OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Borradh an Éin

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ní fheadar anois cathain a chéad chuireas suim sna héin. Is cuimhin liom go maith bheith ag cuardach neadracha agus sinn ag teacht abhaile ón scoil fadó. Bhímis ag féachaint ar na huibheacha agus á n-áireamh agus níos déanaí ar na gearrcaigh óga. Bhímis i gcomórtas le chéile ag aimsiú neadracha. "Cé mhéid nead atá agat," déarfadh duine leat? Ní fheacas éinne riamh ag déanamh aon díobháil do nead. Bhíodh eagla orainn mar ba pheaca marfach é nead a choilleadh. Chuireas suim sa nádúr go luath mar bhí sé de ádh orm cúpla múinteoir a bheith agam a raibh fíor spéis acu sa dúlra.

Bhíodh duine acu ag gabháil timpeall agus déshúiligh fána mhuinéal aige. Thaispeáin sé dom iad lá agus d’innis sé dom conas iad a láimhseáil. Dhíríos ar spideog a bhí tuairim is tríoca slat uaim agus ba dhóbair dom titim. Cheapas go bféadfainn greim láimhe a bhreith uirthi bhraitheas chomh cóngarach san í. Sé phunt go leith a thug sé orthu i siopa sa chathair. Ba thaoscán maith airgid sé phunt go leith in Iarthar Chorcaí ag an am agus ní rabhas ag súil go deo go bhfaighinn gloiní ná faic dá sort. Ach is ait an mac an saol. Bhí gaol le mo athair abhaile ó Mheiriceá ar cuairt agus chuala sí ag labhairt lem mháthair mé mar gheall ar na gloiní. Ní dúirt sí faic le héinne sa tigh ach cheistigh sí an múinteoir. Seachtain ina dhiaidh sin tháinig sí ar ais ó Chorcaigh agus bhronn sí péire breá déshúileach 7 x 50 orm.

Bhí sceitimíní orm. Bhíos seacht dtroithe ar aoirde. Ní dóigh liom go rabhas puinn thar naoi mbliana d’aois agus bhí déshúiligh agam. Ina dhiaidh sin chuireas aithne ar roinnt daoine eile ón gceantar a raibh suim acu sna héin. Anois is arís théimís ar thuras l’ go dtí an tOileán mar a mbíodh éaneolaithe ar cuairt, chun ceisteanna a chur orthu agus leideanna a fháil uathu. Ní raibh aon lámhleabhar go fiú trácht air le fáil ag an am.

Tuairim is deich míle ón áit inar saolaíodh mé atá Oileán Cléire. Níl ball níos fearr san Eoraip chun éin annamha agus éin fhánacha a fheiscint. Ní ghabhann bliain thart nach dtagann éan iasachta éigin i dtír ann. De bharr san, tógadh réadlann ann i 1959 agus cuireadh maor ina bun chun taifid a choimeád dena héin agus a gcuid taisteal. Tagann éaneolaithe ann ó chian is ó chóngar. Aon uair a théim ann buailim isteach sa réadlann agus fiafraím den mhaor cad tá le feiscint nó an bhfuil aon rud as an ngnáth timpeall.

Thaitin an tOileán go mór liom ó thosach mar bhí dhá rud ann a raibh tóir mhór agam orthu, na héin agus an Gh’ilge. Agus bhí fear uasal ar an oileán a raibh an Gh’lainn ar a thoil aige agus fara sin ana chur amach aige ar na héin féin. Bhí an seanchas a bhain leis na héin aige chomh maith. Donnchadh Ó Drisceoil, nó Donnchadh Shéamais atáim a rá. Deir sé ina leabhar "Aistí ó Chléire" go raibh sé de bhua ag an gcuirliún nár aimsigh éinne riamh a nead. "Bua é sin a fhág Ciarán aici mar gur aimsigh sí a fháinne dhó sa talamh nuair a theip ar chách eile é fháil taréis é a bheith caillte aige ar feadh naoi lá." Tá cur síos aige ar an díobháil a rinne DDT do éin áirithe. Ag seo píosa ag cur síos ar an dtraona agus an scrios a rinneadh air nuair a tháinig innill nua agus córas nua feirmeoireachta chun an oileáin :

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

"Éan a ghráig ár sinsear go léir ab ea an traona, Bhí cosaint ó chách aige agus cion dá thál air. Ba é chéad teachtaire an earraigh é ó thíortha i gcéin. Nach é dheineadh ceol agus spreagadh don spealadóir lena amhrán saothair i gceann eile an ghoirt — ‘faobhar, faobhar, a bhaineas féar, íseal géar, íseal géar,’ agus cuireadh san fuinneamh agus neart i ngéagaibh an spealadóra." Ach mo léan géar tá an traona bocht imithe agus braitheann Donnchadh uaidh é.

"Cé thuigfidh ceol agus glór an traona feasta mar nach bhfuil an ceol ná an glór le cloisint tráthnóna Bealtaine ná oíche Mheithimh. Ruaigeamar iad, idir éan agus cheol, mar inár mbrostaitheacht chun na saoltachta chaochamar ár súile agus dhallamar ár gcluasa agus chailleamar ár dtuiscint de na suáilcí a bhí againn in aisce. Níl traona le cloisint i ngort ná i ngarraí feasta."

Cé nach bhfuil traona le cloisint in Iarthar Chorcaí fós, táid le fáil i dTír Chonaill, i gCo. Mhuigheo agus ar an tSionainn i gCo. Na Gaillimhe. In 1994 bhí 129 traona ag neadú in Éirinn ach mar gheall ar an mbrú a chuireann lucht na n-éan ar an rialtas, an t-eolas a scaipeann siad agus airgead ón gComhphobal tá líon na dtraonaí ag árdú go mall. Lucht faire éan, freisin, an dream is túisce a d’árdaigh raic mar gheall ar an DDT agus an scrios a bhí á dhéanamh ar an dúlra. Ba léir dóibh go luath gur fhág an DDT blaoscáin na n-uibheacha deighilteach sobhriste. Cuireadh toirmeasc ar úsáid DDT sna seachtóidí.

Tá líon na ndaoine a bhíonn ag faire éan ag méadú. Tá breis is 51,000,000 duine sna SAM a ghlaonn ‘birders’ orthu féin. Is caitheamh aimsire iontach é. Ní gá ach gloiní agus leabhar chun tosú. Creid é nó ná creid, tagann daoine ó chian agus ó chóngar go Cathair Nua Eabhrac chun éin a fheiscint. Tá go leor leor gnáthóga sa chathair a bhfuil cáil orthu. Tá Jamaica Bay agus Central Park thar barr. Taifeadadh breis is 300 speiceas i Central Park anuraidh. Tá Alley Pond Park, Forest Park agus Prospect Park ar fheabhas. Bíonn siúlóidí acu i Central Park, go háirithe sa bhFomhar agus san Earrach nuair a bhíonn an imirce ar siúl. Amach leat! Cuir eolas ar do thimpeallacht! Ar ndóigh bhí Eibhlín Zurell, Sóisear Mac Cionnaith agus mé fhéin ag smaoineamh ar shiúlóid Gh’ilge a thosú i Jamaica Bay. Anso a chuala tú i dtosach é.

Gluais: Borradh an éin = rapid growth.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese