OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Rí na n-Éan

February 16, 2011

By Staff Reporter

Dreoilín, dreoilín, rí na n-éan,

Is mór é a mhuirín, is beag é féin.

Éirigh suas a bhean a’ tí;

Beir ar scian na coise buí,

Agus gearr amach píosa don dreoilín.

Le Barra Ó Donnabháin

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Is iomaí scéal faoin dreoilín i mbéaloideas na hÉireann. Tá trí shaghas scéil ann a ghabhann leis; 1- Conas mar a fuair an dreoilín an teideal "Rí na n-Éan;" 2- An dreoilín nách n-íochann as a chuid fiacha; 3- Scéal an "Luichín agus an Dreoilín" nó "Cogadh na n-Éan" mar a thugtar air go minic. Bhí píosa agam cheana (03/31/99) faoi #2 — dreoilín a raibh leisce air íoch as síol a fuair sé ar iasacht ó Mháirín an Trúis. Inniú táim chun sampla den dá shaghas eile a thabhairt dhaoibh. Is as Co. Mhuigh Eo don chéad cheann agus b’é Seán Ó Ruadháin a chuir ar phár é, 70 bliain ó shoin. As Co. na Gaillimhe an tarna ceann.

Píosa a bhíos a léamh i mBéaloideas 1996-1997 a chuir i mo cheann an t-alt seo a scríobh. "The Irish Wren Tales and Ritual — To pay or not to pay the debt of nature," ag Sylvie Muller. Is píosa rí-shuimiúil é. Deir sí go dtéann na scéalta seo siar i bhfad go dtí ré na bpágánach. Bhí scéal Rí na n-Éan ag ‘sop féin. Tá siad le fáil i ngach teanga Eorpach ach tá níos mó díobh le fáil in Éirinn ná aon áit eile. Deir Sylvie go bhfuil baint acu le sean searmanais phágánta. D’fhág an Chríostaíocht a stampa orthu cinnte. De réir an tseanchais scéith an dreoilín ar an Slánaitheoir agus de dheasca san mharaítí é Lá Nollag. Ach i dtosach, b’ íobairt do chumhachtaí an Dúlra, thar ceann an duine, a bhí sa tsearmanas seo, deir Sylvie.

‘Fadó, fadó chuir éin an domhain cruinniú ar bun le rí a thoghadh. Thángadar ar fad as gach aird, idir bheag agus mhór agus bhí cruinniú ann nách bhfacthas a leithéid cheana ariamh , roimhe nó ina dhiaidh. Bhíodar ansan ar feadh i bhfad ag cur agus ag cúiteamh agus ag conspóid, agus ní rabhadar ag teacht le chéile ar an gcaoi ab fhearr leis an rí a thoghadh. Ar deireadh bhí sé ag éirí mall agus gan tada déanta, agus cuid desna héin a raibh bealach fada le dul abhaile acu, theastaigh uathu a bheit ag imeacht.

Ansin sea labhair an crotach agus dúirt sé gur cheart dóibh ar fad éirí in áirde san ‘r agus an t-éan is airde a d’eitleódh go mba cheart dóibh ar fad glacadh leis mar rí. Mholadar uiligh an chomhairle sin agus ghlacadar léi d’aon ghuth.

Bhí an dreoilín ar feadh an ama seo agus gan gíog as ach cluas le héisteacht air agus gan focal ar bith ag dul uaidh dá raibh na héin eile á rá. Dúirt sé ina intinn féin nach mbeadh seans aige, ní nach ionadh, eitilt chomh hard leis na héin mhóra chnámhacha chrúbacha a bhí sa chruinniú ach chuimhnigh sé ar seift. B’é an t-iolar an t-éan ba mhó agus ba láidre dá bhfaca sé ann, agus i ngan fhios dó-san cad a rinne sé ach eitilt suas go dtí an áit a raibh sé agus chuaigh sé i bhfolach ar a dhroim.

Nuair a thoisigh an choimhlint chuadar suas suas, suas gur imíodar as amharc talún. Bhí cuid acu ag éirí tuirseach agus b’éigin dóibh filleadh ar ais, ach chuaigh na héin ba láidre ar aghaidh giota maith eile. Theip orthu uilig ar deireadh thiar ach amháin ar an iolar, agus chuaigh seisean suas giota maith thar an gcuid eile. Nuair a chonnaic sé go raibh buaite aige d’fhógair sé amach in ard a chinn: "Is mise Rí na n-Éan." Nuair a chuala an dreoilín an t-urlabhra sin d’éirigh sé de dhruim an iolair, agus d’eitil suas píosa mór eile, i riocht agus nach raibh an t-iolar féin in ann dul chomh fada leis. D’fhág sin an dreoilín riamh ó shoin ina rí ar éin na cruinne.’

Nár ghasta an t-éan é. Bhí sé lán ealaín. Ach de réir cuid desna scéalta d’íoch an dreoilín as an seift cé go bhfuair sé an choróin. Deir siad gur chuir an t-iolar faoi gheasaibh é. "Cuirim-se faoi gheasaibh thú gan a dhul níos aoirde ná barr an chlaí go bráth." Agus go bhfios dom ní fhacathas aon cheann acu ag eitilt níos aoirde ná sin ó shoin i leith.

Bhí feirmeoir ins an tír seo fadó agus bhí mórchuid obair le déanamh aige, agus theip air aon fhear a fháil a dhéanfadh aon bhlas oibre dhó. Chuaigh sé amach lá ag siúl na talún nó gur chas dreolín dó. "Go mbeannaí Dia dhuit," arsan dreoilín, "ní bhreathnaíonn tú ró shásta ar maidin." "Dá mbeadh an oiread coirce le bualadh agat-sa is atá agamsa," a deir an feirmeoir, "ní bheifeá féin ró-shásta ach oiread." "Rachaidh mise ag bualadh coirce dhuit," arsan dreoilín. "Maith go leor," a deir an feirmeoir.

D’ardaigh sé leis agus d’imigh an dreolín ina dhiaidh. Chuaigh siad ag an stábla a raibh coirce an fheirmeora ann. Thug sé súiste dhó agus thosaigh an dreoilín ag bualadh an choirce agus an chéad iarraidh a bhuail sé ar an gcoirce, leag sé gráinne as. D’éirigh francach amach as an mballa agus d’ith sé an gráinne. "Leag as an obair sin," a deir an dreoilín. Thosaigh an dreoilín arís agus leag sé dhá ghráinne as. D’éirigh an francach amach as an bhfalla agus d’ith sé an dá ghráinne.

"Nár dhúirt mé leat cheana," a deir an dreoilín, "leag as an obair sin." Thosaigh siad ansan in éadan a chéile nó gur fhógair an dreoilín cogadh ar an bhfrancach agus d’fhógair an francach cogadh ar an dreoilín. Bhailigh an dreoilín gach a raibh d’éanacha ar an talamh agus bhailigh an francach gach a raibh de bheithígh.

Thosaigh an cogadh ar maidin agus bhí an cogadh ar siúl nó go raibh sé ina lá, lá arna mhárach. Faoi sin ní raibh beo desna héin ach iolar tromghonta amháin. Shábháil rí óg an t-iolar ón mbás. (IFC 1025:416-44,Galway 1946)

I gcuid mhaith desna scéalta seo, nuair a théarnaíonn an t-iolar, tugann sé marcaíocht don rí óg go dtí tír iontach thar farraige i gcéin mar a bhfaigheann sé bean chéile áluinn dó féin. Ádh mór!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter