun an mhargaidh sin a bhfuil gasúr a dhíth orthu fá choinne buachailleachta, na caillíní fá choinne oibre tí agus ceannaíonn siad gasúr nó cailín go díreach mar a cheannódh siad bó nó muc. Níl de dhifear ann ach nach gceannaíonn siad an searbhónta ach ar feadh na leathbhliana agus nach dtig leo a dhíol arís."

Chaith Micí Mac Gabhann cúig nó sé de bhlianta ar an Lagán. Ní raibh sé naoi fós nuair a chéad chuaigh sé ar aonach an fhostóidh. Cúpla oíche roimh an aonach fuair sé culaith ghlas caorach. An lá roimh an aonach cheangail an mháthair a bhagáiste i gciarsúr geal agus d’imíodar leo ag déanamh ar thigh carad mar ar chaitheadar an oíche. Bhíodh tithe aitheantais mar sin ag na daoine ag gabháil ‘on aonach. Lá an aonaigh d’éiríodar go moch amach agus faoi uair go leith bhíodar i Leitir Ceanainn. Bhí sluaite daoine óga ann ag súil le fostaíocht agus bhí fir mhóra an Lagáin ag siúl thart agus " corruair thigeadh fear acu anall chugainn agus bhuaileadh buille idir an dá shlinneán ar dhuine againn agus deireadh rud ínteach lena chomrádaí fá dtaobh dinn."

Tháinig beirt fhear chun labhartha le máthair Mhicí agus thosaigh siad ag déanamh margaidh léi. Bhí G’ilge ag duine acu. Thairg siad punta de thuarastal di ach ní raibh sí sásta go bhfuair sí punta agus deich scillinge. Ghealladar di go dtabharfaidís aire mhaith dhó agus go n-amharcófaí ina dhiaidh mar dhuine acu féin. Rinneadh an margadh agus d’innis an máistir nua dhó cá gcasfaí ar a chéile iad um thráthnóna. Sa deireadh thiar tháinig an t-am chun imeachta. "Chuaigh mé isteach sa ‘ghig’ agus ba fhras na deora liom ag fágáil slán agus beannacht ag mo mháthair. Bhí mé ar mo bhealach chun an Lagáin." Smaoinigh ar na deora a sileadh ar na haontaí san agus na céadta máthair ag ceiliúradh dá bpáistí.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese