OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Póilín Ceolmhar!

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ar an 6 Meán Fomhair, 1901, scaoil ainrialaí darbh ainm Leon Czolgosz an tUachtarán McKinley i mBuffalo Nua Eabhrac. Taréis Czolgosz a cheistiú, mhaígh na póilíní gur léacht a thug Emma Goldman a spreag an t-ainrialaí chun an t-Uachtarán a ionsaí. Cuireadh fógraí amach agus ba ghearr go raibh gach póilín sa tír ar thóir Emma. B’í an t-ainrialaí ba cháiliúla sa tír ag an am í. Fuair McKinley bás ar an 14 Meán Fomhair. Cé nach raibh aon bhaint dáiríre aice leis an ndroch-ghníomh, bhí na páipéir agus muintir na tíre ag lorg fola. Bhí Stát Nua Eabhrac, ach go háirithe, ag lorg Emma ar ais chun í a chur ar triail mar chomhchealgaire. Chuaigh sí ar a caomhnú ach ba shaothar in aisce di é mar gabhadh i Chicago í ar an 10 Meán Fomhair.

Tugadh íde an mhadra dí sa phriosún i dtosach. Ansan, de réir a scéil féin, tháinig ard-cheannaire na bpóilíní chuici sa phriosún. Cheistigh sé go cneasta í ar feadh cúpla uair. Nuair a chríochnaigh sé, dúirt sé léi gur chreid sé í. Dúirt sé nach raibh aon fhianaise, gurbh fhiú trácht uirthi, ina coinne. Scaoileadh saor í. Mhol sí cineáltas an fhir úd ina beathaisnéis. Thug sé cothrom na Féine di rud ab annamh na l’thannta san. Ba dhuine as an ngnáth é, dúirt sí. B’ ea gan dabht. B’é Francis ‘Chief’ Ó Neill é, an fear a shábháil mór-chuid de cheol traidisiúnta na hÉireann ón uaigh.

Rugadh in 1848 é i dTráig a’ Leadhbáin, i bparóiste na Cathrach in Iarthar Chorcaí. Bhí an ceantar fós i greim an Ghorta ach bhí cúrsaí ag feabhsú. Bhí cáil ar a athair Seán agus ar a mháthair Cáit Ní Mhathúna mar amhránaithe. Bhí stór mór amhrán ag an mbeirt acu —- i mBéarla agus i nG’ilge. B’í an Gh’ilge gnáth-theanga an limistéir fós. Bhí bá mhór ag Francis leis an nGh’ilge ar feadh a shaoil agus thug sé an tacaíocht don Chraoibhín agus do Chonnradh na G’ilge. Chuir sé teidil Gh’ilge ar na foinn a bhailigh sé agus b’éigin dó íoch as uirlisí faoi leith chun an obair sin a dhéanamh. Ach ní sa teanga ach sa cheol a bhí a chroí. Thosaigh sé go hóg ag foghlaim na fliúite ó chomharsa darbh ainm Tim Downing. Bhí neart ceoltóirí sa cheantar le linn a óige.

Bhí beirt phíobaire mhaithe sa pharóiste. Cormac na bPaidreacha a thugaidís ar dhuine acu agus bhíodh sé ag seinm go minic ag Droichead Thráigh a’ Leadhbáin. Bhíodh an dara duine, ‘An Píobaire Bán,’ le cloisint ar chrosbhóthar Cholmáin. Cé go rabhadar araon go maith b’é An Píobaire Bán ab annsa le Francis agus d’fhág sé rian nách beag ar mheoin úr an gharsúir. Caoga bliain níos déanaí, ag cur síos dó ar na l’thannta san ina chuid scríbhiní, braitheann tú an draíocht a bhain leis an gceol i meon Uí Néill agus an meas a bhíodh aige ar na ceoltóirí. Ba thigh mór ceoil é tigh Uí Néill. Bhíodh Francis faoi dhraíocht ag faire ar An bPíobaire Bán ag gléasadh na bpíob. Toisc go raibh sé óg, chuirtí chun na leapa é sul a mbíodh an céilí faoi lánseol. D’fhanadh sé ina dhúiseacht, ámh, agus cluas air ag éisteacht. D’fhan na foinn sin ina cheann go lá a bháis.

Chuaigh sé ar scoil ar an Drom Mór i dtosach agus cuireadh isteach go Beanntraí níos déanaí é mar a raibh scoil nua. Scoláire maith ab ea é. Bhronn an múinteoir a bhí aige i mBeanntraí "The Philosopher" mar leasainm air. Rinneadh monatóir de, nuair nach raibh sé ach ceithre bliana dhéag d’aois agus dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí sé ag múineadh sa scoil. Níl fhios againn i gceart cén fáth ar fhág sé slán ag a mhuintir díreach ag an am seo, ach tá fhios againn gur thug sé a aghaidh ar Chathair Chorcaí. Bhí sagart nua taréis teacht go dtí an paróiste agus bhí sé go láidir i gcoinne an cheoil. B’fhéidir gurbh é súid a phreab Francis chun siúil. Tá scéal ann freisin go raibh troid idir é agus deartháir leis agus deir scéal eile gurbh amhlaidh a bhí sé ag dul go Corcaigh chun an t-easpag d’fheiscint — go raibh sé ag smaoineamh ar an sagartacht mar shlí bheatha. Ar an drochuair, más fíor, bhí an t-easpag as baile agus d’imigh Francis ar long go Sasana.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Ba bhuachaill guaisbheartach , mear, preabanta é agus is dóca go raibh Éire ró-chúng dó. Chaith sé tuairim is sé bliana ar an bhfarraige — ag taisteal an domhain mhóir agus is iomaí eachtra a bhain dó. Ar thuras go Odessa, uair amhain, thit sé thar bord amach agus scoilt sé a chloigeann. Bhí an t-ádh leis go bhfacathas san uisce é. Tráth eile agus é ina mhairnéalach ar bord an Minnehaha bhuail an long carraig agus chuaigh sí go grinneal. Fágadh an fhoireann ar fad ar oilean iargúlta i lár an Aigéin Chiúin. Bhíodar beagnach marbh leis an ocras nuair a tháinig bád eile orthu. Tugadh go San Francisco iad.

Chaith sé tamall ina aoire caorach sna Sierra Nevada, tamall eile ar an bhfarraige agus tréimhse i Missouri, sul ar shrois sé Illinois in 1870. Ní raibh sé ach dhá bhliain is fiche. I ndeireadh na bliana san phos sé Anna Rogers ón bhFiacail, Co. an Chláir. Casadh ar a chéile iad roinnt blianta roimis sin ar bord loinge agus d’fhanadar i dteagmháil lena chéile. Bhí Anna an tugtha don cheol traidisiúnta freisin. Chas Francis amhrán, a d’fhoghlaim sé ona athair, ag an mbainnis — "Bímís ag Ól."

In 1873 fuair sé post mar phóilín i Chicago. Bhí sé chun breis is deich mbliana fichead a chaitheamh leo. Níorbh aon dóichín í obair phóilín na l’thanta san. Ní raibh sé ach mí ina phóilín nuair a tháinig sé ar ghadaí míchlúiteach darbh ainm John Bridges agus é i mbun oibre. Scaoil Bridges dá urchar faoi Ó Néill agus géarghoineadh é. D’ainneoin sin ghabh sé an gadaí agus bhí sé ina ghaiscíoch láithreach. De bharr na heachtra fuair sé ardú céime. Sul ar chríochnaigh sé bhí sé ina Ard-Cheannaire ar na póilíní go léir i Chicago. Pléifimíd an ceol agus na bailiúcháin lá eile. Is as an leabhar "A Harvest Saved" le Niochlas Carolan formhór na bhfiricí thuas. (Má tá cóip uait cuardaigh www.ossianusa.com)

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese