OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Sean-Fhocail

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le C. B. Ó Cuinn, Colaiste Í

Daoine a tógadh le G’ilge is minic sean-fhocail ar a mbéal acu. Gaois na n-aoiseanna atá iontu, sruth comhfheasa cine a léiríonn pearsanacht naisiúnta dá chuid féin. Tá cuid dena sean-fhocail ann leis na cianta agus tá an oiread san measa ag an nGael orthu gur minic a chuireann sé clabhsúr le haragóint ach seanfhocal a tharraingt chuige, mar "Níor saraíodh an sean-fhocal riamh."

B’fhéidir nách fíor i gcónaí é nách féidir na sean-fhocail a shárú. Is minic iad ag bréagnú a chéile. Féach a liacht díobh a bhaineann leis an gcontrárthacht idir an dúchas agus an oiliúint (nature versus nurture). Conspóid atá bríomhar beo san lá inniu. Dar lena a lán gur "Treise dúchas ná oiliúint," go "mBriseann an dúchas trí shúile an chait," agus "Dá mbeadh síoda ar an ngabhar gur gabhar i gcónai é." Ar an dtaobh eile deirtear linn: "Gach duine mar a oiltear" agus "Mol an óige agus tiocfaidh sí."

Ní hionadh blas na tuaithe a bheith ar a lán acu, mar is faoin dtuaith a cumadh a bhformhór. I gcistin feirme níl aon rud níos cóngaraí do dhuine ná an doras. An mhuinín a bhí ag G’il as Dia atá le brath ar nathanna mar seo: "Is giorra cabhair Dé ná an doras." "Is treise Dia ná dóchas." "Roinneann Dia na subhailcí," agus "meileann muilte Dé go mall ach meileann siad go mionn." Ach ba chóir do dhuine a thuiscint nách leoa "Aithrí tóirní" mar "De réir do bheatha is ea beidh do bhás."

De réir na staire bhí áit ar leith ag na mná i saol na tíre. Is iomdha sean-fhocal ar an mbantracht, ar an ngrá agus ar an bposadh. Nách fíor é gur "Folamh fuar é teach gan bhean, " agus nách "Mairg nách ndéanann comhairle dea-mhná." Is san fhilíocht is fearr a gheibhtear trácht ar an ngrá. Ní taise dona sean-fhocail an teama céanna: "Bíonn an grá dall." "Tús grá síordhearcadh." "Ceileann an grá ainimh is locht." Ní foláir nó duine searbhúsach éigin a chum "Mo ghrá thú, rud agat." Is beag den mhaoithneachas atá sna ráitis a chuireann síos ar an bposadh: "Ná pós bean ar a spré agus ná pós bean gan í, "Cailín óg agus a teanga ina póca go bpósfaidh sí," "Ní hí an bhreáthacht a chuireann an corcán ar fiuchadh." Is ón gcaidreamh a fhásann idir an lánúin a tháinig an nath seo: "Ní haitheantas go haontíos."

Sainthréith bhunúsach den dúchas Gh’lach ab ea bua na féile agus na fláithiúlachta. "Failte Uí Cheallaigh" is cóir a chuir roimh an stróinséir. Comhairlítear dúinn gur "Tosach féile fairsinge" agus "Nuair is gann an bia is féile a roinnt," agus "Níor chaill fear an chroí mhóir é," agus gur "Minic croí fial ag lámha folamha." Is beag meas a bhí ar an duine doicheallach: "Ní bhfaigheann lámh iata ach dorn dúnta," agus gurb é "An té is mó oscalaíonn a bhéal, is é is lú osclaíonn a sparán." Má tá tabharthas le bronnadh ag duine, deineadh sé le croí maith mór é agus ná bíodh sé mar "Thabhartas Uí Bhriain agus a dhá shúil ina dhiaidh." Ní miste a mheas gur duine doicheallach a bhí in aigne an fhile nuair a chúm sé an rann seo:

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Mo chreach, a Dhiarmaid Uí Fhloinn,

Nách tú atá ar dhoras Ifrinn,

Ós tú nách ligfeadh neach dod chóir,

San áit a mbeifeá id dhoirseoir.

Ar ndóigh, cuirtear fáilte roimh an duine a thagann ar cuairt ach má thagann an cuairteoir ro-mhinic cuireann sé brú ar an bhfáilte. Féach an t-imeartas focal lena gcuireann an file síos ar an ábhar seo. (tig = tar).

Ólaim do shláine a mhinic a thig!

Faoi thuairim do shláinte a mhinic nách dtig!

Is é mo dhíth is mo dhó nách é minic nách dtig

A thig chomh minic le minic a thig!

———————————

(PS Ag trácht ar shean-fhocail; fuaireas CD Sean-fhocal le déanaí ó Mhaitias Mac Cárthaigh agus Máirtín Mac Oiste. Bhunaigh an bheirt seo comhlacht beag i nGaeltacht Chiarraí chun CDanna a bhaineann le cultúr a chur ar fáil. Sheoladar an Bíobla Naofa ar CD-ROM i mí Aibreáin 1998. Tá an tarna ceann — an CD Seanfhocal —- le fáil anois agus beidh Nuastair na hÉireann le fáil go luath. Bhíos ana thogtha leis na sean-fhocail mar tá cnúsach brea acu ann agus tá an leagan amach thar cionn. Tá eolas ann don duine líofa agus don fhoghlaimeoir. Ta breis is cúig céad sean-fhocal ar an CD agus gabhann aistriuchán agus míniúchán le gach ceann acu. Fara sin tá cainteoirí dúchais le cloisint á léamh. Is féidir le duine aon cheann acu a sheinm arís is arís eile go mbionn sé aige. Chun cóip a fháil cuir scairt ar Aingeal ag 212-274-1923 nó féach "Fiosfeasa.com" ar an Idirlíon.— Barra)

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese