OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai G’ilgeoirí Missoula

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Tógadh Cathair Missoula ar chlár réidh a bhfuil sléibhte árda ceannanna ina bhfáinne timpeall air. Tuairim is 15,000 bliain ó shoin, i rith na hoighearaoise deireanaí, bhí loch oighearshruthach ag clúdach an mhachaire seo. Tá línte cladaigh le feiscint go soiléir fós ar chliatháin na gcnoc máguaird. Is amhlaidh a tháinig an t-oighearshruth aduaidh agus bhrúigh sé isteach sna gleannta agus d’iaigh sé na srutháin.

Thosuigh an t-uisce ag árdú taobh thiar den stopallán mór oighir seo. Uair amháin bhí an loch 4350 troithe ar doimhneas de réir na saineolaithe. Ó am go chéile scoiltfeadh an t-oighear roimh ardbhrú an uisce agus thógfadh an tuile carraigeacha agus cré síos amach. Chúlaigh an t-oighear faoi dheireadh ach d’fhág sé rian soléite ar an tírdhreach.

Is ó lonnaíocht a bunaíodh i 1860 darbh ainm "Geata Ifrinn" a d’fhás Missoula. Is focal Indiach é, Missoula, leis an mbrí "cois fuaruisce." Bhí baint ag na hÉireannaigh leis an áit ó thosach. C.P. Higgins ab ainm de dhuine den bheirt bhunathóirí a d’oscail siopa adhmaid ann i 1860. Céad bliain ó shoin chaith an Conallach cáiliúil Micí Mac Gabhann (Rotha Mór an tSaoil) lá i Missoula agus é ar a shlí go hAlaska. Bhí sé ag obair i mButte ag an am agus — "I ndeireadh mhí na Súl Buí (Iúl) sa bhliain 1898 fuair mé scéala ó Jimí Antoin go raibh siad ag obair i Klondike, go raibh an t-ór ar fáil go flúirseach agus go raibh siad féin á bhaint go tiubh."

D’éirigh le Micí agus leathscór eile sleamhnú ar bord tr’nach i ngan fhios dona gárdaí mar "i Meiriceá san am sin char ghnách le hoibríonnaí dár leithéidne mórán airgid a chaitheamh ar an taisteal dá dtigeadh leo marcaíocht a fháil saor in aisce." Stop an tr’n i Missoula agus chaitheadar lá ann ag feitheamh le tr’n eile. Is léir ón méid sin gur chualathas G’ilge i Missoula, ar a laighead céad bliain sul ar tháinig triúr múinteoirí de chuid Dáltaí na G’ilge ar cuairt chucu le déanaí. Eibhlín Zurell, Deirdre Mac Farland agus Una Mc Gillicuddy a bhí le dul ann ach ní raibh Una in ann dul agus thogh Liam MacGiodaire "mise le meas" mar sceach i mbéal bearna. Ní mhaithfidh muintir Mhissoula an cinneadh san dó go bráth.

Chaith Micí Mac Gabhann oíche chruaidh anróiteach ag taisteal go Missoula ach má chaith ba shiúlóid fén dtuath lá samhraidh é, i bhfarradh is ar fhulaing Éibhlín Rua agus mé féin ag dul ann. Tá mallacht éigin orainn beirt. Bhíomar le bheith i Missoula faoi nóin. Ach in ionad bheith i Missoula am lóin, bhíomar 38,000 míle slat ós cionn Missoula ar ár slí go Seattle, — 500 míle níos sia siar. Thugamar dhá uair déag ag taisteal. Ní raibh fadhb ar bith ag Deirdre mar dhiúltaigh sí dul ar aon eitleán linn. Ar aon nós bhí an fear uasal Tomás Ó Suilleabháin ag an ‘rphort romhainn. D’fhágamar na málaí san óstán agus ar aghaidh linn go tigh Thomáis agus Ginny mar a raibh Risteard agus Kathy Newman, Katie Craig Hanson agus Bernie Fitzsimmons romhainn. Chuireadar nua gacha bídh agus sean gacha dí ós ár gcomhair agus thosaigh an chaint agus an scoraíocht. Ba gheall le bheith i dteach comharsan in Éirinn é. An oíche dar gcionn bhíomar i dteach Risteáird agus Kathy. Oíche eile thionlaic Kathleen Ort agus John Duffield go bialann áluinn sinn. Bhraitheamar sa bhaile agus cuireadh cóir iontach mhaith orainn gach áit a rabhamar. Ach cad a thug ina gceann tabhairt faoin nG’ilge a fhoghlaim?

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Cúpla bliain ó shoin agus iad ag obair le chéile mar innealtóirí chuir Tomás agus Risteárd suim sa Gh’ilge. Chuaigh Tomás agus Ginny ar thuras go hÉirinn ag lorg eolais faoi áiseanna foghlama. Ar ámharaí an tsaoil casadh Liam Ó Cuinneagáin ó Oideas Gael orthu agus gheall sé dóibh go dtabharfadh sé turas ar Missoula. Tháinig Liam mí na Súl Buí, céad bliain agus an mhí ó bhí Micí ann, agus thug comhairle dóibh ar chúrsaí teangan. Tá breis is caoga duine sna ranganna anois agus ba dheacair teacht ar dhream chomh díograiseach leo. Tá muintir Butte ag cur suim i gcúrsaí teangan, deir Tomás, agus tá crinniú mór le bheith acu Mí na Márta.

Bhí ranganna againn ar maidin agus um thráthnóna ón Déardaoin go dtí méan l’ Dé Domhnaigh. Dream ilghnéitheach ab ea iad. Bhí faobhar chun na foghlama orthu. Bhí Pádraigh agus Riley Byrne sa rang agam. Téann siad go hIarthar Chorcaí gach samhradh. Bhí John Agner, bainisteoir Project Children ann. Bhí David M. Emmons – an fear a scríobh an leabhar tábhachtach "The Butte Irish," i rang Dheirdre. Scríobhfad píosa faoi sin amach anseo. Daoine uaisle ar fad ab ea iad agus daoine óga don chuid is mó.

Oíche Dé Sathairn bhí cóisir againn i dteach mhathair Thomáis – brugh áluinn ar thaobh sléibhe. Bhí an chathair sínte amach romhainn agus leis an sneachta agus na soilse dob aluinn an radharc é. Bhí ceol agus siamsa againn. Leithéidí John Duffield agus Kim McKee ag seinm, Eibhlín agus Deirdre ag canadh. Mhúin Eibhlín agus Deirdre roinnt amhrán dóibh agus bhaineadar creathadh as na frathacha leo. Bhíos i mo shuí ar mo shuaimhneas sa chúinne — gan focal asam mar is gnáth — ag faire orthu agus mhothaíos an chomhbhá, an cumann agus an muintearas sa tseomra. Thóg sé mo chroí. Sé mhíle míle ó Éirinn agus cheapfá go raibh tú i nGaoth Dobhair.

Bhí brón orainn ag fágaint slán acu ach gheallamar go mbeimís ar ais. Tháinig Tomás agus Risteárd go dtí an t’rphort. Díreach agus sinn ag dul ar bord tháinig firín gléasta suas i gculaith áilteora chuig Eibhlín agus bhronn buidéal fíona uirthi. "Bíodh deoch agaibh," ar sé. D’imigh sé chomh gasta is a tháinig agus chaith Eibhlín an buidéal sa bhruscar. Ní bhlaiseann sí de. Níl fhios againn fós cérbh é an t-áilteoir.

Gluais: áilteoir = clown. oighearshruth = glaciar. líne chladaigh = shoreline.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese