Le Barra Ó Donnabháin
Georgie Hennesy ab ainm dó agus "ridire taistil an róid" a thug sé air féin. Thaistil sé bóithre Iarthar Chorcaí sna caoigidí. Bhíodh ciseán mór á iompar aige agus nithe beaga mar snáthaidí agus cíora agus coinnle á ndíol aige. Chím fós é ag bualadh isteach chugainn ar bog sodar. Bhíodh liodán fada beannachtaí aige á rá – ag guí gach rath ar an dtigh agus a raibh ann. "Canathaobh go mbíonn Georgie ag paidreoireacht mar sin?" arsa mise lem mháthair lá. "Is nós ársa beannaithe é, a leana, a théann siar go dtí an t-am a mbíodh Oileán na Naomh is na nOllamh ar Éirinn," ar sí. Ní fheadar a dtéann sé chomh fada san siar ach bhí cuid den cheart aici mar is nós ársa é. Deilín na mbacach a thugaidís air.
"Ins an tsaol a bhí ann roimh an Ghorta Mhór, nuair a thigeadh bacaigh go doras tí, ba ghnáthach leo seasamh taobh amuigh den doras agus Deilín na mBacach a aithris." "Cineál de rannaíocht nó "sing-song" a bhí sa deilín. (Dánta Diadha Uladh, Énrí Ó Muirgheasa). Tá ceithre leagain Ultacha den deilín ag Énrí sa leabhar iontach san. Bhíodh an deilín coitianta ar fuaid na tíre agus tá leagan Muimhneach de i gcló in Irisleabhar na G’ilge XIV. Ag seo síos giotaí as na deilíní ó Dhánta Diadha Uladh, chun an nós a léiriú. Bhíodh idir phlamás agus ráiméis mar aon leis na beannachtaí sna deilíní. Bhíodh an bacach ag lorg déirce agus bhíodh sé ag iarraidh bean a’ tí a bhogadh. Stadfadh sé lasmuigh den doras agus thosnódh sé mar seo:
"Go mbeannaí Dia, Muire, agus Pádraig, Colm Cille, Peadar na nEochrach, Eoin Baiste agus an dá easpol déag anseo." "Dar an leabhar a bhaist mé, gé mór an mionna é, a óigh-bhean an tí seo, is ró-mhaith liom féin gur tú a theagmhuigh liom ar maidin san chéad teagmháil, óir beidh an sruth áidh go hoíche orm i do dhiaidh, óir is furas aithneadh go bhfuil tú go maith." Leanfadh sé ar aghaidh leis an bplamás agus gheallfadh sé rudaí iontacha di dá mbeadh sí flaithiúil leis:
"Déanfad-sa, a chuideachta mo chroí, turas speisialta ar do shon-sa –