OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Cosanáirde Ó hÓgáin

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Taréis Bhriseadh na Bóine i 1690, theith Séamus II go Baile Átha Cliath agus chúlaigh a raibh fágtha de arm na nGael i dtreo Luimnigh agus na Sionnaine. Pádraig Sáirséal, an Marascal Lauzun agus Iarla Thír Chonaill an triúr ceannaire a bhí ar an arm. Chreid Lauzun agus Tír Chonaill go raibh deireadh leis an gcogadh agus gur chóir dóibh géilleadh do rí Liam. Níor aontaigh an Sáirséalach leo agus shochraigh sé ina aigne Luimneach a chosaint ar Liam. "Ní gá gunnaí chun fallaí Luimnigh a leagadh," arsa Lauzun go tarcaisneach, "mar dob fhéidir iad a leagadh go talamh le húlla rósta." Ní bheadh sé páirteach i gcosaint na cathrach agus bhailigh sé leis ó thuaidh go Gaillimh agus formhór na saighdiuirí Francacha fairis. D’fhan roinnt Francach faoi De Boisseleau i Luimneach agus dob é a bhí ina thaoiseach ar an mbaile féin. Bhí Sáirséal os cionn an airm capall. Ar an 9 Lúnasa bhí Liam ós comhair Luimnigh amach agus d’iarr sé ar na hÉireannaigh géilleadh. Dhiúltaíodar dó.

Sul a bhféadfadh Liam tosnú ar an gcathair a ionsaí, ámh, dob éigin dó fanacht leis na gunnaí móra agus leis na báid phontúin a bhí ar an mbóthar ó Chaiseal. Bhí na gunnaí le bheith i Luimneach i gcionn cúpla lá. Fuair Sáirséal leid eolais ar na himeachtaí san ó thréigtheoir ó arm Liam. Toisc go raibh neart oibre le déanamh fós chun feabhas a chur ar dhaingniú na cathrach, shochraigh sé ar rud éigin a dhéanamh i dtaobh na ngunnaí céanna. Chuir sé díorma 500 marcach le chéile; fuair sé ropaire cáiliúil darbh ainm Mícheál Ó hOgáin mar threoraí; agus chuaigh sé treasna na Sionnaine laistuaidh de Chill Dá Lua ag áth nach raibh ar eolas ag na Sasanaigh. Ní raibh beárna, ná scailp, gleann ná áth, tóchar ná bóithrín nach raibh ar eolas ag Cosanáirde Ó hÓgáin nó Galloping Hogan mar a thugaidís air i mBéarla. Dála an scéil ba Gh’ilge a labhair Sáirséal lena chuid saighdiúirí.

Bhí tuairim is céad fear mar ghárda ar na gunnaí ach ní rabhadar ag súil le trioblóid. Fuair Sáirséal eolas ar an bhfocal faire a bhí in úsáid ag na Sasanaigh ó bhrathadóir. Ait le rá ba Sáirséal an focal a thoghadar don oíche úd. Nuair a tháinig Sáirséal agus an marcshlua go dtí campa na Sasanach i lár na hoíche, stop an fear faire iad agus d’fhiafraigh sé an focal faire díobh. "Sáirséal an focal agus Sáirséal an fear," an freagra a fuair sé. D’ionsaigh na hÉireannaigh an campa. Mhairaíodar nó scaipeadar na saighdiúirí. Líonadh na gunnaí le púdar agus chuireadar béal fúthu sa talamh iad. Rinneadh aon chárnán mór amháin dena báid agus na carranna. Cuireadh aidhníní sna bairrillí púdair agus lasadh iad.

Las an spéir leis an bpléascán. Ba gheall le solus meán l’ é. Chualathas an torann i dtrinsí na nGall lasmuigh de Luimneach agus de réir an scéil dhúisigh sé Liam féin as a chodladh suain. Thuigh sé láithreach cad a thárla agus bhí fhios aige freisin cé bhí taobh thiar de. Chuir sé dhá chath marcach amach le bheith roimh na G’il ar a mbealach ar ais. Tháinig Ó hÓgáin chun fóirithinte orthu arís agus thug ar ais chun na cathrach slán iad. De bharr na heachtra seo mairfidh cáil an Ógánaigh go deo in Éirinn.

Ach, faraoir, níor chuir an eachtra ghaisciúil seo ach beagán moill ar Liam agus b’ éigin dona hÉireannaigh géilleadh dhó faoi dheireadh. Síneadh Conradh Luimnigh eatarthu. De réir an chonartha bhí cead ag saighdiúirí Éireannacha liostáil in arm Shasana nó in arm na Fraince nó dul abhaile dá mba mhian leo. Laismuigh den chathair i bpáirc mhór bhí dhá bhratach ar foluain, ceann Sasanach agus ceann Franncach. Mháirseáil na saighdiúirí amach agus roghnaíodar bratach. Chuaigh 14,000 leis na Francaigh agus tuairim is míle le Liam. I measc na bhfear a chuaigh don Fhrainc bhí Cosanáirde Ó hÓgáin.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Ba shaighdiúir beirthe é agus tharraing sé aird Louis XIV air féin de bharr a ghníomhartha gaisciúla i bhFlanders. Rinneadh ginearál de ar deireadh. Ansan mhairigh sé Éireannach eile, i gcomhrac aonair agus b’éigin dó éirí as an arm ar fad. Ach bhí meas mór ag Louis XIV air agus mhol sé dhó dul go dtí an Phortaingéil agus post san arm a lorg ón rí. Thug sé litir aitheantais dó le tabhairt don rí Joao V. Bhí an Phortaingéil ag troid i gcoinne na Spáinne, mar a bhí Louis féin, an tráth san. D’aithin Joao ábhar ceannfoirt ann agus chuir sé i gceannas ar mharcshlua na Portaingéile é. As san amach thug Mícheál, Andre Miguel Hogan air féin. Ó bhí droch amhras aige as na Spáinnigh thosaigh sé ag tréanáil an mharcshlua láithreach. Taisteal faoi luas de ló is de oíche agus eolas doimhin ar an dtír an dá rud a mhol sé arís is arís eile dóibh. Ar an 28, Meán Fomhair, 1712, d’ionsaigh na Spáinnigh Campo Maior. Bhí an Marquis de Bey, an fear go dtugaidís ‘Sciúirse na Portaingéile’ air, ina cheannaire ar na Spáinnigh. Nuair a chonnaic an Cunta de Riberia, taoiseach an gharastúin, na Spáinnigh chuige chuir sé teachtaireacht chuig Ó hÓgáin ag lorg cabhrach.

Cé go raibh an oíche ag titim nuair a fuair Ó hÓgáin an teachtaireacht, chruinnigh sé 500 marcach agus chuireadar chun bóthair. Shroiseadar Campo Maior agus an ghrian ag éirí agus d’éirigh leo an ruaigh a chur ar na Spáinnigh. Bhain Ó hÓgáin úsáid as na ceachtanna a d’fhoghlaim sé in Éirinn sa troid i gcoinne Liam. Bhí sé ina laoch mór ag muintir na Portaingéile ina dhiaidh sin. Bhíodh scéal Galloping Hogan ag gach páiste scoile in Éirinn fadó. I ngan fhios dúinn bhíodh páistí na Portaingéile ag maoímh as an laoch céanna.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese