OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Michael J. Ó’Brien, Taighdeoir

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

"Ní fheadar cé acu aineolas nó claontacht is cúis leis, ach arís is arís eile tugann roinnt staraithe Meiriceánacha "Scotch-Irish" ar imircigh ó Éirinn. Cuma go nglaoitear Éireannaigh orthu sna cáipísí poiblí agus go dtugann páipéir na haimsire Éireannaigh orthu; gur thugadar Éireannaigh orthu féin agus gur chuireadar ainmneacha Éireannacha ar na bailte inar lonnaíodar, maíonn na staraithe fós nách Éireannaigh iad ach Scotch-Irish." Mar sin a thosnaíonn Michael J. Ó’Brien alt "Some Examples of the ‘Scotch-Irish’ in America" a scríobh sé don American Irish Historical Society in 1914. Mar shampla den tsort staraí a bhí i gceist aige luann sé Henry Cabot Lodge agus a leabhar History of the English Colonies in America. Sa leabhar san deir Lodge gur de shliocht Scotch-Irish fiú General John Sullivan, fear a bhain cáil amach dó féin ag troid faoi Washington i gCogadh na Saoirse. Scríobh Ó Brien chuig Lodge ag gearrán faoin mbotún. Fuair sé freagra uaidh á rá narbh aon bhotún é ach an fhírinne lom. Anois, tá dealramh le gach rud ach Súilleabhánach ina Scotch-Irishman, ní dóigh liom é.

Rugadh Michael Joseph Ó’Brien i Mainistir Fhear Maí i dTuaisceart Chorcaí sa bhliain 1870. D’fhreastail sé ar scoil na mBráithre Críostaí ar dtús agus thug sé tamall níos déanaí i gColáiste Naomh Cólmáin. Ach ba bheag an tarraingt chuige a bhí ag a mhuintir agus b’éigin dó post mar chléireach a ghlacadh in oifig chúisitheoir an rí nuair a bhí dul aige air. Lá amháin in 1888 chonaic sé teachtaireacht ó Phríomh Aire Shasana, an Tiarna Salisbury, ag tabhairt ordú don chúisitheoir beirt a bhí gníomhach i gCogadh na Talún, an Canónach Keller agus William Ó’Brien, a chur faoi chúrsaí dlí. Sé sin le rá coir éigin a chur ina leith agus iad a ghabháil. Rinne Michael cóip den litir agus sheol chuig Tim Healy í. Bhí Tim ina Theachtaire Dála ó Iarthar Chorcaí i Westminster agus thug seisean an litir dá cheannaire Charles Parnell. Nocht Parnell an litir ós comhair na Parlaiminte agus d’árdaíodh raic ina taobh.

De bharr an ciaramáboc go léir níor gabhadh an Canónach agus William Ó Brien ach caitheadh amhras ar Michael óg. B’éigin dó teitheadh. D’imigh sé ar bord loinge go Sasana. Chaith sé tamall ar a chaomhnú ansan sul ar éirigh leis long a fháil ó Léarphól go Nua Eabhrac in 1889. Bhí sé naoi mbliana déag. Fuair sé post láithreach le Western Union Telegraph Company mar chuntasóir taistil. Bhí sé an mhaith leis na figiúirí de réir dealraimh agus d’fhan sé leis an gcomhlacht go dtí 1935. Glacadh leis mar bhall de Chlan na nGael in 1889 freisin. Chuir sé aithne ar leithéidí John Devoy agus Daniel Cohalan agus seans gur dhuine díobh seo a fuair an post le Western Union dó. Bhí sé ina bhall de Chumann na G’ilge Nua Eabhrach chomh maith agus bhí ard mheas aige ar a theanga dhúchais. Phos sé Katherine C. Vaughn, as Ceapach Cuinn, Co. Phort Lairge, in 1892. Bhí triúr iníonacha acu.

Nuair a tháinig Michael go Meiricea ba thréimhse an "No Irish need apply" é. Bhí an meon frith-Chaitliceach láidir ag an am. Bhí doicheall ag na dúchasaigh roimh na hÉireannaigh, rud a chuir isteach go mór ar an bhfear óg mar bhí meas aige ar a chultúr ársa féin agus bhí sé an mhórálach as. Ba mhór an crá chroí dó nár thuig na Meiriceánaigh tábhacht an chultúir sin. Sna nóchaidí chonaic sé altanna sna páipéir Éireannacha ag maíomh go raibh Éireannaigh bainteach le forbairt agus dul chun cinn na tíre ó thosach. Chuir na scéalta san ag macnamh é. Bhí suim aige sa stair ó aimsir a óige. Anois agus é ag taisteal na tíre i mbun oibre thosnaigh sé ag dul isteach sna leabharlanna aitiúla ag taighde feasa ar Éireannaigh. An raibh baint acu leis an áit? Cathain a thángadar? Cad a bhí idir lámhaibh acu? Léigh sé na sean pháipéir agus chuaigh sé ag piardáil sna cartlanna. Chuardaigh sé Meiricea ó lár go rinn.

I ndiaidh a chéile ba léir dó go raibh lámh nach beag ag na hÉireannaigh i dtionscnamh agus i bhforbairt na tíre seo cé nach raibh mórán ina dtaobh le feiscint sna leabhair staire. Chuir sé roimhe soiscéal na nÉireannach a scaipeadh. In 1906 thug sé léacht dár theideal "Irish Colonists in New York," ós comhair an New York State Historical Association. Sa bhliain chéanna thosnaigh sé ag scríobh altanna staire don Gaelic American. An bhliain dar gcionn scríobh sé a chéad phíosa don ‘American Irish Historical Society,’ "A Glance at some Pioneer Irish in the South." Bunaíodh an cumann seo i mBoston in 1897 agus bhí sé de chuspóir acu stair na nÉireannach sa tír seo a chuardach agus a fhoilsiú. Idir 1907 agus 1929 foilsíodh breis is céad alt ó láimh M. J. Ó Brien in iris an AIHS. In 1919 foilsíodh an leabhar ba thábhachtaí dár scríobh sé, "A Hidden Phase of American History."

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Le linn a shaoil fhada scríobh sé seacht leabhar a foilsíodh agus fágadh cúpla ceann eile gan foilsiú. Easpa airgid agus tacaíochta ba mhó ba chúis leis. Bhí saol achrannach aige. Toisc gur bhéas dó bheith ag snámh i gcoinne an tsrutha, ba mhinic a d’éireodh idir é agus stairithe eile. Sna triochaidí d’fhás easaontas idir Michael agus an AIHS agus thugadar a gcúl dá chéile. Beidh tuilleadh le rá agam faoi seo lá eile.

Mhair Michael J Ó Brien go dtí 1960. Bhí sé ceithre scór agus deich mbliana nuair a fuair sé bás. Bhí an Br. C. B. Ó Cuinn, Coláise Í, á rá liom nách raibh ach triúr, lasmuigh dá mhuintir, ar an tsochraid an lá a cuireadh é. Táim fíor buíoch den Bhráthair agus de Shéamas de Bláca as a gcabhair agus mee ag scríobh an phíosa seo. Sa bhliain 1962 bhronn iníon Michael, Kathleen Sheridan litreacha agus cáipéisí a hathar ar Choláiste Í, mar a bhfuil siad fós. Leanfad den scéal seo lá eile mar is scéal fíor-spéisiúil é. Ba ghníomhaí é Michael J. Ó Brien. Níl toradh a thaighde ná a dhian-shaothar tugtha chun críche fós.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese