OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Ná Mol is Ná Dímhol Daoi

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Tá scéal agam dhaoibh don tseachaint seo a fuarthas ó fhear ó mo cheantar féin i dtosach na haoise seo caite, fear darbh ainm Pádraigh Ó Conaill, nó Pató mar ab fhearr eolas air. Bainimse fós spórt as. Is léir go raibh meas mór ar an scéal seo mar tá dhá leagan déag de tógtha síos ag bailitheoirí béaloideasa. Gabhann sé mar seo.

Chónaigh i Midhe Ros, tráth, lánúin agus ní raibh acu ach aon mhac amháin agus amadán ab ea é. Nuair a fuair an t-athair bás chaith an mac beagán oibre a dhéanamh agus ba ró holc a bhí sé ábalta ar aon ní a dhéanamh. Bhí talamh agus stoc acu agus bhíodar chun bó a dhíol ar an aonach agus ní raibh aon duine eile chun an bhó a dhíol ach an t-amadán. Seáinín ab ainm dó.

Nuair a tháinig lá an aonaigh dúirt an Mháithrín leis an bhó a chomáint leis ar an aonach. "Cad air go ndíolfad í?" ar sé. "Ar t’anam," ar sise, "ná díol í gan an phingin is aoirde ar an aonach a fháil." "Tá go maith a Mháithrín," ar sé. Chomáin sé leis an bhó agus níorbh fhada go raibh sé i lár an aonaigh. Tháinig ceannaitheoir chuige agus d’fhiafraigh sé de cad air go ndíolfadh sé an bhó. "Ó! Dúirt mo mháithrín liom ar m’anam gan í a dhíol gan an phingin dob aoirde bheadh ar an aonach a fháil," ar sé. "Is fiú san í," arsan ceannaitheoir agus d’imigh sé uaidh agus fuair sé polla fada agus tháinig sé ar ais chun Seáinín agus chuir sé pingin in áirde i mbarra an pholla. Dúirt sé le Seáinín gurbh í sin an phingin ab aoirde ar an aonach. "Agus, ar nóin is í leis agus is leatsa an bhó," arsa Seáinín. Thóg sé an phingin agus seo faoi dhéin an bhaile é.

Ní raibh sé imithe i bhfad nuair a thug sé faoi ndeara cloch mhór ar thaobh an bhóthair. "Go deimhin le Dia, féach mar a bhfuil mo sheanathair agus gan aon chasóg air," arsa Seáinín, " má chíonn na daoine casóg orm-sa agus gan aon chasóg ort-sa beidh náire agam." Chaith sé de a chasóg agus chuir anuas ar an gcloch é agus dúirt "Cuir í sin ort a sheanathair." D’imigh sé leis abhaile gan aon chasóg. D’inis sé an scéal dá mháithrín, conas mar a fuair sé an phingin ab aoirde ar an mbó agus scéal na casóige. Dúirt sí leis imeacht láithreach agus an chasóg a fháil. Shíl sí go raibh an t-airgead aige sa chasóg.

D’imigh Seáinín ar ais ach ní raibh an chasóg ann. "Is dóca, a sheanathair, gur chuir tú mo chasóg fút," ar sé leis an gcloch. Níor thug an chloch aon fhreagra air, ní nach ionadh. Abhaile leis agus fuair cró agus pic agus thosnaigh sé ag polladh faoin gcloch agus ba ghearr go dtáinig sé ar fheircín óir. "Ó," ar sé leis féin, "dhíol sé mo chasóg, ach béarfad abhaile an t-ór agus tiocfad ag féachaint mo shean athar arís." Abhaile leis leis an bhfeircín. "A mháithrín," ar sé, dhíol sé mo chasóg ach tá an t-ór agam." Thóg sí an t-ór agus chuir faoin leaba é agus dúirt lena mac ar a bhás gan é a insint d’aon duine aon ní i dtaobh an óir. "Ná bíodh eagla ort ar sé agus ar ais leis go dtí an chloch. Chrom sé ar obair arís ag iarraidh a shean athair a ardú. Ba ghearr go dtáinig ministir gallda an treo agus bheannaigh sé do Sheáinín. Gan aon ró mhoill d’inis Seáinín an scéal dó agus go raibh an t-ór faoin leaba ag a mháithrín.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Chuir an ministir suim láithreach san ór. "Siúl leat agus taispeáin an tigh dom," ar sé le Seáinín. Bhí máithrín sa doras agus chonaic sí ag teacht iad agus bhí fhios aici go maith gur inis Seáinín mar gheall ar an ór. Níor dhein sí ach breith ar an ngrafán agus an ministir a leagadh. "Anois tá sé marbh agus ná hinis d’éinne é," ar sí lena mac. "Tá go maith," arsa Seáinín. Chuireadar an ministir agus d’imigh Seáinín faoi dhéin na cloiche agus casadh bean an mhinistir air. "An bhfaca tú an ministir," ar sise. "Ó, chonnac, bhuail mo mháithrín leis an ngrafán é agus tá sé curtha sa gháirdín aici," ar sé.

Ach cad a dhein a mháithrín nuair a d’imigh a mac ach an ministir a aistriú agus gabhar a chur ina áit. Bhí go maith. Tháinig Seáinín agus bean an mhinistir. "Tá sé anso," arsa Seáinín, ag déanamh ar an áit mar ar chuireadar é. "Bain an chré de," arsan bhean. Ba ghearr gur nochtadh an gabhar. "An raibh dhá adharc ar do mhinistir," arsa Seáinín. D’imigh an bhean agus í ar buile mar cheap sí gur ag magadh fúithí a bhí Seáinín.

Cheap an mháithrín ansan go raibh sé in am do Sheáinín pósadh. D’imigh sí ag triall ar an sagart agus dúirt sé go raibh aithne aige ar cháilín a phósfadh é. Bhí sise toiliúil. Phós an sagart iad agus mhaireadar go sona sásta. Sin é mo scéal is má tá bréag ann, bíodh.

Tá CD nua "Away ye go now!" ag Morning Star. Bhíos sa Bhéal Bocht an tseachtain seo caite nuair a sheoladar é. Bhí oíche mhór againn. I measc na sluaite bhí mo shean-cháirde Muiris Bric, Séamas Mac Cárthaigh, Helen Ní hÉ ó Radio na Gaeltacha, Don Meade, Deirdre Danagher Keating. I 1982 tháinig Mary Courtney, Gaelgeoir, ceoltoir agus sár-amhránaí agus beirt cheoltóirí eile den scoth, Margie Mulvihill ar an bhfeadóg agus Carmel Johnston ar an bhfidil, le chéile. Níorbh fhada go raibh clú agus cáil ar Morning Star. Tá Carmel imithe anois ach tháinig veidhleadóir cumasach ina háit, John Reynolds. Sa bhuíon freisin na l’thanta seo lena cháirdín tá an sár-cheoltóir John Nolan. Déanann siad ceol neamhaí. Molaim-se an CD go hard na spéire.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese