OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Seán Ó hEochaidh agus an Seanchas Beo

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhí Seán Ó hEochaidh ag bailiú béaloideasa i gCloich Cheannfhaola sa bliain 1941 nuair a chuir sé aithne ar Mhicí Mac Gabhann. Murach an teagmháil sin, seans maith nach mbeadh scéal Mhicí -an sár leabhar "Rotha Mór an tSaoil" — againn inniu. Seán a spreag Micí chun scéalaíochta agus dob é a bhreac síos an scéal uaidh. Deir sé sa réamhrá gur de thaisme a scríobhadh an leabhar ach creidim féin gur de chinniúint a thárla sé. De bharr na teagmhála phós sé Anna Nic Gabhann, iníon Mhicí in 1943. Bíonn lámh ag an bhFear thús i dtaismí den tsort sin.

Is ina cheantar dúchais féin, i dTeilionn, a thosaigh Seán ag bailiú béaloideasa do Choimisiún Béaloideasa Éireann i ndeireadh na dtriocaidí. Thug sé deich mbliana fichead ag bailiú seanchais "ó Cheann an Charraigín go Málainn Inis Eoghain, i bhfichid paróiste, ó shé chéad go leith seanchaí." Rinne sé obair éachtach. D’fhág sé cur síos suimiúil, in alt a scríobh sé do Feasta, Meitheamh 1966, ar an saibhreas eolais a bhí fós ag seanchaithe Thír Chonaill agus an tsuim a chuir an pobal ann. Luann sé Niall Ó Dubhthaigh mar shampla, sár seanchaí óna bhfuair sé an oiread sin seanchais. Chaith sé trí bliana ag tarraingt ar an fhear uasal seo agus scríobh sé "ar a laghad milliún go leith focal ar fad uaidh." Cuireadh cuid den tseanchas seo i gcló i Béaloideas Iml. XIII agus Iml. XVII.

Bhí an béaloideas fíor thábhachtach i saol na ndaoine i dTír Conaill nuair a thosnaigh Seán ar an obair. Ba pháirt é dá saol l’thúil. Chuir an pobal spéis sa bhéaloideas, i gceol, i rínce, agus i scéalaíocht. Bhíodh seanchaí nó beirt i ngach paróiste agus bhíodh neart ceolteoirí agus amhránaithe timpeall. Dálta réalta na haimsire seo bhíodh a lucht leanúna ag na hoirfidigh seo agus bhídís an mhórálach astu. Tá scéal gleoite ag Seán a léiríonn an mórtas seo.

"Bhí seanduine ina chónaí ar an bhaile arbh ainm dó Conall Mac Cuinnigeáin — Condaí Phroinsiais a thugadh muintir na háite air – seanchaí agus ceolteoir chomh maith agus a d’fhead a bheith taobh istigh de cheithre cladaigh na hÉireann ina lá. Ní raibh focal léinn no Béarla ina phluic, ach bhí na mílte líne filíochta aige de ghlanmheabhair. Scríobh an cigire Enrí Ó Muirgheasa síos míle líne uaidh, agus mar a dúirt se, ní raibh ansin ach sprúille den mhéid a bhí ar eolas aige. Le linn Conall a bheith ina cheoltóir chómh iomráiteach seo ní raibh cearn den dá pharóiste ina mbíodh bainis nó baisteadh, coirm nó ceartú ceoil, nach bhfaghadh sé cuireadh ann.

Tharla go raibh oíche mhór ceartú ceoil ar an Bhogach, i gCill Chartha, aon am amháin, agus mar ba ghnách ba é Conall ar thit sé ar a chrannclú pharóiste Glinne a sheasamh. Nuair a chuaigh sé i láthair, bhí fear as Cill Chartha ansin a bhí chomhair a bheith ionchurtha leis féin. Ar ndóiche bhí tréan bí agus dí ag gabháil agus do réir is mar bhítear á mbogadh, bhí an ceol ag éirí níb fhearr. Anonn i ndiaidh an mheánoíche fiafraíodh do Chonall an raibh a leithéid seo d’amhrán aige, agus siúd is go raibh na focla aige ní thiocfadh leis smaointiú ar an fhonn, ach ní thabharfadh sé a shásamh den slua aidhmhéil gur mar sin a bhí, agus dúirt sé leis an chuideachta go gceolfadh sé an t-amhrán a d’iarr siad air roimh mhaidin.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bhí an t-ól agus an ceol ag gabháil ar aghaidh, agus nuair a fuair sé alt, sciord sé amach agus níor bhain sé méar dá shrón go dtáinig sé ‘na Ceapaighe innseoir mo gharmháthair Máire Shéamais. Ar ndóiche, bhí sí sin ina luí ina codladh agus an chéad chodladh déanta aici san am ar bhuail Conall an doras; agus scairt sé léithe an raibh sí ina codladh. Chlis sí suas agus d’fhiafraigh sí cé bhí ansin. Ní raibh sé nua aici scairt den chineál seo a fháil in am antráthach. Ní raibh duine ar bith a mbíodh géibheann ar bith air nach dtarraingíodh uirthi.

"Mise Condaí," arsan fear a bhí amuigh, "an bhfuil a leithéid seo d’amhrán agat?" "Spréadh ort, a bhrealláin!" arsa sise. "Níl tú gan rud a bheith ag cur buartha ort fán am seo d’oíche. Ta sé agam," ar sise. "Caidé atá ort leis?"

D’innis sé di caidé mar bhí; go raibh sé thoir ar an Bhogach agus gur fiafraíodh dó a raibh an t-amhrán seo aige, agus nach dtabharfadh sé oiread de shásamh daofa agus go ndéarfadh sé nach raibh. "Agus anois," arsa seisean, "má cheolann tú dom é!"

Ceolfad agus fáilte," arsa sise, "más mar sin atá." Bhí sí féin chomh gonta leisean go seasfadh sí clú na háite. Shuigh sí suas sa leaba agus cheol sí an t-amhrán dó trí nó ceathair de chuarta.

Chuaigh Conlaí ar ais ‘na Bhogaigh, agus cheol sé an t-amhrán mar a dúirt sé.

Chuir an scéal fear as mo cheantar féin i gcuimhne dhom. Jack Roche ab ainm dó agus ba cheoltóir agus amhránaí, file agus rinnceoir é. Chum sé a chuid filíochta i mBéarla cé go raibh G’ilge aige — toisc is dóca nách raibh thar deichniúr sa pharóiste a thuigfeadh teanga a sínsir. An oíche airithe seo bhí comórtas mór ceoil agus damhsa san halla. Spreag duine éigin nó rud éigin Jack agus cé go raibh sé sách aosta chuir sé isteach ar na comórtais. Sheinn sé ar an bhféidhlín agus ar na píobaí, chas sé amhráin -cuid acu a chum se féin, bhain sé splancacha as an urlár ag damhsa. Bhuaigh sé lán doirn de bhoinn. Nuair a bhí deireadh ráite aige d’éirigh an luch éisteachta uiligh ina seasamh agus d’aon ghlór amháin d’ardaíodar liú molta. "Dia go deo leat, Jack!" "Mo cheol thú!" Ó bhí bród ar mhuintir an pharóiste. Sea, thug Jack le fios dóibh an óiche úd go raibh ceol eile seachas ceol na "Showbands" ar an saol. Ach bhí a ré thart agus d’imigh sé leis abhaile agus ní dóigh liom go ndeachaidh sé arís ar an stáitse. Mar sin fhéin, ba ‘exit’ le dealramh é. Thuigfeadh Séan Ó hEochaidh cás Jack, mar chonaic sé líon na seanchaithe agus an meas a bhí orthu ag dul i laghad in aghaidh na bliana.

Bhí Connallach éirimiúil ábalta eile, Pádraigh Ó Cearúil, a rá liom go bhfuil Seán ina steillbheatha go fóill i dTír Chonaill, bail ó Dhia air. Guím gach rath air mar táimíd-ne mar Gh’il go mór fá chomaoin aige. Chríochnód le focail Sheáin agus é ag trácht ar chora móra an tsaoil in 1966: "Ach siúd agus gur ceart dúinn cibé sú finne atá ag gabháil le dul chun cinn an tsaoil inniu a bhaint as chomh maith is atá ar ár gcumas, ba cheart dúinn mar sin féin súil a chaitheamh siar corruair agus smaoitiú nár bheag le rá agus nár shuarach eachtraíocht ár sinsir."

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese