OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai: Ó Halstatt go Doolin

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Céad go leith bliain ó shoin scríobh George Petrie – "go dtí seo is i seilbh na mbochtán tá ceól ársa náisiúnta na tíre." "Is síolaicme eile ar fad na huaisle gan aon cheól dá gcuid féin acu." "Níor mhothaigh agus ní mhothaíonn siad áille an cheoil náisiúnta." "B’é an ceól an t-aon rud a d’fhágadar ag na dúchasaigh — thógadar gach rud eile uathu." "An té atá ag lorg ceóil thraidisiúnta ní bhfaighfidh sé i hallaí na n-uasal é ach i mbotháin na mbocht." Is le focail seo Petrie a thosaíonn réamhrá "A Pocket History of Irish Traditional Music" le Gearóid Ó hAllmhuráin.

Tuigimíd anois go raibh dul amú beag ar George agus go gcloistí ceól agus siamsa i hallaibh na n-uasal in Éirinn tráth. Agus go mbíodh meas ar fhilí agus ar cheoltóirí go bhfuair na Gaill greim scórnaigh ar an dtír. Ní tógtha ar Petrie é, is dóca, nách raibh an t-eolas san aige — dá mbeadh leabhar Ghearóid léite aige anois, ní raghadh sé ar seachrán mar sin. Is iomaí cor agus casadh i scéal an cheóil agus tá ceangal dlúth idir stair an cheóil agus stair na hÉireann. Sé tá sa leabhar iontach seo ná an stair sin – scéal dhá mhíle bliain de thraidisiún leanúnach.

Is dochreidte an méid eolais atá sa leabhar beag seo —- is iomaí dual (strand) i súgán an cheoil. Ta cur síos ann ar na húrlaisí, na ceoltóirí, na hamhráin, sean nós, rincí agus na máistrí rince, na seiteanna 7rl – i gcúpla focal, an ceól agus gach a mbaineann leis. Tá dlúthbhaint ag an gceól leis an teanga freisin. Bhain filí agus mná caointe úsáid as an gceól chun daoine a spreagadh, chun misneach a mhúscailt agus chun na marbh a chaoineadh. Tá an scéal go léir sníomha ina chéile go deas ag Gearóid.

Is cuimhin liom oíche nuair a bhí Gearóid agus Patrick Orceau ag seinm sa Blarney Star ag ceólchoirm de chuid Don Meade. Bhí slua mór ann ag baint taitneamh as an gceól. An rud is mó a chuir ionadh orm-sa an oíche úd ná an méid suime a bhí á cur ag an lucht éisteachta sna scéalta a bhí á n-insint ag an mbeirt. Bhí suim acu i gcúlra an cheoil, i gcúlra na gcumadóirí agus in aon saghas scéil a bhain leis na poirt.. Nuair a bhíonn scéal agat faoi phort ní dhéanann tú dearmad de.

Bhí Seán McGlynn, ar dheis Dé go raibh sé, á rá liom go raibh sé ag seinm i mBoston oíche. Tháinig bean chuige agus d’fhiafruigh sí de, "A’ bhfuil George White’s Favourite agat?" "Tá," arsa Seán, "ach níor sheinneas le fada é, cár chuala tú é?" "B’é George White m’athair," ar sí. Ina dhiaidh sin bhí Seán ag faire uirthi agus é ag seinm na ríle agus bhí na deora ag sileadh lei. Aon uair a chloisim an fonn ó shoin smaoiním ar an eachtra san.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Luann Gearóid an draíocht a bhaineann leis an gceól. Chreideadh go leor daoine fadó go bhfuair ceólteoirí airithe ceól ósna sí. Mar shampla, seo scéal a fuair Séamas Ó Duilearga ó Sheán Mhá Cártha, Baile a’Sceilg, 1926. "Bhí píobaire dárbh ainm dó Donnacha Ó Sé ar an Lóchair fadó go raibh an ceól sí aige, mar do chuala sé á sheinm é oíche agus thug sé leis é. Bhí sé ina dhiaidh san ar phosadh agus sheinn sé an ceól sí don chóisir agus bhí a raibh istigh acu ag rinnce fiú amháin na háruistí (furniture) – bhíodar a’ bogadh chun rinnce nuair a stadadh don cheól. Níor seinneadh as san amach é, chuala, mar buaileadh breoite é taréis an méid sin a dhéanamh agus bhí an iomad don eagla air chuir chuige arís. Bhíothas ag tathant air oíche éigint ina dhiaidh sin é a sheinm arís. Bhíodar chomh dian air mura sheinnfeadh sé dóibh é go maróidís é, ach níor lig sé faic air is sheinn sé An Giolla Rua dhóibh mar b’é sin an ceól ba ghiorra don cheol sí agus bhíodar lán tsásta mar shíleadar gurb é é.

Rinne an Gorta scrios agus scaipeadh ar cheóltóirí. Thit ciúnas mínádúrtha ar an dtír. Fuair go leor ceóltóirí bás agus d’imigh na mílte eile i dteannta na sluaite thar lear Iad san a d’fhan sa bhaile ní raibh fonn ceoil orthu. Céad go leith bliain ó shoin bhí an ceól traidisiúnta in ísle brí. Inniu tá sé ar ais faoi rath chomh láidir bríomhar is a bhí sé riamh. Cad a thug ar ais ó bhéal na huaighe é – Conradh na G’ilge, CCÉ, nó b’fhéidir Riverdance? An ndéanfaidh an tsuim mhór atá á cur ag comhlachtaí móra ceoil sa cheol Gaelach sochar nó dochar dó? Freagraíonn Gearóid na ceisteanna san go léir. Tá an leabhar le fáil san Irish Shop, 212-274-1923. Faigh cóip. Ba mhóide do thuiscint den cheol dá bharr.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese